Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An bhearna inscne sa litearthacht airgeadais

Tá rún daingean againn aghaidh a thabhairt ar an mbearna inscne sa litearthacht airgeadais. Idir bhuiséadú agus choigilt, shiopadóireacht agus infheistiú, más eol duit conas a oibríonn cúrsaí airgid tá an chumhacht agat féin cinntí eolasacha a dhéanamh sa saol laethúil.

Is é sin an fáth a ndéanaimid ár ndícheall cúrsaí eacnamaíocha a bheith inrochtana agus sothuigthe. Ar an leathanach seo, tá eolas ar fáil duit i dtaobh rátaí úis, boilsciú agus coincheapa eacnamaíocha eile ar bhealach soiléir sothuigthe, ionas gur féidir leat a bheith muiníneach as do thodhchaí airgeadais. 

Tá ardleibhéal litearthachta airgeadais ag duine as gach cúigear Eorpach

Ach níl ach 15% de na mná sa chatagóir seo i gcomparáid le 27% de na fir.

Cad is brí leis an mbearna inscne sin do mhná?


Tuilleann mná san Eoraip 12.7% níos lú ar an meán
Tá 80% níos mó de sheans ann go rachaidh mná ar scor agus iad beo bocht
Níl an oiread ban i róil cheannaireachta
Is lú an seans go n-iarrfaidh mná ardú pá
  1. Foinse na ngrafaic faisnéise: Rhoades, A. (2024 Márta 08). Mná agus litearthacht airgeadais: Closing the gender gap N26. Ar fáil: https://n26.com/en-eu/blog/women-and-financial-literacy-closing-the-gender-gap

Glac páirt i Lá Idirnáisiúnta na mBan!

Tá an tEurochóras ag eagrú ócáide i gcomhair Lá Idirnáisiúnta na mBan agus dúshlán siúil chun aird a tharraingt ar an mbearna inscne sa litearthacht airgeadais – is féidir leat páirt a ghlacadh iontu!

Ócáid Lá Idirnáisiúnta na mBan

Bhí ócáid BCE ar siúl an 2 Márta 2026. Phléigh an tUachtarán Lagarde agus aíonna ardleibhéil an bhearna inscne sa litearthacht airgeadais, labhair siad ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir leis na cúig ghealltanas a comhaontaíodh anuraidh agus d'iarr siad gníomhaíocht chomhordaithe bhreise a dhéanamh ar fud an Eurochórais.

Féach ar an ócáid

Dúshlán Siúlóide EuroSteps

Réidh chun turas fionnachtana airgeadais a dhéanamh de do choiscéimeanna laethúla? I dteannta na mbanc ceannais náisiúnta, tugaimid cuireadh duit páirt a ghlacadh i nDúshlán Siúlóide EuroSteps – tionscnamh spreagúil chun an litearthacht airgeadais a chur chun cinn i measc thíortha uile an limistéir euro.

Cláraigh leis an tionscnamh seo

An geilleagar agus do chinntí airgeadais

Tá roinnt cásanna hipitéiseacha gairide curtha le chéile againn chun cabhrú leat cinntí eolasacha airgeadais a dhéanamh. Déantar scrúdú iontu sin ar shaincheisteanna mar cén fáth a n-ardaíonn praghsanna agus cén fáth ar féidir le coigilteas luach a chailleadh.

Geit sna hollmhargaí

Téann tú chuig an ollmhargadh agus tuigeann tú go bhfuil na praghsanna ag méadú. Cén chúis atá leis seo?

Boilsciú is cúis leis. Ardaíonn praghsanna nuair a thagann méadú ar chostais fuinnimh, iompair nó táirgthe.

In BCE, oibrímid chun smacht a choinneáil ar an mboilsciú ionas go mbeidh praghsanna cobhsaí.

Luach do chuid coigiltis

Tá tú ag cur airgid ar leataobh, ach mothaíonn sé go bhfuil do chuid choigiltis ag cailleadh a luacha. Cén chúis atá leis seo?

Is iad na rátaí úis a shocraíonn a thapúla a fhásann coigilteas. Más airde an boilsciú ná an ráta úis, téann cumhacht cheannaigh do chuid airgid i léig le himeacht ama. Ciallaíonn sé sin nach féidir leat an oiread a cheannach leis an méid céanna airgid.

Ceannaigh anois, íoc ar ball

Tá tú ag cuimhneamh ar fhón nua a cheannach trí bhíthin plean íocaíochta faoinar féidir leat méid beag a íoc gach mí.

Ach má tá a lán de na fiacha beaga sin ort – agus go háirithe má tá fiacha níos mó ort freisin – b’fhéidir go rachfá i bhfostú i ndeacrachtaí airgeadais. Ach buiséadú cúramach a dhéanamh, d’fhéadfá deimhniú a fháil ar an méid atá tú in acmhainn a íoc. 

Ligean do do pháirtí aire a thabhairt do do chuid airgeadais

Bainistíonn do pháirtí do chuid airgid agus níl baint agat féin le cinntí airgeadais.

Má fhágann tú an bainistiú airgid agus cúrsaí airgeadais faoi do chéile nó do pháirtí – nó faoi dhuine ar bith eile – d’fhéadfá a bheith i staid leochaileach. D’fhéadfadh mí-úsáid eacnamaíoch a bheith mar thoradh air fiú. Is cineál cosanta agus cumhachtaithe é do chuid airgeadais féin a bhainistiú!

Éist lenár n-eipeasóidí podchraolta faoin mbearna inscne

Gach leathanach sa rannóg seo