Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Bainistiú rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide

Déanaimid rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a thomhas, a bhainistiú agus a mheas d’fhonn praghsanna a choimeád cobhsaí agus bainc a choimeád sábháilte. Fiosraímid an gaol idir an dúlra, ár ngeilleagar agus bainc an limistéir euro.

Cén fáth a bhfuil rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra tábhachtach don Bhanc Ceannais Eorpach?

Bíonn tionchar ag an athrú aeráide agus ag cailliúint agus díghrádú an dúlra ar an gcaoi a bhfeidhmíonn ár ngeilleagar

Tarlaíonn sé sin mar thoradh ar dhá chineál riosca:

  • na rioscaí fisiciúla a bhaineann le haeráid atá ag athrú, lena n-áirítear eachtraí adhaimsire níos minice nó níos géire amhail tuillte, triomach, agus stoirmeacha, agus na rioscaí a bhaineann le meath na n-éiceachóras mar thoradh ar mheath feithidí pailnitheacha agus dífhoraoisiú
  • rioscaí an aistrithe ó aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de nó a eascraíonn as athruithe rialála a chuireann teorainn le saothrú acmhainní nádúrtha

Bíonn tionchar ag rioscaí a bhaineann leis an aeráid ar tháscairí maicreacnamaíocha amhail boilsciú, fás eacnamaíoch, cobhsaíocht airgeadais agus tarchur beartais airgeadaíochta. Bíonn tionchar acu freisin ar luach agus próifíl riosca na sócmhainní atá ar chlár comhardaithe an Eurochórais.

Is dócha go méadóidh cailliúint na bithéagsúlachta agus díghrádú na n-éiceachóras nádúrtha rioscaí a bhaineann leis an aeráid. Ní mór dúinn léargas a fháil ar na rioscaí seo agus ar an tionchar a bhíonn acu ar an ngeilleagar i gcoitinne agus ar an gcobhsaíocht airgeadais. 

Téann an t-athrú aeráide i bhfeidhm ar ár gcuid oibre mar bhanc ceannais agus mar mhaoirseoir.

Ní mór dúinn tionchar an athraithe aeráide ar an obair a dhéanaimid chun cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais a choinneáil a chur san áireamh. Is éard atá i gceist leis seo ceisteanna maidir leis an athrú aeráide a chur san áireamh:

  • san anailís agus sa chinnteoireacht a dhéanaimid
  • inár samhlacha maicreacnamaíocha, i réamh-mheastacháin agus i gcásanna féideartha
  • inár measúnú ar chobhsaíocht airgeadais
  • inár n-anailís ar bheartas airgeadaíochta agus i dtraschur an bheartais airgeadaíochta
  • inár great bainistíochta riosca

Tá sé tábhachtach dúinn freisin na rioscaí sin a thomhas agus monatóireacht a dhéanamh orthu chun sábháilteacht agus fóntacht earnáil baincéireachta an limistéir euro agus an chórais airgeadais ina iomláine a chosaint. Is orainne atá an fhreagracht a áirithiú gur féidir le bainc rioscaí a bhrath, a bhainistiú agus a nochtadh mar is ceart, lena n-áirítear na rioscaí sin a bhaineann leis an athrú aeráide.

Ní mór dúinn freisin rioscaí a bhaineann leis an aeráid a bhainistiú inár bpunanna féin.

Tá an aeráid agus an dúlra idirspleách ar a chéile: tá an t-athrú aeráide ina bhagairt bhreise ar ár n-éiceachórais agus cuireann díghrádú nádúrtha dlús leis an athrú aeráide. Mar bhanc ceannais agus mar mhaoirseoir baincéireachta, ní mór dúinn freisin iniúchadh a dhéanamh ar an ngaol idir an aeráid, an dúlra, ár ngeilleagar agus bainc an limistéir euro.

Cad atá á dhéanamh ag an 

mBanc Ceannais Eorpach chun rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide a bhainistiú?

Ag coigeartú ár gcuid oibríochtaí beartais airgeadaíochta

Tá ár gcumais measúnaithe riosca á bhfeabhsú againn, lena n-áirítear neamhchosaintí ar riosca aeráide a bhainistiú ar chlár comhardaithe an Eurochórais agus measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a léiríonn na rátálacha creidmheasa a úsáidimid breithnithe maidir leis an athrú aeráide. I gcás inarb iomchuí, cuirimid tionchar an athraithe aeráide san áireamh inár gcreat cur chun feidhme beartais airgeadaíochta freisin, lena gcumhdaítear ár gceannach sócmhainní agus ár gcreat comhthaobhachta.

Preasráiteas

Tástáil struis aeráide agus measúnú ar rioscaí airgeadais a bhaineann leis an athrú aeráide

Reáchtálaimid tástálacha struis ar chlár comhardaithe an Eurochórais, ar na bainc a dhéanaimid maoirseacht orthu agus ar an ngeilleagar i gcoitinne. Cuidíonn sé seo linne agus le daoine eile neamhchosaint ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid a thuiscint agus a bhainistiú, chomh maith le rioscaí sistéamacha gaolmhara don chóras airgeadais. Ar an mbealach sin, táimid in ann níos mó cinntí a dhéanamh a bhfuil bonn eolais fúthu. Déanaimid staidéar freisin ar spleáchas an gheilleagair agus an chórais airgeadais ar an dúlra.

Ag feabhsú ár samhaltú agus ár sonraí

Tá táscairí a bhaineann leis an athrú aeráide foilsithe againn chun cáilíocht agus infhaighteacht sonraí aeráide a fheabhsú. Ina theannta sin, cuirimid feabhas leanúnach ar ár samhaltú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide agus chailliúint agus dhíghrádú an dúlra ar ár ngeilleagar.

Táscairí a bhaineann leis an athrú aeráide

Ag áirithiú go mbainistíonn bainc rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide

Inár ról mar mhaoirseoir baincéireachta, áirithímid go bhfuil cur chuige sábháilte stuama ag na bainc maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a shainaithint, a mheasúnú agus a bhainistiú, agus go bhfuil siad trédhearcach maidir leis na rioscaí a bhfuil siad neamhchosanta orthu a nochtadh.

An t-athrú aeráide agus an mhaoirseacht baincéireachta

Gach leathanach sa rannóg seo