Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna Coitianta faoin euro digiteach

Nuashonraithe an 30 Deireadh Fómhair 2025

Cuspóir agus tairbhí an euro dhigitigh

Cur chun feidhme agus feidhmiúlacht

Dul chun cinn agus páirtithe leasmhara

Tionchar agus breithnithe

C1. Cén fáth a bhfuil an euro digiteach de dhíth ar an Eoraip?

Agus íocaíochtaí digiteach ag éirí níos coitianta sa saol inniu, tá meath ag teacht ar úsáid an airgid thirim agus dlús á chur leis an athrú i dtreo siopadóireachta ar líne. Bheadh an euro digiteach ina fhoirm dhigiteach airgid thirim, rud a thabharfadh rochtain do thomhaltóirí ar airgead bainc ceannais agus a chuirfeadh le nótaí bainc agus boinn.

Dhéanfadh an euro digiteach an saol níos éasca do dhaoine trí rud éigin nach ann dó faoi láthair a sholáthar: modh íocaíochta digiteach a nglactar go huilíoch leis ar fud an limistéir euro, le haghaidh íocaíochtaí i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine. Díreach cosúil le hairgead tirim, bheadh an euro digiteach inrochtana, saor in aisce le húsáid agus íocaíochtaí a dhéanamh nó a fháil, agus beidh stádas dlíthairisceana ag an euro digiteach chomh maith.

Thairis sin, chaomhnódh an euro digiteach ceannasacht airgeadaíochta an limistéir euro trí bhorradh a chur faoi éifeachtúlacht éiceachóras íocaíochtaí na hEorpa ina iomláine, rud a chothódh nuálaíocht agus a chuirfeadh lena hathléimneacht i gcoinne cibirionsaithe agus suaitheadh teicniúil.

Tuilleadh eolais faoin gcúis a bhfuil euro digiteach de dhíth orainn.

C2. Conas a d’fhéadfadh an euro digiteach cur le neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa?

Chuirfeadh an euro digiteach réiteach íocaíochta uile-Eorpach ar fáil, a bheadh ar fáil ar fud an limistéir euro, faoi rialachas Eorpach agus soláthraithe Eorpacha a oibreodh é.

Tá íocaíochtaí digiteacha sa limistéar euro ilroinnte i gcónaí, agus iad éagsúil ó thír go tír agus de réir an cháis úsáide. Níl réitigh íocaíochta dhigiteacha náisiúnta le haghaidh íocaíochtaí in siopaí ag níos mó ná leath de mhargaí náisiúnta an limistéir euro, agus níl sé ag cuid acu ach amháin le freastal ar na margaí náisiúnta agus cásanna sonracha úsáide. Ciallaíonn sin nach mór do thomhaltóirí brath ar líon beag cuideachtaí neamh-Eorpacha leis an tionchar sa mhargadh. Cabhródh an euro digiteach le spleáchas na hEorpa ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochtaí neamh-Eorpacha a laghdú, agus thabharfadh sé an rogha do dhaoine réitigh Eorpacha a úsáid.

Trí chaighdeáin oscailte agus bonneagar poiblí le haghaidh íocaíochtaí digiteacha a sholáthar, d’fhéadfadh an euro digiteach cur ar chumas soláthraithe réitigh uile-Eorpacha, rud a dhéanfadh timpeallacht íocaíochtaí na hEorpa níos iomaíche agus níos nuálaí.

Ar an iomlán, d’fhéadfadh an euro digiteach ceannródaí domhanda maidir le hairgeadais digiteach a dhéanamh d’Eoraip.

C3. Cén fáth a mbeadh daoine ag iarraidh an euro digiteach a úsáid?

Bheadh an euro digiteach ina réiteach íocaíochta do gach ócáid, le húsáid ag am ar bith agus áit ar bith sa limistéar euro – díreach cosúil le hairgead tirim, ach réidh don ré dhigiteach. Is modh íocaíochta digiteach a nglacfaí leis go huilíoch a bheadh ann a d’fhéadfadh tomhaltóirí a úsáid saor in aisce i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine. Thabharfadh sé an rogha do dhaoine íoc go digiteach, agus úsáid á baint fós as modh íocaíochta poiblí. Agus bheadh sé ar fáil ar líne agus as líne araon.

Dhearfaí an euro digiteach ionas go mbeadh an tslándáil agus an príobháideachas is mó is féidir ann, i gcomhréir leis na dianchaighdeáin atá leagtha síos san Aontas Eorpach – an áit leis na dlíthe slándála agus príobháideachais is láidre ar domhan.

Ní dhéanfadh an tEurochóras daoine a shainaithint bunaithe ar a gcuid íocaíochtaí. Thairis sin, ní bheadh ach an t-íocóir agus an t-íocaí ar an eolas faoi shonraí idirbheart pearsanta ó íocaíochtaí sa euro digiteach as líne.

Bheadh an euro digiteach sábháilte agus, mar earra poiblí, d’áiritheodh sé rochtain ar fáil do gach tomhaltóir, is cuma cén áit a bhfuil cónaí orthu nó a leibhéal scileanna digiteacha nó airgeadais. D’fhreastalódh an euro digiteach ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus orthu siúd nach bhfuil rochtain acu ar chuntas bainc, chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine sa lár.

Lena chinntiú go mbeadh an euro digiteach inúsáidte agus go mbeadh fáil air ar fud an limistéir euro, tuartar sa dréacht-thogra reachtach a thíolaic an Coimisiún Eorpach go mbeidh ar aon cheannaí a ghlacann le híocaíochtaí digiteacha glacadh go sainordaitheach leis agus go ndéanfaidh bainc é a dháileadh go sainordaitheach lena gcuid custaiméirí.

C4. An dtiocfadh an euro digiteach in ionad airgead tirim?

Chuirfeadh an euro digiteach le hairgead tirim, ní thiocfadh sé ina áit. D’fheidhmeodh an euro digiteach taobh le hairgead tirim mar fhreagairt ar éileamh atá ag fás ó dhaoine ar mhaith leo a bheith in ann íoc go digiteach, ar bhealach atá tapa agus slán. Leanfadh airgead tirim de bheith ina dhlíthairiscint, agus bheadh sé fós ann in aice leis an euro digiteach agus modhanna íocaíochta leictreonacha príobháideacha eile atá ann faoi láthair.

Taispeántar le hathdhearadh na nótaí bainc atá á dhéanamh faoi láthair, le gnéithe slándála feabhsaithe, go bhfuil an Banc Ceannais Eorpach tiomanta do thodhchaí an airgid thirim. Is díol sásaimh don Bhanc Ceannais Eorpach an Pacáiste Airgeadra Aonair ón gCoimisiún, lena gcaomhnaítear saoirse rogha ag daoine idir airgead tirim agus an euro digiteach nuair a íocann siad le hairgead bainc ceannais.

Tuilleadh eolais faoi straitéis airgid thirim an Eurochórais agus próiseas athdeartha na nótaí bainc ar leathanach nótaí bainc amach seo ar shuíomh gréasáin BCE.

C5. Cén luach a chuirfeadh an euro digiteach ar fáil do cheannaithe?

Bheadh an euro digiteach ina réiteach uile-Eorpach, rud a chuirfeadh ar chumas ceannaithe a dtáirgí agus seirbhísí a mhargú do chustaiméirí ar fud na hEorpa le heispéireas íocaíochta atá réidh agus comhsheasmhach. Laghdódh sé an spleáchas ar réitigh íocaíochta neamh-Eorpacha trí rogha mhalartach Eorpach a thairiscint, rud a chuirfeadh ceannaithe i riocht níos láidre chun caibidlíocht a dhéanamh ar na coinníollacha le soláthraithe seirbhíse íocaíochta, agus ar an gcaoi sin a gcostais féin a laghdú.

Agus an euro digiteach á fhorbairt, tá an Banc Ceannais Eorpach ag obair go dlúth le ceannaithe agus a n-ionadaithe. Cuirtear san áireamh sa dearadh an euro dhigitigh na rudaí is tábhachtach do cheannaithe, amhail an comhtháthú réidh leis na córais atá ann cheana, an éascaíocht úsáide agus an athléimneacht íocaíochta. Chuirfeadh an euro digiteach ar chumas na gceannaithe íocaíochtaí a fháil láithreach gan costais bhreise, fiú gan nasc idirlín.

Tuilleadh eolais ar ár rannpháirtíocht le geallsealbhóirí maidir le hoiriúint an euro dhigitigh sa tuarascáil éiceachórais íocaíochta agus ár dtaighde úsáideoirí le ceannaithe beaga.

C6. Cén luach a chuirfeadh an euro digiteach ar fáil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta?

Bheadh ról lárnach ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna) faoi mhaoirseacht, amhail bainc, maidir leis an euro digiteach a dháileadh. Ghníomhóidís mar phríomhphointe teagmhála do dhaoine aonair, do cheannaithe agus do ghnólachtaí maidir le gach saincheist dhigiteach a bhaineann leis an euro agus dhéanfaidís gach seirbhís úsáideora deiridh.

D’fhéadfadh an euro digiteach deiseanna gnó breise a chur ar fáil do PSPanna, rud a thabharfadh rochtain láithreach ar fud an limistéir euro dóibh.

Leis an ardán nuálaíochta BCE, léirítear féidearthacht an euro dhigitigh an margadh íocaíochta Eorpach a aontú agus samhlacha nua gnó a chur ar fáil trí chaighdeáin chomhchuibhithe agus tacú le forbairtí teicneolaíocha a thiocfaidh chun cinn amach anseo. Tá BCE ag baint úsáid as torthaí an ardáin nuálaíochta chun cur le forbairt bhreise an euro dhigitigh.

