Ár luachanna
Is iad ár luachanna a threoraíonn an chaoi a n-oibrímid agus an chaoi a ndéanaimid freastal ar an bpobal. Múnlaíonn siad ár gcinntí, ár n-iompar agus an chaoi a gcuirimid ár sainordú i gcrích mar bhanc ceannais na hEorpa. Agus muid ag gníomhú go neamhspleách, go trédhearcach, go cuntasach agus go hionraic, tá sé mar aidhm againn muinín an phobail a thuilleamh agus a chothú.
Na nithe a threoraíonn ár gcinntí
Neamhspleáchas
Is institiúid neamhspleách sinn a bhfuil sé mar phríomh-shainordú againn praghsanna a choinneáil cobhsaí sa limistéar euro. Ní ghlacaimid le treoracha ó pholaiteoirí ach dírímid ar ár sainordú a chomhlíonadh ar mhaithe leis an bpobal.
Maidir lenár neamhspleáchasCuntasacht
Táimid cuntasach do mhuintir na hEorpa trí Pharlaimint na hEorpa agus trí institiúidí eile de chuid an Aontais. Tuairiscímid ar ár gcuid oibre agus mínímid ár gcinntí ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht i gcomhréir lenár sainordú.
An chaoi a bhfuilimid cuntasachTrédhearcacht
Tugaimid faisnéis shoiléir thráthúil ar ár straitéis, ar ár measúnuithe agus ar ár gcinntí beartais. Cuidíonn sé seo le daoine tuiscint a fháil ar ár ngníomhartha agus tacaíonn sé leis an muinín atá acu inár mbeartais.
Ár gcleachtais trédhearcachtaIonracas
Comhlíonaimid ár ndualgais go neamhchlaonta agus go hionraic. Cloíonn ár bhfoireann le dianchaighdeáin eitice chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus chun muinín an phobail as BCE mar institiúid phoiblí a chaomhnú.
Ár gcreat eitice