Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Nótaí bainc atá damáistithe nó dúchsmálta

Nótaí bainc damáistithe

Oibríonn na bainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro chun a áirithiú gur fíornóta bainc é gach nóta bainc euro agus nach bhfuil siad damáistithe ná salach sula gcuirtear ar ais i gcúrsaíocht iad. Baineann na bainc cheannais leas as meaisíní uathoibrithe chun na nótaí bainc a fhaigheann siad a sheiceáil agus a shórtáil chun ardchaighdeáin cháilíochta a choinneáil. Déantar nótaí bainc atá salach nó damáistithe a scriosadh.

An féidir liom nótaí bainc nua a fháil ina n-áit nó aisíocaíocht a fháil?

Malartaíonn na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc euro nua ar nótaí a ndearnadh damáiste dóibh, a stróiceadh nó a loiteadh de thimpiste, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar roinnt critéir ar leith. Má tá níos mó ná leath de nóta bainc euro damáistithe i do sheilbh agat, nó más féidir leat a chruthú gur scriosadh an chuid den nóta bainc atá ar iarraidh, is féidir leis an mbanc ceannais náisiúnta nóta bainc nua a thabhairt duit ina áit. Ní thugtar nótaí bainc nua in áit nótaí bainc euro ar rinneadh damáiste dóibh nó ar loiteadh iad ceann ar aghaidh.

De ghnáth, ní chosnaíonn sé airgead ar bith nótaí bainc nua a fháil in áit nótaí atá damáistithe nó loite. Téigh i dteagmháil le do bhanc ceannais náisiúnta le haghaidh tuilleadh eolais.

Nótaí bainc dúchsmálta

An bhfuair tú nóta bainc riamh a bhí clúdaithe le dúch?

Má dhéanann duine éigin iarracht nóta bainc atá clúdaithe le dúch a thabhairt duit, ná glac leis mar is é is dóichí gur goideadh é. Gairis fhrithghadaíochta is cúis le smáil dhúigh a bheith ar roinnt nótaí bainc dúchsmálta mar thoradh ar ghníomhaíocht choiriúil. As córais chliste neodraithe nótaí bainc a thagann an dúch, a chuirtear ar siúl nuair a osclaíonn coirpigh coimeádán cosanta airgid thirim amhail uathmheaisín bainc nó carr armúrtha. Fágann na córais fhrithghadaíochta seo go mbíonn nótaí bainc goidte do-úsáidte agus gan luach ar bith, rud a laghdaíonn an baol go bhfulaingeoidh miondíoltóirí, bainc agus láimhseálaithe gairmiúla airgid thirim eile de dheasca coireachta.


D’ainneoin gur ceann de na modhanna is coitianta chun nótaí bainc goidte a dhéanamh do-úsáidte é an dúch, úsáidtear ábhair eile chun airgead tirim a chosaint freisin - gliú, mar shampla. Déanann gliú na nótaí bainc ar fad istigh i gcaiséad UMB a ghreamú dá chéile agus déanann bríce crua astu. Má dhéanann tú iarracht nóta bainc aonair a bhaint den bhríce, stróicfidh sé ina phíosaí.


Cén chaoi ar féidir nóta bainc dúchsmálta atá goidte a aithint?

Nuair a fhágann gaireas frithghadaíochta smál ar nóta bainc, súitear an dúch slándála isteach sa nóta bainc. Dath geal vialait, uaine, gorm, dearg nó dubh is mó a bhíonn ar dhúigh shlándála. Sileann an dúch ó na himill isteach i dtreo lár an nóta bainc de ghnáth agus fágann sé patrún saintréitheach ar an nóta. Uaireanta, fágann na ceimicí a úsáideann coirpigh chun an dúch a bhaint den nóta bainc drochdhath air. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh bundathanna na nótaí athrú, agus seans go ndéanfaí damáiste do chuid de na gnéithe slándála nó go gcaillfí ar fad iad.

An nóta goidte gach nóta bainc a bhfuil smál dúigh air?

Ní hea. Má tá smáil éadroma nó cúpla marc beag ar an nóta bainc agus má tá na himill slán, is é is dóichí gur timpiste is cúis leis na marcanna. Seans gur as peann a shil an dúch i gcás den tsórt sin, mar shampla, seachas as gaireas frithghadaíochta. Ní móide gur nótaí goidte iad seo agus is ceadmhach glacadh leo.


Céard faoi má thugann duine éigin nóta bainc dúchsmálta dom ar léir gur gaireas frithghadaíochta is cúis leis an smál?

  • Ná glac leis - iarr ceann eile ar an té a thug duit é. Ní féidir leat a bheith cinnte gurb é/í an duine a thairgeann duit é úinéir dlisteanach an nóta bainc.
  • Eitigh nótaí bainc atá tuartha nó a bhfuil drochdhath orthu, mar is é is dóichí go ndearna coirpigh iarracht smáil dhúigh a d’fhág gaireas frithghadaíochta ar an nóta a ghlanadh de trí na nótaí a ní nó a thuar.

  • Má tá glactha agat le nóta bainc dúchsmálta, ba cheart duit é a thabhairt chuig do bhanc féin nó chuig bainc ceannais náisiúnta agus an chaoi a bhfuair tú é a mhíniú don bhanc. Scrúdóidh an banc ceannais náisiúnta na nótaí bainc le fáil amach ar gaireas frithghadaíochta is cúis leis na smáil dhúigh agus seans go gcuirfidh an banc fios ar na póilíní, atá ábalta na nótaí bainc a úsáid mar fhianaise ina bhfiosrúcháin.

  • Seans nach mbeidh tú i dteideal cúiteamh a fháil má dheimhníonn na fiosrúcháin gur gaireas frithghadaíochta is cúis leis na smáil dhúigh. Ní féidir le bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc euro a bhfuil smál fágtha ag gairis fhrithghadaíochta orthu a mhalartú ach amháin ar bhun iarratais ó úinéir bunaidh an nóta bainc a d’fhulaing mar gheall ar an ngníomhaíocht choiriúil ba chúis le smálú na nótaí bainc.

  • Má dheimhníonn na fiosrúcháin nach gaireas frithghadaíochta is cúis leis na smáil dhúigh agus gurb amhlaidh a fágadh na marcanna air trí thimpiste, gheobhaidh tú nóta bainc nua nó cuirfear an t-airgead do shochar do chuntais bainc.

An bhfuil aon cheist eile agat? Seans go bhfuil freagraí do chuid ceisteanna le fáil in Airteagal 3 de Chinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le malartú nótaí bainc euro atá damáistithe.

Gach leathanach sa rannóg seo