Tuairisc Ghiúiré an Chomórtais Deartha maidir leis na tograí dearaidh rathúla do nótaí bainc euro amach anseo
Achoimre Fheidhmeach
Tá athdhearadh na nótaí bainc euro á hullmhú ag an Eurochóras agus ba cheart dóibh a bheith ina léiriú ar fhéiniúlacht comhroinnte na hEorpa, ár n-oidhreacht shaibhir chultúrtha agus an tiomantas atá againn don inbhuanaitheacht. Is é an sprioc atá ann nótaí bainc a chruthú, ní amháin atá slán agus feidhmiúil, ach atá ionchuimsitheach agus inaitheanta do mhuintir uile na hEorpa chomh maith.
I ndiaidh obair ullmhúcháin fhairsing, inar chuir an Banc Ceannais Eorpach (BCE) de chúram ar ghrúpaí comhairleacha neamhspleácha léargais an phobail a bhailiú, roghnaíodh dhá théama agus na móitífeanna atá gaolmhar leo: ‘Cultúr na hEorpa’, a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht na hEorpa agus a spásanna cultúrtha, agus ‘Aibhneacha agus éin’, a léiríonn saoirse, aontacht agus an nasc atá againn leis an dúlra.
An comórtas deartha
I mí Iúil 2025, sheol BCE comórtas deartha chun na téamaí seo a aistriú go tograí dearaidh. D’iarr sé ar dhearthóirí grafacha ó gach cearn den Aontas a dtograí a chur isteach.
Sa chéad chéim den chomórtas, tháinig 1,241 aighneacht isteach ó dhearthóirí ar fud an Aontais trí ghlao oscailte ar iarratais. Roghnaíodh 25 dhearthóirí chun bogadh ar aghaidh go dtí an dara céim den phróiseas: 17 don dá théama, seisear do ‘Aibhneacha agus éin’ amháin, agus beirt do ‘Cultúr na hEorpa’ amháin.
Sa dara céim, a thosaigh i mí na Samhna 2025, tugadh mionthreoir dhearaidh do na dearthóirí roghnaithe agus bhí orthu dearaí do na nótaí bainc €5, €10, €20, €50, €100, €200 a chruthú. Iarradh ar gach dearthóir scéal infheicthe don tsraith nótaí bainc a chruthú, agus comhlíonadh na gceanglas teicniúil, dlíthiúil agus téamach a áirithiú ag an am céanna.
Faoi spriocdháta an 24 Aibreán 2026, chuir na dearthóirí 39 dtogra isteach: 23 do ‘Aibhneacha agus éin’ agus 16 do ‘Cultúr na hEorpa’.[1]
Giúiré an Chomórtais Deartha
Cuireadh de chúram ar Ghiúiré neamhspleách an Chomórtais Deartha, a bhfuil comhaltaí aige as tíortha uile an limistéir euro, meastóireacht a dhéanamh ar na haighneachtaí agus suas le deich dtogra dearaidh rathúil a roghnú, cúig thogra do gach téama. Bhí neamhspleáchas iomlán ag an ngiúiré ina chinnteoireacht.
Rinneadh an próiseas meastóireachta in dhá chéim, agus cuireadh na tograí dearaidh faoi ainm bréige i gcónaí[2]. Sa chéad chéim, rinne comhaltaí an ghiúiré measúnú neamhspleách ar na tograí agus thug siad scór dóibh ar bhonn critéar ar nós cruthaitheacht, comhsheasmhacht leis an téama, inrochtaineacht agus an tóir phoiblí. Sa dara céim, tionóladh an giúiré i bhfoirgneamh BCE chun plé a dhéanamh maidir leis na dearaí agus na tograí dearaidh rathúla a roghnú.
Na tograí dearaidh rathúla agus cur síos na ndearthóirí
Tar éis plé agus measúnú críochnúil, roghnaigh an giúiré na deich togra dearaidh rathúil, cúig thogra do gach téama, agus déantar cur síos orthu thíos. Taispeántar na tograí in ord ardaitheach de réir na n-uimhreacha aitheantais a leithdháileadh orthu.
