European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An euro

Tugann an euro le chéile sinn

Tugann an euro le chéile sinn – baineann thart ar 350 milliún duine úsáid as ar fud 20 tír san Aontas Eorpach. Rabhcán cobhsaíochta agus siombail d’aontacht na hEorpa is ea an euro. Chomh maith leis sin, tá sé ar cheann de na hairgeadraí is tábhachtaí ar domhan. Anseo sa Bhanc Ceannais Eorpach, oibrímid chun a luach a chosaint.  

Meabhraíonn na nótaí bainc agus boinn euro inár bpócaí dúinn gach lá cén chiall atá leis an Aontas Eorpach dúinne: saoirse, áisiúlacht agus deiseanna níos mó. Beidh airgead tirim ann in euro i gcónaí. Mar sin féin, táimid ag ullmhú don fhéidearthacht go mbeadh euro digiteach ann freisin – táimid ag cinntiú go leanann ár n-airgeadra de bheith ag freastal ar riachtanais athraitheacha daoine.  

Conas a théann an euro chun tairbhe mhuintir na hEorpa?

Déanann an euro ár saol níos simplí trí chur ar chumas na saoránach maireachtáil, obair agus staidéar a dhéanamh thar lear ar bhealach níos éasca. Sa Bhanc Ceannais Eorpach, cosnaímid an euro ionas gur féidir leat an leas is fearr is féidir a bhaint as gach rud atá le tairiscint ag an Eoraip.

Féach ar an gcaoi a gcuireann an euro feabhas ar do shaol

Cén chaoi a gcuidíonn an euro le hEorpaigh gnó a dhéanamh?

Is iad fiontair bheaga agus mheánmhéide crann taca gheilleagar an limistéir euro. Is féidir le gnólachtaí fás agus airgeadra coiteann á úsáid acu mar go laghdaíonn sé costais agus rioscaí, agus spreagann sé infheistíocht.

Féach ar an gcaoi a dtéann an euro chun tairbhe do ghnólachtaí beaga

Ár nótaí bainc euro

Is siombail iad ár nótaí bainc euro den chomhtháthú, den oscailteacht agus den chomhar idir muintir na hEorpa. Fágann na gnéithe deartha agus na gnéithe slándála go bhfuil ár nótaí bainc uathúil.

Breathnaigh ar nótaí bainc euro in 3D

Nótaí bainc amach anseo

Táimid ag forbairt nótaí bainc nua a bheidh i gcúrsaíocht amach anseo chun iad a dhéanamh níos sláine, níos inbhuanaithe agus go mbeidh luí níos mó ag muintir na hEorpa de gach aois agus cúlra leo. Faigh amach faoi na céimeanna éagsúla atá sa phróiseas agus mar is féidir leat páirt a ghlacadh ann.

Faigh tuilleadh eolais faoinár bpleananna le haghaidh nótaí bainc a bheidh ann amach anseo

Boinn Euro

Tugann an euro le chéile sinn inár n-éagsúlacht, rud a léirítear ar an dá thaobh dár mboinn. Bíonn taobh coiteann acu mar a léirítear aontacht agus taobh náisiúnta a léiríonn ár n-oidhreacht chultúrtha atá saibhir agus éagsúil.

Foghlaim tuilleadh faoi bhoinn euro

Straitéis airgid thirim an Eurochórais

Lena áirithiú go mbeidh saoirse agat i gcónaí airgead tirim a roghnú mar mhodh íocaíochta anois agus amach anseo, tá an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais an limistéir euro ag obair lena áirithiú go mbeidh rochtain ag cách ar airgead tirim. Cinnteoimid go leanfaidh sé de bheith ina mhodh íocaíochta inghlactha, iomaíoch agus iontaofa agus ina stór luacha.

Ár gcuspóirí straitéiseacha maidir le hairgead tirim

Ag ullmhú an euro do thodhchaí dhigiteach

Chun go mbeidh ár gcuid airgid slán i bhfad na haimsire, táimid ag ullmhú freisin do euro digiteach a d’fhéadfadh a bheith ann. Bheadh sé cosúil le hairgead tirim, ach digiteach – rud a ligfeadh duit íocaíochtaí a dhéanamh agus a fháil ar líne agus as líne ar fud an limistéir euro, gan costais bhreise.

Foghlaim tuilleadh faoin euro digiteach
DAOINE GAIRMIÚLA A OIBRÍONN LE hAIRGEAD TIRIM
An láimhseálaí gairmiúil airgid thirim thú ó bhanc tráchtála, ó oifig an phoist nó ó eagraíocht eile?
TUILLEADH EOLAIS FAOIN EURO

Foghlaim tuilleadh faoi ábhair a bhaineann leis an euro

Sonraí maidir le cúrsaíocht nótaí bainc

Scrúdaímid cúrsaíocht agus éileamh nótaí bainc euro go cúramach ionas go mbeidh rochtain agatsa i gcónaí ar nótaí bainc euro.

Staitisticí maidir le cúrsaíocht nótaí bainc agus bonn

Ról idirnáisiúnta an euro

Tá an euro ar cheann de na hairgeadraí is tábhachtaí ar domhan. Coimeádaimid súil ar úsáid an euro lasmuigh den limistéar euro agus tuairiscímid ar an úsáid sin.

Léigh an tuairisc is déanaí uainn

Gach leathanach sa rannóg seo