Mar sin, d’fhéadfadh an euro digiteach feidhmiú mar ardán le haghaidh PSPanna seirbhísí breisluacha a fhorbairt laistigh dá dtairiscint (m.sh. íocaíochtaí coinníollacha nó cláir dhílseachta).

Thairis sin, cuirtear dreasachtaí eacnamaíocha ar fáil do PSPanna leis an tsamhail chúitimh don euro digiteach, mar a thuartar i ndréacht-thogra reachtach an Choimisiúin Eorpaigh, atá inchomparáide le modhanna íocaíochta digití eile.

Tuilleadh eolais ar ár rannpháirtíocht le PSPanna maidir le hoiriúint an euro dhigitigh sa tuarascáil éiceachórais íocaíochta.

C7. Conas a d’oibreodh an euro digiteach?

Chuirfeadh an euro digiteach ar chumas daoine íocaíochtaí sábháilte meandaracha a dhéanamh i siopaí fisiciúla agus ar líne agus idir daoine aonair, beag beann ar an tír ina bhfuil siad sa limistéar euro nó ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil cuntas acu leis.

Is é an chéad chéim a bheadh i gceist do thiachóg euro dhigitigh a shocrú suas trí do bhanc, oifig phoist nó soláthraí seirbhíse íocaíochta eile.

Nuair a bheidh do thiachóg euro dhigitigh euro socraithe suas agat, beidh tú in ann airgead a chur isteach trí chuntas bainc nasctha nó trí airgead tirim a thaisceadh. Bheadh tú in ann ansin íocaíochtaí a dhéanamh le do thiacóg euro dhigitigh, mar shampla trí d’fhón póca nó trí chárta cliste.

Bheadh íocaíochtaí digiteacha euro sábháilte agus láithreach i gcónaí – bíodh siad le déanamh i siopaí fisiceacha, i siopaí ar líne nó idir daoine.

Chuirfeadh an euro digiteach feidhmiúlachtaí ar líne agus as líne araon ar fáil, rud a d’fhágfadh go bhféadfá é a úsáid fiú agus droch-chomhartha gréasáin agat, nó nuair nach bhfuil comhartha gréasáin ar bith agat. Thairis sin, ní bheadh sonraí idirbheart pearsanta maidir le híocaíochtaí sa euro digiteach as líne ar eolas ach ag an íocóir agus ag an íocaí, rud a sholáthródh leibhéal príobháideachais atá cosúil le hairgead tirim.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibreodh an euro digiteach.

C8. Cé a bheadh in ann an euro digiteach a úsáid?

Mar a luaitear sa togra reachtach a thíolaic an Coimisiún Eorpach, chuirfí an euro digiteach ar fáil do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’eintitis phoiblí a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i mBallstát sa limistéar euro ar bhonn sealadach nó buan.

D’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ag daoine a thaistealaíonn chuig an limistéar euro chun críocha pearsanta nó gairmiúla, ar an euro digiteach freisin.

Thairis sin, féadfaidh daoine, gnólachtaí agus eintitis phoiblí atá ina gcónaí nó bunaithe lasmuigh den limistéar euro rochtain a fháil ar an euro digiteach trí chuntais euro dhigitigh a oscailt le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe nó ag feidhmiú i dtír atá ina Ballstát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó i dtríú tír, faoi réir comhaontú arna thabhairt i gcrích roimh ré idir an tAontas agus tríú tír lena mbaineann, agus/nó socruithe arna dtabhairt i gcrích idir an Banc Ceannais Eorpach agus an banc ceannais náisiúnta i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro nó i dtríú tír.

C9. Cé chomh príobháideach is a bheadh an euro digiteach?

Tá an príobháideachas ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de dhearadh an euro dhigitigh.

Tá an euro digiteach ceaptha le bheith in ann feidhmiú as líne ar bhealach a thabharfadh leibhéal príobháideachais atá cosúil le hairgead tirim d’úsáideoirí, chun airgead a sheoladh chuig daoine eile agus chun íocaíochtaí a dhéanamh i siopaí. Agus iad ag íoc as líne, ní bheadh sonraí idirbhirt phearsanta na n-íocaíochtaí a rinneadh ar eolas ach ag an íocóir agus ag an íocaí. Chuirfeadh an soláthraí seirbhíse íocaíochta (PSP) is dáilteoir seiceálacha frithsceimhlitheoireachta i gcrích le linn an phróisis maoinithe agus dímhaoinithe, díreach mar atá i gcás le haistarraingtí agus taiscí in airgead tirim sa lá atá inniu ann.

