Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin sin chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (Márta, Meitheamh, Meán Fómhair agus Nollaig).

Nollaig 2025
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Meastar go dtiocfaidh an boilsciú príomha beagán faoi bhun 2% in 2026 agus in 2027, agus go dtiocfaidh ardú air ansin go sprioc mheántéarmach BCE, is é sin 2%, in 2028. Meastar go n-ísleoidh an boilsciú foluiteach de réir mar a mhaolaíonn brúnna pá agus an boilsciú seirbhísí.

Léigh tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Tá geilleagar an limistéir euro níos athléimní ná mar a bhíothas ag súil leis. De réir mar a thagann ardú ar ioncaim teaghlaigh, méadú ar chaiteachas rialtais, feabhas ar dhálaí maoiniúcháin agus borradh an athuair faoin éileamh eachtrach, ba cheart go mbeadh fás 1.2% ar an meán ann in 2026 agus fás 1.4% ann in 2027 agus in 2028.

Léigh tuilleadh

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus réamh-mheastacháin roimhe seo

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin roimhe seo ar an mboilsciú agus ar an bhfás eacnamaíoch. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo