Dearadh do dhaoine lagamhairc
“Is dea-dhearadh do chuile dhuine é dearadh do dhaoine dalla agus do dhaoine breacamharcacha.” Is é sin an prionsabal a bhí ina bhunús faoin dlúthchomhar a bhí againn le hAontas na nDall san Eoraip (EBU) nuair a bhí an t‑airgeadra á dhearadh sna 1990idí. Mar thoradh air sin, forbraíodh nótaí bainc agus boinn euro a raibh gnéithe acu is féidir le daoine lagamhairc a láimhseáil go muiníneach. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhar seo, féach EBU.
Nótaí bainc
Áirítear i measc na bpríomhghnéithe:
- Méideanna éagsúla: dá mhéad an luach, is mó an nóta bainc.
- Dathanna sonracha: úsáideadh dathanna atá i gcodarsnacht le chéile le haghaidh ainmníochtaí atá gar dá chéile. Tá dath liath ar an nóta bainc €5 agus tá dath dearg ar an nóta bainc €10. Is dath gorm atá ar an nóta €20, agus ina dhiaidh sin tá dath oráiste ar an nóta €50 agus dath glas ar an nóta €100. Tá dath buí-donn ar an nóta €200, agus is dath corcra atá ar an nóta €500.
- Uimhreacha luacha móra.
- Priontáil ardaithe, atá éasca le brath.
- Marcanna tadhaill gar d’imill nótaí bainc €200 agus €500. Níl na marcanna tadhaill sin ar an nóta bainc €100, atá ar aon leithead leis na nótaí ar luach níos airde.
Boinn
Áirítear i measc na bpríomhghnéithe:
- Méideanna, cruthanna, dathanna agus imill éagsúla.
- Ualaí éagsúla — dá airde an luach, is troime an bonn (seachas an bonn €1).
- Tiús éagsúil — dá mhéad an luach, is tibhe an bonn (seachas na boinn €2 agus €1).
- Luachanna a léirítear go soiléir ar thaobh Eorpach na mbonn.
Imill éagsúla
![]() |
Tá carachtair buailte ar imeall an bhoinn €2, a bhfuil iomairí míne ann. |
![]() |
Ar imeall an bhoinn €1, tá trí chuid a bhfuil iomairí míne iontu, agus tá trí chuid mhíne eile eatarthu sin. |
![]() ![]() |
Tá scoilb mhíne ar imeall na mbonn 50 cent agus 10 cent. |
![]() |
Tá imeall an bhoinn 20 cent mín ach tá seacht n-eang air (cruth an bhlátha Spáinnigh). |
![]() ![]() |
Tá imeall mín ag na boinn 5 cent agus 1 cent. |
![]() |
Tá eitre ar feadh imeall mín na mbonn 2 cent. |