Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Gníomhaíocht níos leithne a chothú

Is dúshlán domhanda é aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus tá gá le gníomhaíocht i ngach uile réimse. Roinnimid ár saineolas chun gníomhaíocht a chothú lasmuigh den Bhanc Ceannais Eorpach, agus oibrímid chun dea-chleachtais a ghlacadh agus a chur chun cinn maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus díghrádú agus cailliúint an dúlra.

Torthaí ár n-anailíse ar lorg comhshaoil nótaí bainc euro

Cén chaoi a bhféachann an 

Banc Ceannais Eorpach le dea‑cleachtais a bhaint amach agus gníomhaíocht níos leithne a chothú?

Oibrímid i ndlúthchomhar le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta

Oibrímid i gcomhar le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta chun trédhearcacht a mhéadú i leith saincheisteanna athraithe aeráide, chun feidhmíocht comhshaoil a fheabhsú agus chun bearnaí sonraí a líonadh. Cuirimid anailís agus saineolas ar fáil d’fhonn tuiscint níos leithne a chothú ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra agus ar dheiseanna eacnamaíocha. Déanaimid ár ndícheall freisin tuiscint níos fearr a fháil ar an mbealach is fearr le dea-chleachtais a chur i bhfeidhm inár gcuid oibre féin, lena n-áirítear ár nochtaí a bhaineann leis an aeráid agus infheistíocht inbhuanaithe.

Oibrímid chun trédhearcacht ár ngníomhaíochtaí a fheabhsú

Is é is aidhm dúinn trédhearcacht ár ngníomhaíochtaí a mhéadú trí fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid a nochtadh faoinár bpunanna beartais airgeadaíochta agus neamhairgeadaíochta agus faoin lorg comhshaoil atá againn. Leis sin, cuirimid le hinrochtaineacht sonraí a bhaineann leis an athrú aeráide, agus le heolas laistigh agus lasmuigh den Bhainc Ceannais Eorpach maidir le himpleachtaí eacnamaíocha an athraithe aeráide. Is fearr a bheidh rannpháirtithe in ann déileáil le dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide dá bharr freisin.

Laghdaímid an tionchar atá againn ar an gcomhshaol

D’fhonn a gcion a dhéanamh i dtaca leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá an Banc Ceannais Eorpach agus institiúidí eile AE ag obair chun cuidiú leis an Aontas Eorpach a sprioc neodrachta aeráide a bhaint amach faoi 2050, agus a chuspóir eatramhach astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú 55% faoi 2030. Táimid ag obair go leanúnach dá bhrí sin chun an lorg comhshaoil a bhaineann lenár ngníomhaíochtaí corparáideacha laethúla a laghdú. Mar shampla, tá bearta á ndéanamh againn chun inbhuanaitheacht chomhshaoil an timthrialla airgid a mhéadú. Maidir lenár bpunanna beartais neamhairgeadaíochta, táimid ag obair freisin chun spriocanna a leagan síos le haghaidh astaíochtaí glan-nialasacha faoi 2050 ar a dhéanaí.

Cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach

Gach leathanach sa rannóg seo