European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An comhshaol, sláinte agus sábháilteacht

Féachann an Banc Ceannais Eorpach le dea-bhainistiú comhshaoil a chur chun cinn agus na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht an phobail i gcoitinne agus na n-oibrithe a bhfuil baint acu le táirgeadh nótaí bainc euro a íoslaghdú.

D’fhonn a chinntiú go gcoinnítear ardchaighdeáin maidir le sláinte, sábháilteacht agus dálaí comhshaoil le linn nótaí bainc euro agus a bpríomh-amhábhar a bheith á dtáirgeadh, tá dhá chóras forbartha againn atá bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta.

An Córas Bainistíochta Comhshaoil

Mar institiúid a bhfuil an-aird aige ar an gcomhshaol, déanann an Banc Ceannais Eorpach a dhícheall úsáid stuama a bhaint as acmhainní nádúrtha, cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú agus sláinte an duine a chosaint i dtáirgeadh agus i soláthar nótaí bainc euro.

Cinntíonn an Córas Bainistíochta Comhshaoil gur beag an tionchar is féidir a bhíonn ag táirgeadh nótaí bainc euro agus a bpríomh-amhábhar ar an gcomhshaol, trí cheangal a chur ar gach cuideachta a bhfuil baint acu leis an bpróiseas táirgthe caighdeán idirnáisiúnta ISO 14001 (Córais Bainistíochta Comhshaoil — Ceanglais agus treoir maidir le húsáid) a chomhlíonadh go hiomlán.

Príomhfheidhmeanna

  • Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh chaighdeán ISO 14001 ag monaróirí nótaí bainc euro agus a bpríomh-amhábhar
  • Monatóireacht a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag próisis táirgthe nótaí bainc euro agus a bpríomh-amhábhair ar an gcomhshaol
  • Tionscnaimh a chur chun cinn chun an tionchar atá ag táirgeadh nótaí bainc euro ar an gcomhshaol a laghdú, e.g. úsáid cadáis inbhuanaithe a mhéadú de réir a chéile do pháipéar nótaí bainc
  • A bheith ar an airdeall maidir le haon ábhair nua imní maidir leis an gcomhshaol a eascraíonn as an tionscal nó as tuairimí an phobail

An Córas Bainistíochta Sláinte agus Sábháilteachta

Tá nótaí bainc euro sábháilte: dearbhaíonn torthaí tástálacha neamhspleácha go gcomhlíonann siad rialacháin ábhartha an Aontais Eorpaigh maidir le réimse leathan substaintí ceimiceacha. Tá sé léirithe go bhfuil tiúchain i bhfad faoi bhun teorainn ar bith a leagtar síos i rialacháin an Aontais Eorpaigh ag gach substaint a fhaightear i nótaí bainc euro.

Sular seoladh iad in Eanáir 2002, tástáladh nótaí bainc euro lena chinntiú nach raibh aon bhaol tocsaineachta ag baint leo dá ndéanfaí iad a ionghabháil nó dá dteagmhófaí leo, agus nach bhféadfaidís damáiste a dhéanamh d’ábhar géiniteach.

De ghnáth, faightear leibhéil ísle baictéir choitianta ar nótaí bainc a thagann ó fhoinsí amhail asraonta bia. Tá láithreacht na mbaictéar chomh beag nach féidir leo a bheith ina gcúis le comharthaí beaga fiú. Is iondúil go mbíonn na leibhéil bhaictéar chéanna ag cártaí creidmheasa plaisteacha agus atá ag nótaí bainc.

Ó am go chéile, rinneadh teagmháil leis an Eurochóras le hábhair imní faoi éagsúlacht substaintí. I ngach cás, bhí an tiúchan chomh beag sin nach raibh aon riosca sláinte ag baint leis nó níor aimsíodh an tsubstaint atá i gceist ar chor ar bith.

Chun na daoine a úsáideann nótaí bainc ina saol laethúil a chosaint, chomh maith le hoibrithe a bhfuil baint acu le táirgeadh na nótaí, cinntíonn an Córas Bainistíochta Sláinte agus Sábháilteachta go gcomhlíonann táirgeadh nótaí bainc euro agus a bpríomh-amhábhar caighdeán na gCóras Bainistíochta Sláinte agus Sábháilteachta Ceirde (OHSAS 18001).

Príomhfheidhmeanna

  • Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh chaighdeán OHSAS 18001 ag monaróirí nótaí bainc euro agus a bpríomh-amhábhar
  • A ráthú go bhfanfaidh cainníocht na substaintí díobhálacha i nótaí bainc euro nua faoi bhun na dtairseach riachtanach
  • A bheith ar an airdeall faoi aon rioscaí nua do shláinte agus do shábháilteacht na ndaoine a tháirgeann agus a úsáideann nótaí bainc euro

Cúlra dlíthiúil

Níl aon reachtaíocht faoi leith ann maidir le cion ceimiceach nótaí bainc. Dá bhrí sin, chun faireachán a dhéanamh ar cheimiceáin dhíobhálacha a bheith i nótaí bainc euro, baineadh úsáid as reachtaíocht atá dírithe ar tháirgí eile a mbíonn teagmháil dhíreach acu le craiceann daoine mar thagairt, e.g. Treoir AE maidir le Sábháilteacht Bréagán (Treoir 2009/48/CE) agus Rialachán AE maidir le Cosmaidí (Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009).

Measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol

Nuair a tugadh nótaí bainc euro isteach, rinne an Banc Ceannais Eorpach measúnú chun tionchar comhshaoil na nótaí a shainaithint agus chun a fháil amach an bhféadfaí an táirge nó na próisis a fheabhsú ina leith sin.

Lean an staidéar caighdeán idirnáisiúnta ISO 14040 ff. agus cumhdaíodh saolré iomlán nótaí bainc: táirgeadh amhábhar, priontáil nótaí bainc, stóráil agus cúrsaíocht, lena n-áirítear nótaí bainc úsáidte a shórtáil, agus a gcóireáil ag deireadh a ré.

Rinneadh measúnú ar shonraí próiseála a bailíodh ó gach soláthróir i slabhra soláthair nótaí bainc an euro, sonraí sonracha maidir leis na hamhábhair a úsáidtear chomh maith le sonraí litríochta maidir le próisis chaighdeánacha, amhail táirgeadh nó iompar leictreachais (a tógadh den chuid is mó ó bhunachar sonraí Ecoinvent 2000). Bhí an measúnú bunaithe ar tháirgeadh nótaí bainc euro in 2003, arbh ionann é agus thart ar 3 bhilliún nóta bainc do gach ainmníocht, a raibh meáchan iomlán tuairim is 2,500 tona i gceist leo.

Ós rud é go bhfuil nótaí bainc euro ceaptha lena n-úsáid ar bhonn laethúil, cuireadh a dtionchar ar an gcomhshaol i gcomparáid leis an tionchar a bhí ag gníomhaíochtaí laethúla eile. Baineadh de thátal as an measúnú go raibh an tionchar comhshaoil iomlán a bhí ag na 3 bhilliún nóta bainc euro a táirgeadh in 2003 coibhéiseach leis an tionchar ar an gcomhshaol a bheadh i gceist dá dtiomáinfeadh gach saoránach Eorpach carr ar feadh aon chiliméadair amháin nó dá bhfágfaidís bolgán 60W ar siúl ar feadh 12 uair an chloig.

Gach leathanach sa rannóg seo