European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tacú leis an aistriú glas

Is é an t-aon bhealach atá ann chun na héifeachtaí is measa a bhaineann leis an athrú aeráide a sheachaint astaíochtaí carbóin a laghdú. Ar an gcúis sin, rinne an tAontas Eorpach geallúint go ndéanfar laghdú 55% ar astaíochtaí faoi 2030 agus go beidh geilleagar glan‑nialasach ann faoi 2050.

Cé gur ar rialtais agus ar reachtóirí atá an phríomhfhreagracht maidir leis an aistriú seo a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt lena aghaidh, is gá dúinne sa Bhanc Ceannais Eorpach ár gcion a dhéanamh trí mheán airgeadas inmharthana a chur chun cinn agus ár gcuid oibríochtaí beartais airgeadaíochta a ghlasú, gan dochar don phríomhchuspóir atá againn, mar atá, an chobhsaíocht praghsanna.

Cén fáth a bhfuil an t‑aistriú glas tábhachtach don Bhanc Ceannais Eorpach?

Is mó i bhfad na buntáistí fadtéarmacha atá le haistriú mear agus ordúil ná an costas tosaigh atá leis

Léiríodh i dtorthaí na tástála struis a rinneamar ar an ngeilleagar trí chéile gur lú i bhfad an costas a bheadh leis an aistriú i dtreo geilleagar neodrach ó thaobh carbóin de, ná mar a bheadh le heaspa gnímh.

Is deis a bheadh in aistriú ordúil i dtreo geilleagar glas dúinn uile, gnólachtaí agus institiúidí airgeadais san áireamh, leas a bhaint as fuinneamh glan agus níos saoire, as nuálachtaí teicneolaíochta agus as gnó nua.

Torthaí na tástála struis aeráide ar an ngeilleagar

Chuirfeadh geilleagar glas le cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais san fhadtéarma

Má bhíonn aistriú ordúil ann, laghdóidh sé sin rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide don gheilleagar trí chéile, don chóras airgeadais, don ionchas boilscithe agus do na sócmhainní ar chlár comhardaithe an Eurochórais. Chuirfí le cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais san fhadtéarma dá bharr.

Tacaímid leis an iarracht seo ar fud an Aontais inár gcáil mar institiúid AE

I gcomhréir le Conradh an Aontais Eorpaigh, tá an oibleagáid ar an mBanc Ceannais Eorpach tacú le beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas Eorpach, i gcomhréir lenár sainordú agus gan dochar dár bpríomchuspóir um chobhsaíocht airgeadais. Ar an mbealach sin, cuirimid leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus le cosaint an chomhshaoil. 

Conas a thacaíonn an 

Banc Ceannais Eorpach leis an aistriú glas?

Cuirimid saineolas agus comhairle ar fáil d’fhonn forbairt an airgeadais inmharthana a spreagadh, toisc gur féidir le bainc agus le hinstitiúidí eile san earnáil airgeadais ról ríthábhachtach a bheith acu an t‑aistriú glas a mhaoiniú.

Agus sinn ag obair i dtreo ghlasú ár ngníomhaíochta, lena n-áirítear ár n‑oibríochtaí beartais airgeadaíochta, cruthaímid dreasachtaí le haghaidh córas airgeadais níos glaise freisin.

Anailís agus comhairle beartais

Cuirimid le forbairt beartas a bhaineann leis an athrú aeráide i bhfóraim Eorpacha agus idirnáisiúnta ina bpléitear ábhair amhail praghsáil carbóin, maoiniú glas a mhéadú ó scála, nuálaíocht ghlas agus bainistiú rioscaí a bhaineann le tubaistí.

Cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta

Cuirimid an t-athrú aeráide san áireamh i gcur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear i gceannacháin sócmhainní agus sa chreat comhthoabhachta.

Preasráiteas

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh

Ár ngníomhaíochtaí maidir leis an athrú aeráide

Sonraítear an obair uile atá á dhéanamh sa Bhanc Ceannais Eorpach maidir leis an athrú aeráide inár gclár oibre um athrú aeráide. Rangaítear an obair sin i sé cinn de réimsí tosaíochta a bunaíodh ar na trí chuspóir straitéiseacha aeráide atá againn.

Clár Oibre Aeráide an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Gach leathanach sa rannóg seo