I gcás na n-idirbheart ar líne, ní dhéanfadh an tEurochóras úsáideoirí ag déanamh nó ag fáil íocaíochtaí a shainaithint, agus ar an gcaoi sin a sonraí pearsanta a chosaint, ach bheadh PSPanna in ann úsáideoirí a shainaithint chun críche na rialacha in aghaidh an sciúrtha airgid a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, ní bheadh an tEurochóras in ann idirbhearta sa euro digiteach a nascadh go díreach le daoine aonair sonracha, bíodh sin ar líne nó as líne.

Rialófaí an euro digiteach le rialacháin de chuid an Aontais atá ceaptha chun cothromaíocht a bhaint amach idir an príobháideachas agus an tslándáil. Leis an gcur chuige sin, coinnítear cosaintí láidre ar ghníomhaíochtaí aindleathacha agus, ag an am céanna, cosnaítear príobháideachas an duine aonair.

Foghlaim tuilleadh faoin euro digiteach agus an príobháideachas.

C10. Conas a chinnteodh an Banc Ceannais Eorpach go mbeadh an euro digiteach ionchuimsitheach agus inrochtana?

Rud maith a bheadh san euro digiteach don phobal, mar atá i nótaí bainc agus boinn airgid sa lá atá inniu ann, ach i bhfoirm dhigiteach. Tá an euro digiteach agus aip an euro dhigitigh á dhearadh ag BCE le bheith cuimsitheach chun a áirithiú go bhfuil úsáideoirí in ann íocaíochtaí a dhéanamh i ngach uile chás. Chomhlíonfadh aip an euro dhigitigh leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht le béim ar inrochtaineacht chognaíoch chun a áirithiú gur féidir le gach duine foghlaim go tapa faoi conas an aip a úsáid.

Bunaithe ar taighde úsáideoirí, mar aon le hidirghníomhaíochtaí leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí abhcóideachta tomhaltóirí, cuimsítear le dearadh an euro dhigitigh riachtanais na dtomhaltóirí leochaileacha. Leag eagraíochtaí béim ar réiteach inrochtana go huilíoch, dearadh iomasach agus tacaíocht ar an láthair. Bheadh rochtain saor in aisce ar sheirbhísí bunúsacha an euro dhigitigh ar fáil do dhaoine nach bhfuil cuntas bainc acu, rud a dhúnfadh an bearna eisiata dhigitigh atá ann do dhaoine aonair nach bhfuil aon seoladh seasta acu nó tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta.

Faoin dréachtreachtaíocht a thíolaic an Coimisiún Eorpach go mbeadh ar bhainc a dháileann an euro digiteach seirbhísí bunúsacha digiteacha íocaíochta euro a chur ar fáil saor in aisce ar iarratas óna gcustaiméirí.

Dhéanfaí an euro digiteach ar bhealach ina mbeadh sé in ann freastal ar riachtanais gach duine, gan aon duine a fhágáil ar lár.

C11. Conas a chinnteodh an Banc Ceannais Eorpach go n-oibreodh íocaíochtaí sa euro digiteach ar an mbealach céanna ar fud an limistéir euro?

Bheadh soláthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna) faoi mhaoirseacht, amhail bainc sa limistéar euro, freagrach as an euro digiteach a dháileadh. Chun a áirithiú go gcuirtear scéim an euro dhigitigh chun feidhme ar an mbealach céanna ar fud an limistéir euro ar fad, tá leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh á forbairt ag an Eurochóras i bpróiseas comhoibríoch agus atriallach le rannpháirtithe sa mhargadh. Leis an leabhar rialacha, bhunófaí sraith aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta chun bunseirbhísí comhsheasmhach sa euro digiteach a áirithiú ar fud an limistéir euro, rud a chuirfeadh eispéireas aonfhoirmeach ar fáil d’úsáideoirí gan beann ar an mBallstát as a dtagann siad nó an PSP lena mbaineann – mar is amhlaidh i gcás airgead tirim sa lá atá inniu ann.

C12. An airgeadra malartach a bheadh san euro digiteach laistigh den Eurochóras?

Ní bheadh. Díreach mar nach airgeadra eile iad nótaí bainc agus boinn, ach cineálacha éagsúla den airgeadra céanna, bheadh an euro digiteach ina bhealach eile le híoc in euro. D’fhreastalódh an euro digiteach ar an éileamh atá ag daoine agus ag gnólachtaí ar rogha chun íocaíochtaí a dhéanamh go digiteach.

Faigh tuilleadh eolais faoi roghanna íocaíochta na ndaoine sa staidéar ar an dearcadh i leith íocaíochta atá ag tomhaltóirí sa limistéar euro (SPACE).

C13. Cén nasc a bheadh idir íocaíochtaí láithreacha agus an euro digiteach?

Sa lá atá inniu ann, nuair a dhéanann tomhaltóirí íocaíochtaí leictreonacha i siopaí, ní fhaigheann na ceannaithe a gcuid airgid láithreach. D’athródh an euro digiteach é sin – dhéanfaí gach íocaíocht sa euro digiteach ar an toirt.

