European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Euro Digiteach

Ancaire a bheadh sa euro digtiteach dár gcuid airgid sa ré dhigiteach

Táimid ag obair le bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro chun a fhiosrú ar cheart euro digiteach a thabhairt isteach. Airgeadra digiteach bainc ceannais a bheadh ann, ar comhstádas leis an airgead tirim, ach i bhfoirm leictreonach. Bheadh an euro digiteach ann in éineacht leis an airgead tirim agus thabharfaí rogha eile do dhaoine leis chun íocaíochtaí a dhéanamh.

An príomheolas a bheidh uait

Céard a bheadh ann?

Modh íocaíochta leictreonach a bheadh ann a d’fhéadfadh aon duine sa limistéar euro a úsáid. Bheadh sé slán agus soláimhsithe, dála an airgid thirim. Toisc gur airgead bainc ceannais eisithe ag an mBanc Ceannais Eorpaigh a bheadh ann, bheadh sé éagsúil leis an “airgead príobháideach” ach thiocfadh le daoine cárta nó aip fóin a úsáid freisin chun íoc le euro digiteach.

An euro digiteach agus tábhacht an airgid bainc ceannais
Cén fáth a mbeadh euro digiteach ag teastáil uainn?

Táimid ag smaoineamh ar airgeadra digiteach bainc ceannais a sheoladh san Eoraip chun freagairt don éileamh méadaitheach atá ar íocaíochtaí leictreonacha sábháilte iontaofa. Dá n-eiseodh banc ceannais airgead digiteach, ancaire cobhsaíochta a bheadh ann le haghaidh córais íocaíochta agus airgeadaíochta. Ina theannta sin, neartódh euro digiteach ceannasacht airgeadaíochta an limistéir euro agus chothódh sé iomaíocht agus éifeachtúlacht in earnáil íocaíochta na hEorpa.

Príomhchuspóirí agus ceisteanna dearaidh
Céard iad na buntáistí agus na dúshláin a bheadh ann?

Toisc go bhfuil taighde fós á dhéanamh againn, níl sonraí uile an togra deiridh againn go fóill. Mar sin féin, tá machnamh go leor déanta againn faoi choincheap an euro dhigitigh agus ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a ghabhann leis. Is léir cheana féin gur cheart go mbeadh euro digiteach inrochtana, láidir, sábháilte, éifeachtúil agus i gcomhréir leis an dlí. Ba mhaith linn an leibhéal príobháideachais is airde a chinntiú leis freisin.

Tuarascáil faoin euro digteach
Cá seasaimid?

Cuireadh tús leis an gcéim fiosrúcháin i mí Dheireadh Fómhair 2021. Meastar go mairfidh sí thart ar dhá bhliain agus go dtiocfaidh deireadh léi i mí Dheireadh Fómhair 2023. Táimid ag fiosrú cén chaoi a bhféadfaí euro digiteach a dhearadh agus a leathdháileadh, agus an tionchair a d’fhéadfadh a bheith aige ar an margadh. Ansin, déanfaimid cinneadh tosú nó gan tosú le forbairt an euro dhigitigh féin.

Amlíne an tionscadail

Ceisteanna Coitianta

Cén chaoi a rachadh euro digiteach chun tairbhe dom? Cén chaoi a mbeadh an euro digiteach éagsúil le stablecoin agus le criptea-shócmhainní? An dtógfaí euro digiteach isteach in ionad an airgid thirim? Léigh freagraí na gceisteanna is coitianta anseo

An bhfuil tú ag obair sa réimse seo ar bhonn gairmiúil?

Rialachas agus Páirtithe Leasmhara

Le comhar fairsing le gníomhaithe margaidh, le lucht déanta beartas agus le reachtóirí, áiritheofar go bhfreastalóidh euro digiteach ar riachtanais na 
n-úsáideoirí. Sin an fáth a bhfuil sraith tionscnamh á seoladh againn chun teagmháil a dhéanamh leis an oiread páirtithe leasmhara agus is féidir.

Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara
Doiciméid agus turgnamh

Le linn chéim thástála an euro dhigitigh, cuireadh doiciméid chuimsitheacha agus anailís mhionsonraithe le chéile bunaithe ar an obair a rinneadh. Tabhair cuairt ar ár leathanach speisialta chun tuilleadh eolais a fháil.

Faisnéis don lucht gairme

An euro digiteach agus...

... criptea-shócmhainní

Ní criptea-airgeadra a bheadh sa euro digiteach, toisc go mbeadh banc ceannais ag tacú leis. Tá sainordú ag bainc cheannais luach an airgid a choinneáil, cibé acu más airgead fisiciúil nó airgead digiteach atá i gceist. Ní dhéanann aon insititúid lárnach ráthaíocht ná bainistíocht ar chriptea‑shócmhainní. Níl aon chinnteacht ann le criptea-arigeadraí go mbeidh tú in ann iad a aistriú in airgead tirim má bhíonn gá leis.

Céard is Bitcoin ann?

... infheistíochtaí

Ba cheart euro digiteach a úsáid go príomha mar mhodh íocaíochta seachas mar ionstraim le haghaidh infheistíochtaí airgeadais. Táimid ag fiosrú na ceiste sin go cúramach chun iarmhairtí diúltacha don earnáil airgeadais a sheachaint. Ba cheart go rachadh euro digiteach chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí ina iomláine.

An euro digiteach agus éabhlóid an chórais airgeadais

... íocaíochtaí uile-Eorpacha

Tá athrú ó bhonn ag teacht ar an gcaoi a ndéanaimid íocaíochtaí agus tá ról lárnach le glacadh ag bainc cheannais sa phróiseas sin. Is gá go mbeidh margadh iomaíoch agus nuálach ina bhonn faoi íocaíochta Eorpach, margadh a bheidh in ann éileamh tomhaltóirí a shásamh agus ceannasacht Eorpach a chaomhnú. Sa chomhthéacs sin tá straitéis chuimsitheach leagtha amach againn don ré dhigiteach.

Ár straitéis íocaíochtaí miondíola

Podchraoladh

Podchraoladh an Bhainc Ceannais Eorpaigh - Euro digiteach: céard é, cén uair agus cén fáth? (cuid 1)

An bhfuil gá le euro digiteach, agus má tá, cén fáth? Cén chuma a bheadh air? Cén difríochtaí a bheadh ann idir euro digiteach agus bealaí eile íocaíochta? Cuireann Katie Ranger, láithreoir an phodchraolta, na ceisteanna sin ar Evelien Witlox, saineolaí ar an euro digiteach.

Léigh tuilleadh

Gach leathanach sa rannóg seo