Cultúr na hEorpa
- EC145
Féadfar an dearadh a mhíniú mar mhachnamh ar conas a fhorbraíonn cultúr. Léiríonn na súile breathnóireacht, mothú agus machnamh, agus is siombail ar léiriú, comhrá agus roinnt é an béal. Agus béim leagtha ar na gnéithe sin, tá níos mó ná féiniúlacht aonair i gceist leis na portráidí. Is céim i dtreo acmhainneacht comhroinnte an duine le haghaidh táirgeadh cultúrtha iad. Ar an taobh cúil, tá íomhá de dhaoine ó chúlraí agus aoiseanna éagsúla ag teacht le chéile agus ag idirghníomhú le chéile i spásanna cultúrtha comhaimseartha. Le chéile, cruthaíonn an dá thaobh nasc idir thuiscint agus léiriú aonair agus comhroinnt, rud a thugann an deis don phobal na nótaí bainc a shamhlú mar léirithe ar an gcultúr mar phróiseas beo, roinnte.
- EC564
Is é is aidhm don dearadh seo mana oifigiúil an Aontais – ‘Aontaithe san éagsúlacht’ a léiriú. Tá an Eoraip aontaithe ag stair agus oidhreacht shaibhir chultúrtha, rud a chuireann portráidí na nEorpach mór le rá in iúl. Tá an Eoraip aontaithe ag luachanna comhroinnte agus braistint muintearais, rud atá neartaithe ag éagsúlacht na bhféiniúlachtaí cultúrtha. Tá an éagsúlacht sin léirithe i gcolláis lán de dhathanna agus uigeachtaí a thagann le chéile chun na gnéithe éagsúla a chur le chéile. Tá an cholláis mar chúlra do na portráidí a tarraingíodh de láimh agus na híomhánna de spás comhroinnte cultúrtha agus léirítear na smaointe seo leis an gcolláis.
- EC617
Tá amharc álainn i lár an nóta bainc. Cuireann sé togra in iúl, smaoineamh agus comhrá idir iad siúd a mhúnlaigh ár bhféiniúlacht chultúrtha agus na daoine atá ag cur smaointe chun cinn san Eoraip, rud a choinníonn spiorad na ndaoine seo beo inár saol laethúil. Tagann dath ceannasach, seasmhach agus inaitheanta agus patrún líneach le huigeacht choiteann le chéile, laistigh de struchtúr. Má chuirtear na nótaí bainc go cothrománach, feictear ceithre bhloc ingearach, agus litir éagsúil ina spreagadh dóibh: “E”, “U”, “R” agus “O”.
- EC799
Déantar cur síos simplí sa dearadh seo: Is spás comhroinnte cultúrtha í an Eoraip. Is féidir gach nóta bainc a shainaithint tríd an dath ceannasach agus an móitíf lárnach a bhaineann leis. Léirítear i ngach nóta bainc Eorpach mór le rá éagsúil a raibh tionchar ag a shaol agus saothar ar mhuintir na hEorpa leis na céadta blianta. Ar an taobh cúil, feictear léarscáil den Eoraip le réaltbhuíonta forleagtha go héadrom uirthi agus íomhá de spás cultúrtha leis na taibhealaíona, ceol, scoileanna, leabharlanna, músaeim agus cearnóga poiblí. Níl gnéithe sonracha le feiceáil ar na daoine ionas gur féidir le gach duine iad féin a shamhlú ann.
- EC915
Leis an gcur chuige cumarsáide, leagtar béim ar luach uilíoch shaothar an duine, seachas a bhféiniúlacht. Cuirtear spás intleachtúil in iúl leis an gciorcal agus na siombail. Tugann an spás seo compord físiúil don amharcóir. Ag an am céanna, cuireann gnéithe shiombalacha tagairtí caolchúiseacha do léamh coincheapúil níos doimhne in iúl. Ar an gcaoi sin, cuireann an dearadh in iúl gur fhoinsí inspioráide iad éachtaí na nEorpach roghnaithe, in ainneoin na héagsúlachta eatarthu. Is modh iad freisin athcheangal a dhéanamh le luachanna cultúrtha seanbhunaithe, ach iad ag síorathrú ag an am céanna.
Aibhneacha agus éin
- RB120
Ó bhuille sciatháin go sreabhadh abhann, tá an ghluaiseacht i gcroílár an togra seo. Is é is aidhm don togra seo spleodar an Aontais agus na sreafaí inbhraite agus dobhraite a théann trína chríoch a léiriú. Ina ról mar theachtaire, is siombail é an t-éan – atá ina aonar ar an taobh tosaigh agus grúpa dóibh ar an taobh cúil – den chomhrá agus idirspleáchas idir ár sochaithe agus an dúlra. Ó fhoinse na habhann go dtí an fharraige, léirítear in eitilt an éin an tírdhreach a théann sé trasna trí dhá phatrún atá fite fuaite le chéile – ceann amháin dóibh a tarraingíodh de lámh le peann feiltbhiorach agus an ceann eile veicteoirbhunaithe – rud a léiríonn comhtháthú trí éagsúlacht.
