Calaois – mí-úsáid ainm agus lógó BCE
AR AN LEATHANACH SEO
Rabhadh: Tá calaoiseoirí san Iodáil ag déanamh pearsanú ar an gCóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais (CEMA) nó Sistema Europeo di Vigilanza Finanziaria (SEVIF). Oibríonn siad trí theagmháil a dhéanamh le daoine aonair ar an bhfón nó ar ríomhphost, ag maíomh go bréagach nach mór cánacha nó táillí a íoc chun caillteanais trádála ar líne a aisghabháil. Ní dhéanann CEMA/SEVIF íocaíochtaí den sórt sin a iarraidh in am ar bith. Ná tabhair freagra ar na comhfhreagrais seo - tuairiscigh iad do na póilíní áitiúla láithreach.
Intleacht shaorga agus calaois
Trí úsáid a bhaint as an intleacht shaorga (IS), is féidir anois físeáin, suíomhanna gréasáin agus glaonna gutháin bréige a chruthú; bíonn cuma na fírinne orthu sin go minic – baill foirne de chuid BCE le feiceáil iontu, mar dhea, agus scéimeanna infheistíochta á gcur chun cinn acu. Má cheapann tú gur suíomh gréasáin bréige é suíomh a mhaíonn gur ó BCE é, ba cheart é a thuairisciú trínár bhFoirm Iarratais ar Fhaisnéis. Má chreideann tú go ndearnadh calaois ort, déan teagmháil le húdarás i do cheantar féin, amhail na póilíní.
Cad iad na cineálacha calaoise is coitianta atá ann?
Is iad seo a leanas na cineálacha camscéimeanna is coitianta a bhíonn ar bun ag calaoiseoirí:
- mí-úsáid a bhaint as ainm agus lógó BCE
- ag ligean orthu féin gur comhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin BCE iad nó gur baill foirne de chuid BCE iad
- ag cruthú próifílí bréagacha ar na meáin shóisialta de chomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin nó de BCE chun poiblíocht a dhéanamh ar infheistíochtaí
- ag rá le daoine go bhfuil táillí aistrithe trasteorann á mbailiú ag BCE
- ag maíomh gur banc tráchtála é BCE a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta ar líne
- ag dul i dteagmháil leat, ag rá go n-oibríonn siad do BCE agus go bhfuil airgead acu a bhaineann leat
- ag iarraidh ar dhaoine íocaíocht a dhéanamh ar shuíomh gréasáin baincéireachta bréagach ar líne de chuid BCE nó trí rannóg bréige um sheirbhís do chustaiméirí in BCE
- ag iarraidh ar dhaoine íocaíocht a dhéanamh toisc go bhfuil aistriú airgid á bhlocáil ag BCE
- ag iarraidh ar dhaoine íocaíocht a dhéanamh toisc go bhfuil BCE ag bailiú taiscí nó íocaíochtaí chun bitcoin nó cripteashócmhainní a cheannach nó a dhíol, nó toisc go bhfuil sé ag aisghabháil cistí do dhaoine a ndearnadh calaois orthu
- ag spreagadh daoine le hiasachtaí a fháil ó BCE ar théarmaí an-tarraingteach
- ag dul i dteagmháil le daoine ó uimhir ghutháin ar cosúil gur uimhir de chuid BCE í (i.e. + 49 69 1344 ...) nó ó sheoladh ríomhphoist ar cosúil gur seoladh de chuid BCE é, gan aon chúis shoiléir nó gan aon phlé roimh ré
- ag ligean orthu féin go n-oibríonn siad do ghnólachtaí atá ag gníomhú thar ceann BCE, mar shampla chun airgead a cailleadh roimhe sin i gcamscéimeanna a aisghabháil
Is camscéimeanna iad sin go léir.
Conas a d’aithneoinn scéim chalaoiseach a bhaineann le hainm agus/nó lógó BCE?
Is minic a bhíonn an chuma ar theachtaireachtaí ó chalaoiseoirí gur ó BCE a tháinig siad, ach de ghnáth bíonn botúin le sonrú ar na teachtaireachtaí sin. Seo roinnt leideanna a chabhróidh leat camscéim a aithint:
- Féach ar sheoltóir an ríomhphoist: bíonn an chríoch @ecb.europa.eu nó @ecb.int ag gabháil le ríomhphost a sheoltar ó BCE. Ná cuir muinín choíche i ríomhphost a seoladh ar aghaidh chugat. Is féidir seoltaí ríomhphoist a bhrionnú nó a fhalsú ionas go bhfuil an chuma orthu gurb é BCE a sheol iad (“spúfáil ríomhphoist”).
- Féach ar na naisc sa ríomhphost: cuir an luchóg ar an nasc ach ná cliceáil air. Taispeánfar téacs iomlán an naisc ansin. I roinnt cláir ríomhphoist, taispeánfar é ag bun an scáileáin. Mura bhfuil “ecb.europa.eu” sa nasc, is dócha gur ríomhphost calaoise é.
- Seiceáil an téacs i ríomhphoist nó ar shuíomhanna gréasáin go bhfeicfidh tú an bhfuil foclaíocht neamhghnách, botúin litrithe agus earráidí cló iontu.
- Seiceáil uimhir ghutháin an ghlaoiteora a chuireann glaoch ort gan iarraidh: más cosúil gur uimhir ghutháin de chuid BCE atá inti (+49 69 1344 ...), seans go ndearnadh “spúfáil aitheantais glaoiteora” ort. Is éard é sin nuair a fhalsaíonn glaoiteoir go feasach an fhaisnéis a sheoltar, ionas go ndéantar an uimhir a bhfuil siad ag glaoch uaithi a cheilt.
- I bhfíseáin bhréige, fiú nuair a úsáidtear an intleacht shaorga, d’fhéadfadh sé nach ndéanfaí an guth a shioncronú i gceart le beola an chainteora agus d’fhéadfadh lochtanna a bheith ar an íomhá atá le feiceáil.
- I gcoitinne, ní mór a bheith amhrasach faoi ríomhphoist nó glaonna nach raibh tú ag súil leo nó faoi shuíomh gréasáin, físeán nó cumarsáid ar bith eile ina n-iarrtar ort gníomh áirithe a dhéanamh láithreach (e.g. airgead a aistriú faoi dheifir) nó a bhfuil scéala dochreidte maith iontu.
Cad is féidir leat a dhéanamh chun tú fein a chosaint?
Ná haistrigh aon airgead choíche gan a fhios agat cé a gheobhaidh é, agus ná nocht faisnéis amhail d’uimhir cuntais bainc, sonraí maidir le d’aitheantas pearsanta nó aon fhaisnéis phearsanta eile choíche.
Níl BCE freagrach as mí-úsáid a bhaintear as a ainm, a lógó agus/nó a sheoladh agus/nó a uimhreacha teileafóin i gcamscéimeanna ina ndéantar iarracht calaois a dhéanamh ar an bpobal. Ba cheart cásanna calaoise a thuairisciú do na póilíní nó comhairle a lorg ó na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha.
FÉACH FREISIN
Tuilleadh eolais faoi ábhar gaolmhar
Cuir ceist orainn
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil fúinne, faoin méid a dhéanaimid, agus faoin gcaoi a dtéann sé i bhfeidhm ortsa?
Gach eolas atá uait i dtaobh BCE