European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ár gcur chuige i leith cuspóirí aeráide

Chun ár gcuspóirí aeráide a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go bhfuil ár gcinntí dírithe agus éifeachtach, teastaíonn uainn ar dtús anailís a dhéanamh maidir le tionchar an athraithe aeráide. Don chuspóir seo teastaíonn sonraí agus modhanna samhaltaithe iontaofa.

Tá rioscaí a bhaineann leis an aeráid deacair a thomhas agus a shamhaltú mar tagann siad chun cinn thar an bhfadtéarma agus tá siad neamhlíneach, domhanda agus an-éiginnte. Mar sin féin, is léir dúinn ón eolaíocht go bhfuil gníomh de dhíth anois.

Cén chaoi a bhfuil an Banc Ceannais Eorpach ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán seo?

Úsáidimid cur chuige tríchodach chun ár gcuspóirí aeráide a bhaint amach, rud a chabhraíonn linn gníomh a dhéanamh láithreach bonn agus spás a chur ar fáil ag an am céanna chun ár gcuid eolais a fheabhsú agus beartais a choigeartú ina dhiaidh sin.

Cuirimid FEABHAS ar shonraí a bhaineann leis an aeráid

Táimid ag cur sraith de tháscairí aeráide tosaigh ar fáil don earnáil airgeadais mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn cáilíocht agus cainníocht sonraí a bhaineann leis an aeráid a fheabhsú nuair is féidir linn.

Cuirimid FEABHAS ar ár n-anailís

De réir mar a fheabhsaíonn sonraí a bhaineann leis an aeráid, oibrímid chun ár múnlaí macra-eacnamaíocha, ár n-anailís ar chásanna agus ár measúnú riosca a fheabhsú. Cabhraíonn sé seo linn míniú níos fearr a thabhairt ar rioscaí aeráide, chomh maith leis na deiseanna a fhéadfaidh an t-aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin a thabhairt leis.

De réir mar a mhéadaíonn ár dtuiscint, is féidir linn sa deireadh thiar cinntí beartais níos eolaí a dhéanamh.

Déanaimid ár mbeartais a CHOIGEARTÚ

Bunaithe ar ár n-anailís, is féidir linn gníomh a dhéanamh i réimsí a fheictear dúinn a bheith oiriúnach. I measc na réimsí seo tá bannaí corparáide, ár n-infheistíochtaí féin, agus ár lorg timpeallachta féin.

De réir mar a fheabhsaíonn sonraí agus samhaltú a bhaineann leis an aeráid, déanfaimid ár mbeartais a choigeartú dá réir. Fágann sin go dtiocfaidh fás agus forbairt ar ár straitéis aeráide le himeacht ama.

Gach leathanach sa rannóg seo