Nótaí bainc amach anseo
Tar éis 20 bliain, tá sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuma atá ar ár gcuid nótaí bainc chun go mbeidh sé éasca ag Eorpaigh de gach aois agus cúlra luí a bheith acu leo.
Tugadh na chéad nótaí bainc euro isteach ar an 1 Eanáir 2002. Anois, breis agus 20 bliain dár gcionn, táimid ag ullmhú le haghaidh sraith nua nótaí bainc. Tá an pobal agus saineolaithe araon gníomhach sa phróiseas. Is í Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh a dhéanfaidh an cinneadh deiridh i dtaobh an téama agus na ndearthaí; socrófar dáta seolta na sraithe nua amach anseo.
Comórtas deartha do nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo
Sheolamar comórtas deartha do nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo, comórtas a bhí oscailte do gach dearthóir grafaicí a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach. Tá céim an iarratais thart anois agus táimid tar éis cuireadh a thabhairt do dhearthóirí páirt a ghlacadh i gcéim an deartha. Tá go dtí deireadh mhí Aibreáin 2026 ag na dearthóirí roghnaithe a dtograí dearaidh a chur isteach.
An próiseas athdheartha
I mí na Nollag 2021, d’fhógraíomar pleananna chun ár nótaí bainc euro a athdhearadh. Caith súil ar na céimeanna éagsúla sa phróiseas agus faigh amach conas is féidir leatsa páirt a ghlacadh ann sula ndéantar an cinneadh deiridh.
Cén fáth a dteastaíonn nótaí bainc nua uainn?
Tá nótaí bainc nua á bhforbairt againn lena chinntiú go bhfanfaidh siad chomh slán, chomh héifeachtúil agus chomh hinbhuanaithe agus is féidir.
Straitéis airgid thirim an EurochóraisAg éisteacht leis an bpobal
I samhradh 2023 rinneamar dhá shuirbhé ar roghanna an phobail maidir leis na seacht dtéama a chuir an Chomhairle Rialaithe ar an ngearrliosta.
Féach ar an tuarascáilPodchraoladh BCE
Nótaí bainc euro amach anseo, mínithe go beacht
An raibh a fhios agat go bhfuil athdhearadh le déanamh ar na nótaí bainc euro? Cén chuma a bheidh ar nótaí bainc euro amach anseo, cén fáth a bhfuil siad de dhíth orainn, agus cén uair is féidir linn iad a úsáid? Cuireann ár n-óstach, Stefania Secola, na ceisteanna sin ar an saineolaí cumarsáide nótaí bainc, Sarai Artiles.
Éist leis an eipeasóid phodchraolta seoAN BHFUIL AN NUACHT IS DÉANAÍ Á LORG AGAT FAOI NA NÓTAÍ BAINC A BHEIDH ANN AMACH ANSEO?