An t-athrú aeráide, díghrádú an dúlra agus BCE
Tá rún daingean againn an t-athrú aeráide agus díghrádú an dúlra a chur san áireamh, laistigh dár sainordú.
Tá riosca ag gabháil leis an athrú aeráide agus le díghrádú an dúlra dár ngeilleagar agus don earnáil airgeadais. Ní mór dúinn measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na rioscaí seo agus ag an aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de ar ár ngeilleagar, ionas gur féidir linn cuntas a thabhairt ar an tionchar atá acu inár gcuid oibre mar bhanc ceannais agus mar mhaoirseoir baincéireachta. Cabhróidh sé seo linn praghsanna a choinneáil cobhsaí agus na bainc a choinneáil sábháilte.
Ár gcur chuige
Táimid ag gníomhú cheana féin in aon chás inar féidir laistigh dár sainordú. Agus déanaimid ár gcuid oibre ar an aeráid agus ar an dúlra a oiriúnú go leanúnach i gcomhréir leis na feabhsuithe leanúnacha ar na sonraí agus ar na samhlacha a úsáidimid chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra a thuiscint.
Gníomhaíocht leanúnach maidir leis an straitéis aeráide agus dúlra in BCE
Ár straitéis aeráide agus dúlra
Tá sonrú déanta againn ar thrí réimse fócais a threoraíonn ár gcuid oibre aeráide agus dúlra.
Tuilleadh eolais faoin straitéisMaoirseacht baincéireachta
Mar chuid dár ról maoirseachta, táimid freagrach as deimhin a dhéanamh de go ndéanann na bainc a gcuid rioscaí a bhainistiú, lena n-áirítear na rioscaí sin a eascraíonn as an athrú aeráide agus as díghrádú an dúlra. Is é sin an fáth a mbíonn ceisteanna aeráide agus dúlra san áireamh againn inár maoirseacht.
Tuilleadh eolais faoin aeráid, faoin dúlra agus faoin maoirseacht baincéireachtaCosaint an chomhshaoil
Tá an lorg comhshaoil a bhaineann lenár ngníomhaíochtaí corparáideacha laethúla á laghdú go gníomhach againn.
Tuilleadh eolais faoi chosaint an chomhshaoilÁr nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid
Mar chuid dár dtiomantas don trédhearcacht agus do na cuspóirí aeráide atá againn, nochtaimid faisnéis go rialta faoi lorg carbóin ár n-infheistíochtaí agus faoi na rioscaí a bhaineann leo don aeráid.
Tuilleadh faoinár nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráidStraitéis agus comhordú inmheánach
An tIonad um Athrú Aeráide
Chuireamar ar bun an tIonad um Athrú Aeráide chun cabhrú lenár gclár oibre aeráide agus dúlra a mhúnlú agus a stiúradh, trí obair agus saineolas a thabhairt le chéile ó réimsí éagsúla gnó.
Preasráiteas faoin Ionad um Athrú AeráideAn nuacht is déanaí faoin athrú aeráide
FÉACH THÍOS