Chiallódh an tacar aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta atá á bhforbairt le haghaidh an euro dhigitigh, go bhféadfaí réitigh íocaíochta meandaracha a fhorbairt tuilleadh chun go mbeadh rochtain ag tíortha uile an limistéir euro orthu. Laghdódh sé sin spleáchas na hEorpa ar líon beag chuideachtaí príobháideacha neamh-Eorpacha atá i gceannas ar earnáil na n-íocaíochtaí faoi láthair.

C14. Conas a d’oibreodh ailtireacht theicniúil an euro dhigitigh, agus an mbeadh sé bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte amhail blocshlabhra?

D’oibreodh an euro digiteach ar ardán socraíochta láraithe agus dhéanfadh an tEurochóras gach socraíocht agus sealúchas a thaifeadadh agus a fhíorú. Mar dhliteanais dhíreach den Eurochóras, tá sé tábhachtach go mbeidh an euro digiteach i dtiachóga na ndaoine sábháilte d’fhonn muinín a choinneáil sa euro agus sa Eurochóras araon.

Níl an euro digiteach bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT), ach baineann sé úsáid as príomhphrionsabail dearaidh ó DLT chun chur leis an athléimneacht agus leis an éifeachtúlacht agus chun feidhmíocht agus iontaofacht fhoriomlán an chórais a fheabhsú.

Bheadh ailtireacht theicniúil an euro dhigitigh bunaithe ar chaighdeáin sheanbhunaithe. Áiritheoidh leagan amach ilréigiúin, ina mbeidh roinnt freastalaithe ag gach réigiún, freastalaithe iad a théann i bhfad níos faide ná samhlacha caighdeánacha iomarcaíochta, leanúnachas seirbhíse i ngach uile chás.

C15. Cén staid ag a bhfuil tionscadal an euro dhigitigh faoi láthair?

Tá tionscadal an euro dhigitigh ag bogadh ar aghaidh. Le céim an ullmhúcháin, a seoladh i mí na Samhna 2023 agus a cuireadh i gcrích i mí Mheán Fómhair 2025, cuireadh forbairt agus foghlaim theicniúil chun cinn trí thástáil. Chuir an obair seo leis na roghanna dearaidh agus na ceanglais theicniúla a sainíodh le linn chéim an imscrúdaithe.

Ag tógáil ar chéim an imscrúdaithe agus céim an ullmhúcháin, tá dul chun cinn anois á déanamh ag an Eurochóras ar obair theicniúil, rannpháirtíocht sa mhargadh a dhoimhniú agus leanúint le tacú leis an bpróiseas reachtach. Tá sé mar aidhm againn a bheith réidh don chéad eisiúint féideartha an euro dhigitigh le linn 2029, ag glacadh leis go nglacfar leis an reachtaíocht is gá maidir le bunú an euro dhigitigh le linn 2026.

C16. Cé atá páirteach i dtionscadal an euro dhigitigh?

Is é is aidhm ag an Eurochóras – an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro – a chinntiú go bhfreastalóidh an euro digiteach ar riachtanais na n-úsáideoirí. Ar an gcúis sin, téann an tEurochóras i dteagmháil go rialta le lucht ceaptha beartas, reachtóirí, rannpháirtithe sa mhargadh, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus baill den phobal a bhainfeadh úsáid as an euro digiteach ar deireadh.

Baineann comhthéacsanna éagsúla leis an socrú seo, amhail an Bord um Íocaíochtaí Miondíola Euro, lena dtugtar le chéile páirtithe leasmhara ó gach cearn de mhargadh íocaíochtaí miondíola na hEorpa, agus an Grúpa Forbartha an Leabhair Rialacha, grúpa ina bhfuil gairmithe sinsearacha ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha le taithí i gcúrsaí airgeadais agus íocaíochtaí (féach C18).

Bíonn an Banc Ceannais Eorpach i dteagmháil go rialta freisin leo a leanas:

Glacann an Banc Ceannais Eorpach páirt go rialta i gcruinnithe an Ghrúpa Euro le hairí airgeadais thíortha an limistéir euro agus cuireann sé na nuashonruithe is déanaí ar thionscadal an euro dhigitigh faoi bhráid an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus Parlaimint na hEorpa.

Léigh tuilleadh faoi rialachas tionscadail agus faoi rannpháirtíocht páirtithe leasmhara.

C17. Conas a bhíonn reachtóirí Eorpacha rannpháirteach sa phróiseas?

