European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Íocaíochtaí agus margaí

Is rud fíor-riachtanach é do chuile dhuine a bheith in ann íocaíochtaí a dhéanamh go sábháilte

Braitheann íocaíochtaí ar fud an limistéir euro ar bhonneagar fíorleathan lena gcinntítear gur féidir cistí agus sócmhainní a aistriú ó áit amháin go háit eile go sábháilte. Bainistímid cuid den líonra sin agus coinnímid súil ar an gcuid eile de.

Leanaimid na margaí airgeadais freisin. Tugann sé sin eolas dúinn le haghaidh an phríomhchúraim atá againn praghsanna a choimeád cobhsaí, rud a chuireann le fás eacnamaíoch.

Euro digiteach

Leis an teicneolaíocht nua, tá athrú ag teacht ar na bealaí a ndéanaimid íocaíochtaí. Táimid ag iarraidh a chinntiú go leanfaidh daoine sa limistéar euro de rochtain saor in aisce a bheith acu ar mhodh íocaíochta a bhfuil glacadh uilíoch leis agus atá saor ó riosca — díreach ar nós airgead tirim, ach d’íocaíochtaí digiteacha.

Tuilleadh eolais faoi thionscadal an euro dhigitigh

Seirbhísí TARGET

Oibríonn an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro roinnt bonneagair margaidh airgeadais lena gcinntítear sreabhadh saor airgid, urrús agus comhthaobhachtaí ar fud na hEorpa. Seirbhísí TARGET a chuirtear ar na seirbhísí sin uile.

Céard iad seirbhísí TARGET?

Íocaíochtaí láithreacha

Bíonn daoine ag súil leis go seolfar airgead chomh tapa agus a sheoltar ríomhphoist. Sin an fáth a bhfuilimid ag obair chun íocaíochtaí láithreacha a thabhairt isteach do chuile dhuine sa limistéar euro. Is é TIPS ár seirbhís láithreach socraíochta íocaíochta atá ar fáil do bhainc. Le TIPS is féidir le daoine atá ina gcónaí sa limistéar euro airgead a aistriú laistigh de chúpla soicind.

Céard é TIPS?

Ráta gearrthéarmach euro (€STR)

Is é €STR an tagarmharc nua don ráta úis a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2019. Is léiriú é ar na costais a íocann bainc le chéile chun airgead a fháil ar iasacht thar oíche. Táthar ag súil leis go n-aistreoidh margaí airgeadais go hiomlán go dtí an ráta nua faoi dheireadh 2021.

Ráta gearrthéarmach euro (€STR)

Comhthaobhacht

Nuair a fhaigheann bainc airgead ar iasacht uainn, bíonn orthu comhthaobhacht leordhóthanach a chur ar fáil mar urrús. Ar mhaith leat a fheiceáil céard iad na comhthaobhachtaí a nglacaimid leo? An bhfuil staitisticí uait faoi na comhthaobhachtaí atá faighte againn?

Tuilleadh eolais faoi chomhthaobhacht

Cibearláidreacht

Tá riosca ag baint le cibirionsaithe do bhainc aonair agus don chóras airgeadais trí chéile. Is é sin an fáth a dtugaimid aird ar chibearláidreacht agus a gcuirimid tionscnaimh i gcrích a chuidíonn leis an earnáil airgeadais a bheith ullamh agus ar an airdeall.

Céard is cibearláidreacht ann?

Nuálaíocht

Féadfaidh buntáistí móra a bheith le nuálaíocht san earnáil airgeadais. Scrúdaímid nuálaíocht airgeadais agus an chaoi a bhfuil an nuálaíocht sin ag athrú an bhealaigh a n-oibríonn margaí airgeadais, nó an chaoi a bhféadfadh sí é a athrú. Ba mhaith linn a chinntiú freisin nach ndéanfaidh cur isteach teicneolaíoch dochar do chomhtháthú ná do chobhsaíocht.

Nuálaíocht airgeadais

Míniú ar an mbonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Féach i dtrí nóiméad mar a dhéanann bonneagar an mhargaidh Eorpaigh le haghaidh íocaíochta agus socraíochta urrús an saol níos éasca dúinn gach lá, fiú mura mbíonn sé le feiceáil go soiléir againn i gcónaí. Comhtháthú a dhéanamh indéanta.

Féach ar an bhfíseán

Lean ár n-aistear

Chun an nuacht is déanaí faoi Íocaíochtaí agus faoin mBonneagar Margaidh a fháil, lean muid ar ár gcainéil thiomnaithe. 

FÉACH TUILLEADH

Ag comhoibriú ar fud na hEorpa

Grúpaí teagmhála margaidh

Tá grúpaí teagmhála margaidh éagsúla bunaithe againn chun a chinntiú go gcuirtear ár mbeartas i bhfeidhm go rianúil agus go héifeachtúil. Leis na grúpaí sin is féidir linn labhairt le réimse rannpháirtithe sa mhargadh agus forbairtí sa mhargadh airgeadais domhanda a leanúint níos fearr.

Grúpaí teagmhála margaidh

Comhairliúcháin phoiblí

Iarraimid ionchur go minic faoinár gcinntí agus faoinár dtionscnaimh a bhfuil tionchar acu ar mhargaí airgeadais. Leis an teagmháil dhíreach sin is féidir linn leas a bhaint as léargais na ndaoine atá páirteach sna margaí sin nó a bhfuil suim acu iontu.

Féach ár gcomhairliúcháin reatha agus comhairliúcháin roimh seo
Breis eolais uait? Léigh an míniú uainn
Foghlaim tuilleadh
Céard é TARGET2?

Gach leathanach sa rannóg seo