Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tuarascáil maidir le Cóineasú

Déantar measúnú sa Tuarascáil maidir le Cóineasú ar an dul chun cinn atá déanta ag Ballstáit an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro cé is moite den Danmhairg, a bhfuil rogha an diúltaithe aici, i dtreo chomhlíonadh na gcritéar is gá chun an euro a ghlacadh. Foilsítear í uair gach dhá bhliain ar a laghad, nó ar iarratas ó Bhallstát de chuid an Aontais ar mian leis ballraíocht a ghlacadh sa limistéar euro.

Meitheamh 2026

Sracfhéachaint ar an tuarascáil is déanaí uainn

Cóineasú eacnamaíoch

Tá na cúig thír atá faoi athbhreithniú tar éis athléimneacht eacnamaíoch a léiriú i leith suaití seachtracha ach fós féin tá constaicí le sarú acu agus iad ag dul i dtreo an euro a ghlacadh.

Léigh faoi staid an chóineasaithe eacnamaíoch
Cóineasú dlíthiúil

Rinne an Banc Ceannais Eorpach scrúdú ar chomhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta sna cúig thír le ceanglais na gConarthaí.

Foghlaim faoi chomhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta
Achoimrí de réir tíre

Cuirtear i láthair sna hachoimrí príomhthorthaí na scrúduithe ar chóineasú eacnamaíoch agus dlíthiúil do gach tír.

Léigh na hachoimrí de réir tíre

An Tuarascáil maidir le Cóineasú, Meitheamh 2026

Léigh an tuarascáil iomlán ionas go bhfeicfidh tú an measúnú is déanaí ar chóineasú eacnamaíoch agus dlíthiúil na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro.

Féach an tuarascáil iomlán

Do na meáin

Tá dul chun cinn teoranta déanta ag tíortha an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro i dtreo cóineasú eacnamaíoch leis an limistéar euro ó 2024 i leith.

Léigh an phreaseisiúint

Déan anailís ar na torthaí

Íoslódáil an Tuarascáil is déanaí maidir le Cóineasú i bhformáid PDF.

An Tuarascáil maidir le Cóineasú, Meitheamh 2026

Tuarascálacha ón gCoimisiún Eorpach

Mar a dhéanann BCE, foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascálacha maidir le cóineasú ina ndéantar measúnú ar ullmhacht Bhallstáit an Aontais an euro a ghlacadh.

Féach na tuarascálacha ón gCoimisiún

Ballraíocht a ghlacadh sa limistéar euro

Tá sé de cheangal ar Bhallstáit uile an Aontais, cé is moite den Danmhairg, an euro a ghlacadh. Chun é sin a dhéanamh, ní mór dóibh ar dtús na critéir um chóineasú a chomhlíonadh; leis na critéir sin, déantar measúnú ar a n-ullmhacht don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Caith súil ar ár léarscáil idirghníomhach le fáil amach cén uair a ghlac tíortha éagsúla an euro.

Caith súil ar an léarscáil

Dóibh siúd a bhíonn ag éisteacht le Podchraoladh BCE

Ar tháinig ardú ar phraghsanna nuair a ghlac an Bhulgáir an euro? Nó an amhlaidh nach raibh bunús ceart leis an imní a bhí ann faoin mboilsiú? Phléamar an cheist sin in eipeasóid dár bpodchraoladh.

Glacann an Bhulgáir an euro

An 1 Eanáir 2026, ghlac an Bhulgáir an euro – agus í ar an aonú Ballstát fichead a ghlac ballraíocht sa limistéar euro.

Léigh an t-alt san Fheasachán Eacnamaíoch chun tuilleadh a fhoghlaim

Glacadh an euro sa Bhulgáir: na finscéalta a scaradh ó na fíricí

Bhí eagla ar a lán de mhuintir na Bulgáire go dtiocfadh ardú mór ar phraghsanna nuair a thiocfadh an euro in ionad an lev. Ach, de réir na fianaise atá ar fáil go dtí seo, ba bheag tionchar a bhí ag an athrú sin go nuige seo ar na praghsanna a bhíonn le híoc ag tomhaltóirí agus ar an gcaoi a mothaíonn siad boilsiú

Léigh an bhlagphostáil

Gach leathanach sa rannóg seo