An 28 Meitheamh 2023, thíolaic an Coimisiún Eorpach an Pacáiste Airgeadra Aonair ina leagtar amach tograí chun tacú le húsáid airgid thirim agus chun creat a bhunú le haghaidh euro digiteach féideartha. Is díol sásaimh do BCE go bhfuil togra maidir le ról an airgid thirim a neartú ag gabháil le togra an euro dhigitigh, toisc go mbeadís ina ndlíthairiscint agus ina bhfoirmeacha d’airgead bainc ceannais araon. Is é is cuspóir don reachtaíocht atá beartaithe a chinntiú go dtabharfadh aon euro digiteach a bheidh ann amach anseo an rogha do dhaoine agus do ghnólachtaí íoc go digiteach trí úsáid a bhaint as cineál airgid poiblí a bhfuil glacadh fairsing leis agus atá saor, slán agus athléimneach áit ar bith sa limistéar euro.

Cuireann an Banc Ceannais Eorpach tacaíocht agus ionchur teicniúil ar fáil le linn an phróisis reachtaigh, de réir mar is gá. Breithneoidh an tEurochóras aon choigeartuithe a theastaíonn ar dhearadh an euro dhigitigh a thiocfaidh as plé reachtach.

Ní dhéanfaidh Comhairle Rialaithe an BCE cinneadh maidir leis an euro digiteach a eisiúint nó gan é a eisiúint go dtí go nglacfar leis an Rialachán maidir leis an euro digiteach a bhunú.

C18. Cén chaoi a bhfuil leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh á fhorbairt?

Tá an tEurochóras ag forbairt an dréacht-leabhair rialacha i ndlúthchomhar le hionadaithe ón margadh íocaíochtaí miondíola Eorpach trí Ghrúpa Forbartha an Leabhair Rialacha (RDG).

Tá an RDG, atá comhdhéanta d’ionadaithe sinsearacha ó chomhlachais Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar thaobhanna an tsoláthair agus an éilimh araon den mhargadh íocaíochtaí miondíola Eorpach, ag obair ar bhonn roghanna dearaidh an euro dhigitigh a d’fhormheas Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh cheana féin.

Cruthaíodh sruthanna oibre tiomnaithe laistigh de Ghrúpa Forbartha an Leabhair Rialacha chun díriú ar chodanna den leabhar rialacha a dteastaíonn saineolas ar leith uathu.

I mí Meithimh 2025, cuireadh dréacht leasaithe eatramhach de leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh chuig RDG le haghaidh comhairliúchán margaidh. Tá an dréacht-leabhar rialacha fós sách solúbtha chun aon choigeartuithe a thiocfaidh as téacs deiridh an Rialacháin maidir leis an euro digiteach a bhunú, tráth a ghlacfar é, a chur san áireamh.

Tuilleadh faisnéise maidir le leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh.

C19. An mbeadh an euro digiteach ina airgead inríomhchláraithe?

Is foirm dhigiteach airgid é airgead in-ríomhchláraithe a úsáidtear chun críche réamhshainithe, cosúil le dearbhán, le teorainneacha ar na háiteanna ar féidir é a úsáid, ar na huaireanta ar féidir é a úsáid agus ar na daoine ar féidir é a úsáid leo.

Mar a shamhlaítear freisin indréacht-thogra reachtach an Choimisiúin Eorpaigh, ní bheadh an euro digiteach ina airgead in-ríomhchláraithe go deo, ach d’fhéadfaííocaíochtaí coinníollacha a éascú leis, (mar shampla, sa chás go gceannódh custaiméir rud éigin ar líne agus go roghnódh sé chun íoc as tráth a sheachadta).

C20. An mbeadh ar dhaoine íoc as an euro digiteach a úsáid?

Mar earra poiblí, bheadh an euro digiteach saor in aisce le haghaidh úsáid bhunúsach ag úsáideoirí aonair.

D’fhéadfadh bainc nó soláthraithe íocaíochta seirbhísí eile breise íoctha euro dhigitigh a thairiscint dá gcustaiméirí. Le seirbhísí breisluacha den sórt sin, d’fhéadfaí an euro digiteach a dhéanamh níos tarraingtí fós d’úsáideoirí, chun íocaíochtaí coinníollacha a dhéanamh, mar shampla. D’fhéadfadh sé go ligfeadh siad sin do chustaiméirí siopadóireacht a dhéanamh ar líne ar bhealach níos sábháilte, toisc nach n-aistreofaí airgead go dtí go ndeimhneofaí seachadadh an táirge, rud a laghdódh an baol go ndéanfaí calaois agus a dhéanfadh an próiseas aisíoca níos simplí.

C21. Conas a bhaineann tionscnaimh íocaíochta uile-Eorpacha eile leis an euro digiteach?

Fáiltíonn BCE roimh thionscnaimh margaidh Eorpacha eile a théann níos faide ná margaí náisiúnta.

Leis an euro digiteach, ba cheart go gcuirfí ar chumas scéimeanna náisiúnta agus réigiúnacha uas-scálú a dhéanamh ar fud cásanna úsáide éagsúla agus thar theorainneacha, lena n-éascófaí glacadh níos éasca, níos leithne agus níos éifeachtaí le réitigh earnála príobháidí Eorpacha a bhuí le húsáid caighdeán comhchuibhithe. D’fhéadfadh na deiseanna seo dul chun tairbhe do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta, trí chlúdach geografach méadaithe agus cásanna úsáide nár freastalaíodh orthu roimhe sin, go príomha.

