Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Forléargas ar thaighde BCE

Is é an dea-thaighde bunchloch an dea-bheartais

Leis an taighde a dhéanaimid, comhcheanglaítear an barr feabhais acadúil leis an ábharthacht beartais – lena ndéantar díospóireacht phoiblí a mhúnlú agus cinntí a threorú ar mhaithe le gach duine san Eoraip. Táimid i measc na n-institiúidí is fearr ar fud an domhain i réimsí na heacnamaíochta airgeadaíochta, na baincéireachta agus na maicreacnamaíochta.

Taighde Eacnamaíoch

Tá taighde eacnamaíoch BCE mar bhonn agus mar thaca ag cinntí beartais agus cuireann sé díospóireacht phoiblí fheasach chun cinn trí fhoilseacháin, comhdhálacha agus líonraí taighde comhoibríocha.

Tuilleadh faoi thaighde eacnamaíoch in BCE

Taighde Dlíthiúil

Tá an taighde dlíthiúil i gcroílár na comhairle a chuireann Seirbhísí Dlí BCE ar fáil do chomhlachtaí cinnteoireachta BCE.

Tuilleadh faoi thaighde dlíthiúil in BCE

Páipéir taighde

Ó bhoilsciú go cobhsaíocht airgeadais, cuirtear anailís fhianaise-bhunaithe ar fáil lenár dtaighde chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais. Foilsímid ár dtorthaí go rialta i bpáipéir taighde éagsúla.

Forléargas ar pháipéir taighde

Feasachán Taighde

Tá rogha oibre a rinne eacnamaithe de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh le déanaí le fáil san Fheasachán Taighde. Foilsítear é ar bhonn míosúil agus cumhdaítear raon leathan ábhar eacnamaíoch agus airgeadais ann.

Léigh an Feasachán Taighde

Ár dtaighdeoirí

Déanann ár dtaighdeoirí anailís ardleibhéil ar raon leathan ábhar atá ábhartha do BCE. Cuireann a gcuid oibre bunchloch ar fáil do chinntí BCE i ngach réimse beartais. Faigh tuilleadh eolais faoi na taighdeoirí sin, cé hiad féin agus cén obair a bhíonn idir lámha acu.

Ár dtaighdeoirí
COMHDHÁLACHA AGUS SEIMINEÁIR
Faigh amach faoi na comhdhálacha agus seimineáir atá ar na bacáin againn agus faoin gcaoi ar féidir leat páirt a ghlacadh iontu

TAR AG OBAIR LINN

Deiseanna do thaighdeoirí

Oibrigh leis an mBanc Ceannais Eorpach

Má tá suim agat taighde a dhéanamh in BCE, bíonn deiseanna fostaíochta spreagúla agus dúshlánacha á dtairiscint againn le haghaidh eacnamaithe taighde, mar aon le tréimhsí oiliúna do mhic léinn agus comhaltachtaí do thaighdeoirí óga agus do scoláirí.

Fiosraigh na comhaltachtaí agus na deiseanna eile atá á dtairiscint againn

Gach leathanach sa rannóg seo