Treoirthionscadal maidir leis an euro digiteach
AR AN LEATHANACH SEO
Léiríonn spéis láidir sa mhargadh go bhfuil an earnáil phríobháideach réidh chun cuidiú leis an euro digiteach a chur chun cinn agus íocaíochtaí Eorpacha a neartú.
Tá sé mar aidhm ag BCE a bheith réidh chun an euro digiteach a eisiúint den chéad uair le linn 2029, má dhéantar talamh slán de go nglacfar an Rialachán maidir leis an euro digiteach in 2026. Chun na hullmhúcháin a dhéanamh ionas go seolfar an euro digiteach go rianúil slán, tá de sprioc againn treoirthionscadal 12 mhí a reáchtáil dar tús an dara leath de 2027.
Ní dhéanfaidh BCE cinneadh maidir le euro digiteach a eisiúint go dtí go nglacfar an Rialachán, agus leanfaidh obair ullmhúcháin an Eurochórais de bheith solúbtha ionas go mbeifear i gcomhréir leis an bpróiseas reachtach.
Eolas do cheannaithe
Glao ar cheannaithe le páirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal an euro dhigitigh dúnta anois – roghnú ar siúl
Thug muid cuireadh do cheannaithe sa limistéar euro chun iarratas a dhéanamh le clárú leis an treoirthionscadal maidir leis an euro digiteach. Tá scagadh iarratais ar siúl agus fógrófar toradh an phróisis roghnúcháin go luath in 2027.
Féach arís air: seisiún fócais do cheannaithe ar spéis leo an treoirthionscadal – 6 Deireadh Fómhair 2026
An 6 Deireadh Fómhair, chuir muid seisiún ar líne ar siúl le breis eolais a fháil maidir le cuspóirí an treoirthionscadail, an tráthchlár lena haghaidh agus an próiseas chun ceannaithe a roghnú.
Féach ar an seisiún arís anseoEolas do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna)
PSPanna roghnaithe
Tar éis an ghlao ar léiriú spéise do PSPanna a seoladh i mí an Mhárta 2026, rinne os cionn 50 PSP iarratas ar pháirt a ghlacadh i dtreoirthionscadal an euro dhigitigh. Tar éis meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na hiarratais, roghnaíomar 36 PSP ó gach cearn den limistéar euro, ionas go bhfuil ionadaíocht leathan ann ó thaobh samhlacha gnó, méide agus cumhdach geografach.
Féach liosta de na PSPanna roghnaitheFéach arís: seisiúin fócais le haghaidh PSPanna ar spéis leo páirt a ghlacadh sa treoirthionscadal
Bhí trí sheisiún fócais ar líne againn – i mí Eanáir, i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2026 – chun tráthchlár an treoirthionscadail, próiseas roghnúcháin PSPanna, céimeanna iarratais, coinníollacha rannpháirtíochta agus príomhcheanglais theicniúla a mhíniú.
Féach an athuair ar thaifeadtaí na seisiún anseoCeardlanna le soláthraithe seirbhíse teicniúla – Márta 2026
Bhuaileamar le soláthraithe seirbhíse teicniúla atá bunaithe san Aontas Eorpach chun plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leo tacú le soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus iad ag ullmhú don treoirthionscadal maidir leis an euro digiteach, agus ar an gcaoi ar féidir linn cabhrú leo ó thaobh seirbhísí tomhaltóirí (ar thaobh an dáileacháin) agus ó thaobh ghlacacht na gceannaithe (ar thaobh na fála).
Léigh an achoimre ar na ceardlannaDoiciméadacht maidir leis an nglao ar léiriú spéise
Leis an nglao ar léiriú spéise, iarradh ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta sa limistéar euro iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh sa treoirthionscadal maidir leis an euro digiteach. Tá an glao dúnta anois, ach tá na doiciméid ghaolmhara fós ar fáil le haghaidh tagartha, lena n-áirítear an glao ar léiriú spéise, iarscríbhinní agus ábhair thacaíochta.
Féach ar na doiciméidSeachain an chalaois
Táimid ar an eolas faoi ríomhphoist agus suíomhanna gréasáin bréagacha ina n-iarrtar ar dhaoine infheistíocht a dhéanamh sa euro digiteach. Is camscéimeanna iad seo. Ní iarraimid infheistíochtaí, airgead ná sonraí pearsanta ar dhaoine riamh. Má cheapann tú go ndearnadh calaois ort, déan teagmháil leis na póilíní áitiúla.
FÉACH FREISIN
An t-eolas is tábhachtaí faoin euro digiteach