Leis an dearadh seo, samhlaítear go bhféadfaí réitigh phríobháideacha a chomhtháthú trí comhlipéadú a dhéanamh ar chártaí fisiciúla agus tiachóga leictreonacha atá ann cheana, cuir i gcás. Sa dá chás, is é a bheadh san euro digiteach ná an ‘cúltaca’ lena gcumasófaí clúdach uile-Eorpach fad a choinneofaí rochtain margaidh do scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha áit a nglactar leo.

C22. An gcúiteofaí soláthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna) as an euro digiteach a dháileadh?

Tá an tEurochóras ag moladh samhail chúitimh lena gcruthófaí dreasachtaí córa eacnamaíocha do na páirtithe uile a bhainfeadh le héiceachóras an euro dhigitigh. I gcás banc agus PSPanna eile, tugtar aghaidh ar na costais oibriúcháin a bhaineann leis an euro digiteach a dháileadh leis an samhail chúitimh.

Faoi mar atá faoi láthair i gcás córais íocaíochta eile, bheadh PSPanna a dháileann an euro digiteach in ann muirear a ghearradh ar cheannaithe as na seirbhísí sin. Bheadh uasteorainn leis na praghsanna a shocrófaí do cheannaithe agus do PSPanna, mar a mhol an Coimisiún Eorpach ina dhréacht-togra reachtach.

Mar is ionann i gcás nótaí bainc a tháirgeadh agus a eisiúint, d’íocfadh an tEurochóras na costais a bhaineann le scéim agus bonneagar an euro dhigitigh a bhunú. Thairis sin, bheadh sé d’aidhm ag an Eurochóras costais infheistíochta bhreise do PSPanna a íoslaghdú trí bhonneagair atá ann cheana a athúsáid a mhéid agus is féidir.

C23. An mbeadh an euro digiteach ina bhagairt ar an gcobhsaíocht airgeadais trí dhí-idirghabháil a dhéanamh ar bhainc?

Feidhmíonn ár gcóras airgeadais – agus an córas baincéireachta ina chroílár – go maith, agus is mian leis an Eurochóras ról lárnach na mbanc a chaomhnú chun soláthar éifeachtach creidmheasa don gheilleagar a chinntiú.

Tá na roghanna dearaidh seo a leanas déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach chun aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an euro digiteach don chóras airgeadais a íoslaghdú.

  • Ní bheadh úsáideoirí in ann ach méid teoranta euro dhigitigh a bheith ina dtiachóg euro dhigitigh acu. Leis sin, chuirfí cosc ar eis-sreafaí iomarcacha taiscí bainc agus bheadh sé ina chúnamh chun cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais a choinneáil ar bun, fiú in am an ghátair.
  • Dá ndéanfaí a dtiachóg euro dhigitigh a nascadh le cuntas bainc, bheadh úsáideoirí in ann íocaíochtaí a dhéanamh thar an teorainn sealúchais agus aon easnamh a chumhdach láithreach, gan iallach a bheith orthu a dtiachóg euro dhigitigh a réamh-mhaoiniú (ag glacadh leis go mbeadh dóthain airgid ar fáil sa chuntas nasctha).
  • Mar is amhlaidh le hairgead tirim i do thiacóg, ní íocfaí aon ús ar shealúchais sa euro digiteach.

D’ullmhaigh BCEanailís theicniúil chun éifeachtaí féideartha teorainneacha sealúchais éagsúla hipitéiseacha a mheas, tar éis iarraidh a tháinig chun cinn le linn caibidlíocht reachtach. Deimhníodh leis an anailís seo nach ndéanfaí dochar do chobhsaíocht airgeadais tríd an euro digiteach a úsáid le haghaidh íocaíochtaí laethúla agus nach ndéanfaí dochar do chobhsaíocht airgeadais laistigh den limistéar euro le tionchar an euro dhigitigh – i bhfianaise na teorainneacha sealúchais éagsúla hipitéiseacha suas go €3,000 in aghaidh an duine ar iarr na comhreachtóirí go ndéanfaí tástáil orthu – fiú i gcás géarchéime a bheadh fíorchoimeádach agus ar beag seans go dtarlódh sé.

C24. An ndéanfadh tabhairt isteach an euro dhigitigh íocaíochtaí san Eoraip níos leochailí i dtaobh cibirionsaithe?

