Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tuarascáil Bhliantúil

Déantar cur síos sa Tuarascáil Bhliantúil ar chúraimí agus ar ghníomhaíochtaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus tugtar tuairisc inti ar bheartas airgeadaíochta an Eurochórais. Is in earrach na bliana dár gcionn a fhoilsítear í de ghnáth agus cuireann duine de chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í ag éisteacht phoiblí.

2025

I bhfigiúirí

2.1%

Bhog an boilsciú foriomlán i dtreo ár sprice 2 %

Thit an boilsciú foriomlán go 2.1 % in 2025, ag bogadh níos gaire do sprioc mheántéarmach 2 %.

Tuilleadh eolais faoin mboilsciú
-100bonnphointe

Rinne BCE a phríomhrátaí beartais a ísliú tuilleadh

Ghearr BCE a phríomhrátaí úis 100 bonnphointe sa chéad leath de 2025, rud a thug an ráta saoráide taisce go 2.00% faoi mhí an Mheithimh i bhfianaise comharthaí boilscithe a bheith ag bogadh go hinbhuanaithe i dtreo sprioc 2 %.

Ár mbeartas airgeadaíochta
83%

Bhí an tacaíocht don euro ar an leibhéal is airde riamh

I suirbhé Eorabharaiméadair earrach 2025 ón gCoimisiún Eorpach, thacaigh 83 % de dhaoine sa limistéar euro leis an euro – méid a bhí níos airde ná riamh.

Ár gcuntasacht

Cur i láthair do Pharlaimint na hEorpa

Léigh an óráid a thug Luis de Guindos uaidh os comhair an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta nuair a chuir sé an Tuarascáil Bhliantúil i láthair.

Léigh an óráid

An tuarascáil iomlán

Féach siar ar a bhfuil déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach agus léigh ár measúnú ar chúrsaí geilleagrach le bliain anuas.

Féach Tuarascáil Bhliantúil 2025 ina hiomláine

Ráiteas aiseolais

Sa ráiteas aiseolais seo, a foilsíodh tráth ar cuireadh Tuarascáil Bhliantúil BCE 2025 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, tugtar freagraí ar na saincheisteanna a tharraing Parlaimint na hEorpa anuas agus ar na hiarrataí a rinne sí ina rún maidir le Tuarascáil Bhliantúil na bliana roimhe sin.

Léigh an ráiteas iomlán

Cuntais Bhliantúla

Léirítear ár staid airgeadais agus torthaí ár n‑oibríochtaí sna cuntais bhliantúla. Is cuid dár dTuarascáil Bhliantúil iad ach foilsítear níos luaithe iad, i mí Feabhra. Féach ar an eisiúint is déanaí agus ar na heisiúintí roimhe seo.

Cuntais Bhliantúla
FÉACH FREISIN

Tuilleadh eolais faoi ábhar gaolmhar

Oibleagáidí tuairiscithe

Is institiúid neamhspleách é an Banc Ceannais Eorpach a bhfuil sé de rogha aige a ionstraimí a úsáid de réir mar is gá chun a chúraimí agus a shainordú a chomhlíonadh. Is gá cuntasacht a bheith ann in éineacht leis an neamhspleáchas sin.

Cuntasacht

Craoltaí gréasáin

Tagann Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus comhaltaí eile ón mBord Feidhmiúcháin os comhair Pharlaimint na hEorpa go minic.

Éisteachtaí i bParlaimint na hEorpa

Gach leathanach sa rannóg seo