- RB227
Leis an sraith nótaí bainc ‘Aibhneacha agus éin’, léirítear an coincheap trí nasc díreach idir na gnéithe radhairc agus an bhrí atá leo. Cuireann gach nóta bainc speiceas éin sonrach ina ghnáthóg in iúl, rud a nascann an bhithéagsúlacht le tírdhreacha na hEorpa. Seasann struchtúir chothrománacha mar léiriú radhairc le haghaidh fuaim na n-éan, agus léiríonn scála ingearach luas eitilte na n-éan, rud a thugann eolas iomasach don amharcóir. Tugann sonraí beachta ar an taobh tosaigh eolas breise maidir leis an speiceas. Ar an taobh cúil, cruthaítear nasc idir timpeallachtaí nádúrtha agus an fhéiniúlacht chultúrtha chomhroinnte le foirgnimh an Aontais agus léarscáil den Eoraip.
- RB637
Leis an sraith nóta bainc euro seo, cruthaítear amharcscéal maidir le haibhneacha na hEorpa, óna bhfoinse sna sléibhte go dtí a sroich leis an bhfarraige. Leagtar béim ar éin na hEorpa ina ngnáthóga nádúrtha. Dá airde luach ainmníocht an nóta bainc, is gaire don fharraige atá íomhánna an nóta. Leis na scragaill slándála, léirítear céim na habhann agus éan a bhaineann léi agus úsáidtear iad mar mhodh faisnéise chun coincheap na sraithe a chur in iúl. Cruthaítear nasc idir sciathán an éin ar an taobh tosaigh agus foirgnimh an Aontais ar an taobh cúil.
- RB754
Uisce ag sreabhadh. Tá sé mar bhunchloch na beatha, ag múnlú ár dtimpeallacht agus gnáthóga na n-éan san Eoraip atá léirithe ar na nótaí bainc. Anuas air sin, is féidir roinnt mhaith saintréithe a bheith ag an uisce, amhail cothromaíocht agus leanúnachas. Is féidir na tréithe sin a úsáid mar analach le haghaidh institiúidí an Aontais agus iad ag iarraidh muinín agus tuiscint ina bhfeidhmeanna a chruthú. Is beag an tionchar atá ag braon uisce, ach is féidir le sruthán láidir sliabhraon a chruthú leis na céadta bliain. D’fhéadfadh gur lú an tionchar a bheadh ag duine amháin, ach is mó an tionchar atá ag na milliúin duine atá aontaithe ag sprioc chomhchoiteann. I bhfianaise an mhéid sin, is analach oiriúnach é uisce don Aontas Eorpach.
- RB832
Tá sé éan le feiceáil laistigh de thírdhreach teibí le turas na habhann ón bhfoinse sna sléibhte go dtí an fharraige fhiáin. Tá solas le feiceáil leis an abhann, agus é ag éirí níos láidre tríd an nóta bainc go fórsa dinimiciúil le tábhacht shiombalach. Tugtar léargas an éanbhreathnóra don amharcóir leis na nótaí bainc seo. Ar an taobh cúil, léirítear institiúidí an Aontais trí chomharthaí daonna agus líontán atá cosúil le héadach. Tá lámha le chéile ann a chuireann comhar maidir le beart a dhéanamh in iúl. Ag an am céanna, tá solas le feiceáil ó gach foirgneamh ar fud chríoch an Aontais.
Glacfaidh Comhairle Rialaithe an BCE a cinneadh deiridh maidir le dearadh na nótaí bainc euro amach anseo ar bhonn thoradh an chomórtais deartha, agus cuirfidh sí roghanna an phobail san áireamh.
© An Banc Ceannais Eorpach, 2026
Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh gréasáin www.ecb.europa.eu
Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna neamhthráchtála ar an gcoinníoll go dtugtar aitheantas don fhoinse.
Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach gluais BCE (le fáil i mBéarla amháin).
HTML ISBN 978-92-899-7971-9, doi:10.2866/3108498, QB-01-26-186-GA-Q
I dtrí chás níor cuireadh togra dearaidh isteach.
Cuireadh na tograí dearaidh isteach trí sholáthraí tríú páirtí neamhspleách, a chuir ainm bréige orthu. Áirithíodh leis sin nach raibh BCE ná an giúiré in ann aon togra dearaidh a cheangal le dearthóir.