Mar is amhlaidh le bonneagair dhigiteacha eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh an euro digiteach ina sprioc le haghaidh cibirionsaithe. Chun an riosca sin a mhaolú, bhainfeadh dearadh an euro dhigitigh úsáid as teicneolaíochtaí úrscothacha chun timpeallacht chibear-athléimneach a sheasfadh an aimsir a chruthú. I ndearadh na rialuithe cibearshlándála, tá BCE ag baint úsáid as cleachtais chruthaithe an Eurochórais ó bhonneagair mhargaidh eile agus tástáil rialta phleanáilte i gcoinne ionsaithe ionsamhlaithe.

C25. Cén chaoi a mbeadh an euro digiteach éagsúil le cripteamhona cobhsaí agus le criptea-shócmhainní?

Bheadh an euro digiteach ina airgead bainc cheannais, arna eisiúint agus arna ráthú ag an Eurochóras, atá comhdhéanta den Bhanc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéar euro. Amhail nótaí bainc agus boinn euro, bheadh sé ina dhlíthairiscint, rud a chiallaíonn go mbeadh gach duine in ann é a úsáid le haghaidh íocaíochtaí. Mar airgead bainc cheannais agus mar earra poiblí, bheadh sé seasmhach agus iontaofa – bheadh tú in ann muinín a bheith agat i gcónaí go bhfuil luach euro amháin ar euro digiteach amháin.

Is iad cuideachtaí príobháideacha a chruthaíonn cripteamhona cobhsaí. Ní ráthaíonn banc ceannais ná údarás poiblí iad. Braitheann a luach ar chomh maith a bhainistíonn an chuideachta a cúlchistí agus a cúrsaí airgeadais, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag tosca nach bhfuil smacht aici orthu air sin. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil a gcobhsaíocht chomh cinnte is atá cobhsaíocht an euro.

Is scéal eile arís iad cripteashócmhainní ar nós Bitcoin agus Ether. Ní thacaíonn aon institiúid leo agus níl aon bhunluach acu. Is féidir ardú agus ísliú tobann teacht ar phraghsanna na gcripteashócmhainní, agus níl aon eagraíocht ann a mbíonn freagracht orthu sa chás go gcailleann siad a luach.

Féach an míniúchán atá againn ‘Céard is Bitcoin ann?’.

Q26. Cé mhéad a chosnódh tionscadal an euro dhigitigh ar an Eurochóras?

Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh san euro digiteach chun a chinntiú go mbeidh ár n-airgeadra agus ár n-earnáil íocaíochtaí oiriúnach don fheidhm sa ré dhigiteach.

Dhéanfaí cuid de chomhpháirteanna an euro dhigitigh, amhail socraíocht íocaíochta, a fhorbairt go hinmheánach laistigh den Eurochóras. I gcás comhpháirteanna eile, amhail comhpháirt na seirbhísí as líne, tá creat-chomhaontuithe bunaithe againn le soláthraithe seachtracha. Níl aon íocaíocht i gceist leis na creat-chomhaontuithe agus baineann coimircí leo lena gceadaítear an raon feidhme a choigeartú i gcomhréir le hathruithe ar an reachtaíocht.

Meastar gurb ionann na costais iomlána forbartha, lena gcuimsítear comhpháirteanna arna bhforbairt go seachtrach agus go hinmhéanach araon, agus €1.3 billiún, agus meastar go mbeidh na costais oibriúcháin bhliantúla thart ar €320 milliún. Tá an tEurochóras ag leanúint le hullmhúcháin mar fhreagairt ar éilimh ó cheannairí an limistéir euro le bheith réidh don eisiúint féideartha chomh luath agus is féidir. Mar sin féin, níor glacadh an reachtaíocht is gá go fóill. Mar sin, tá an obair struchtúrtha i modúil chun scálú céimnitheach a chumasú agus teorainn a chur le gealltanais airgeadais.

D'íocfadh an tEurochóras na costais a bhaineann le scéim agus bonneagar an euro dhigitigh a bhunú, mar a dhéanann sé i gcás táirgthe agus eisiúna nótaí bainc euro – atá ina n-earra poiblí, ar nós an euro dhigitigh. Mar atá i gcás nótaí bainc, chlúdófaí na costais sin le “hioncam tiarnais” (an t-ioncam a thuilleann BCE ó airgead a eisiúint) fiú dá mbeadh na sealúchais euro dhigitigh beag i gcomparáid le nótaí bainc i gcúrsaíocht. Tá rún daingean ag an mBanc Ceannais Eorpach costais a choinneáil íseal tríd an mbonneagar atá ann cheana a athúsáid a mhéid is féidir, agus euro digiteach a thugann luach do thomhaltóirí agus do cheannaithe á sholáthar aige ag an am céanna.

I gcomhréir lena nádúr mar leas poiblí, bheadh an euro digiteach saor in aisce le haghaidh úsáid bhunúsach do thomhaltóirí agus cost-éifeachtúil do cheannaithe Eorpacha. Ní ghearrfadh an tEurochóras aon táille ar idirbhearta sa euro digiteach ná ní bhainfeadh sé tairbhe astu.