Ceisteanna coitianta i dtaobh athdhearadh na nótaí bainc euro
Nuashonraithe an 23 Iúil 2026
C1 Cén fáth a dteastaíonn nótaí bainc nua uainn?
Déanann gach banc ceannais a nótaí bainc a uasghrádú go rialta nó cinn nua a fhorbairt chun góchumadh a dhéanamh níos deacra. Tugadh isteach an chéad sraith de nótaí bainc euro breis agus 20 bliain ó shin agus chuaigh an dara sraith i gcúrsaíocht in 2013. Tá an chéad ghlúin eile de nótaí bainc euro a bheidh i gcúrsaíocht á fhorbairt againn faoi láthair. Is deis é seo ár nótaí bainc a bheith níos tarraingtí agus níos ionchuimsithí, agus luí breise a bheith ag pobal na hEorpa trí chéile leo, daoine a bhfuil lagú amhairc orthu ina measc.
Is mian linn freisin go mbeadh na nótaí bainc euro chomh hinbhuanaithe agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir, mar sin táimid ag féachaint ar dheiseanna chun a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.
C2 Cén fáth a dteastaíonn dearadh nua uainn do na nótaí bainc?
Is siombail infheicthe, inláimhsithe ar aontacht na hEorpa iad na nótaí bainc euro agus is fúinne atá sé iad a choimeád cothrom le dáta. Breis agus 20 bliain ó tugadh isteach na chéad nótaí bainc euro, tá athbhreithniú á dhéanamh againn anois ar a ndearadh faoi chuimsiú gnáthphróiseas forbartha. I gcomhréir le straitéis airgid thirim an Eurochórais, tá sé leagtha romhainn againn nótaí bainc mealltacha euro a fhorbairt a mbeidh dámh ag saoránaigh na hEorpa leo.
C3 Cén fáth anois? An é seo an t-am ceart chun sraith nótaí bainc nua a fhorbairt?
Tógann sé roinnt blianta nótaí bainc nua a fhorbairt, a tháirgeadh agus a chur i gcúrsaíocht ar fud an limistéir euro. De ghnáth, cuirtear nótaí bainc nua i gcúrsaíocht uair gach deich go cúig bliana déag chun slándáil agus athléimneacht a neartú agus chun fanacht chun tosaigh ar ghóchumadóirí. Ní mór tús a chur leis an bpróiseas luath go leor le bheith faoi réir nuair a dhéantar cinneadh sraith nua a sheoladh.
C4 Conas a oibríonn an próiseas athdheartha do na nótaí bainc nua?
Tá dhá chéim i gceist le hathdhearadh na nótaí bainc euro:
- Ag roghnú téamaí agus móitífeanna le haghaidh nótaí bainc euro a bheidh i gcúrsaíocht amach anseo
- Choimisiúnaíomar staidéar chun dul i gcomhairle le saoránaigh na hEorpa i ngrúpaí fócais faoina dtuairimí ar théamaí a d’fhéadfaí a áireamh sna nótaí bainc amach anseo. Bhí na torthaí ina n-ionchur do na céimeanna ina dhiaidh sin.
- Ghearrliostaigh Comhairle Rialaithe BCE seacht dtéama, lena n-áirítear sé thogra ón Ghrúpa Comhairleach na dTéamaí (grúpa saineolaithe arna n-ainmniú ag bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro agus arna gceapadh ag an mBanc Ceannais Eorpach).
- Tugadh an deis do shaoránaigh Eorpacha a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir leis na seacht dtéama ar an ngearrliosta i suirbhé a rinne cuideachta sheachtrach thaighde i dtíortha uile an limistéir euro agus i suirbhé ar líne a rinne an Banc Ceannais Eorpach.
- Ón ngearrliosta sin roghnaigh an Chomhairle Rialaithe dhá théama a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh nótaí bainc amach anseo, agus torthaí na suirbhéanna á gcur san áireamh.
- Roghnaigh an Chomhairle Rialaithe móitífeanna ansin chun léiriú a thabhairt ar na téamaí féideartha ó thograí a d’fhorbair Grúpa Comhairleach na dTéamaí (grúpa saineolaithe arna bhunú ag BCE).
- Dearaí nua a fhorbairt le haghaidh nótaí bainc euro
- Seoladh comórtas deartha, comórtas atá oscailte do gach dearthóir grafaicí a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach. Tugadh cuireadh do 25 dearthóir a dtograí dearaidh a chur isteach le haghaidh ceann amháin nó an dá cheann de na téamaí agus roghnaigh Giúiré neamhspleách an Chomórtais Deartha na tograí dearaidh is fearr do gach téama.
- Tá an deis ag muintir na hEorpa a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na tograí dearaidh an samhradh seo trí shuirbhé poiblí ar líne, ón 23 Iúil 16:30 CET agus go dtí an 21 Meán Fómhair 23:59 CET.
- Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir leis na dearaú nua i dtreo dheireadh 2026.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar leathanach gréasáin na nótaí bainc euro amach anseo.
C5 Cén fáth ar roghnaigh sibh “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” mar théamaí féideartha do na nótaí bainc amach anseo?
Táimid ag éisteacht le tuairimí shaoránaigh na hEorpa ó thús deireadh an phróisis athdheartha. Roghnaíodh na téamaí de réir torthaí suirbhéanna pobail (féach Q11) agus le cabhair ó ghrúpa comhairleach neamhspleách.
Léirigh torthaí na suirbhéanna uainn tacaíocht láidir do na téamaí ‘‘Cultúr na hEorpa”, “Aibhneacha: uiscí na beatha san Eoraip’’ agus “Éin: saor, cróga, spreagúil’’. D’fhonn roghanna an phobail a léiriú ar bhealach chomh leathan agus is féidir, chinn an Chomhairle Rialaithe téamaí a bhaineann leis an dúlra agus leis an gcomhshaol a chur le chéile in aon téama amháin ar a dtugtar “Aibhneacha agus éin”. Dá bhrí sin, táimid ag bogadh ar aghaidh le dhá théama: “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin”.
C6 Conas a chinn sibh na móitífeanna do na nótaí bainc a bheidh ann amach anseo?
In 2024, chuir BCE de chúram ar ghrúpa saineolaithe neamhspleách, an Grúpa Comhairleach Móitífeanna, móitífeanna a mholadh chun léiriú grinn a thabhairt ar na téamaí a roghnaíodh roimhe seo. Is saineolaithe iad comhaltaí an Ghrúpa ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an dá théama. Ag tús 2025, i gcomhréir le comhairle an Ghrúpa agus a cuid pléití féin, chinn an Chomhairle Rialaithe an dá théama roghnaithe agus sraith móitífeanna do gach ceann acu a áireamh sa chomórtas deartha.
C7 Cad é amlíne an chomórtais deartha?
Bhí dhá chéim i gceist leis an gcomórtas deartha.
- Idir an 15 Iúil agus an 18 Lúnasa 2025, iarradh ar dhearthóirí grafacha a n-iarratais a chur isteach. As na hiarratais a fuarthas, roghnaíodh 25 dearthóir chun dul ar aghaidh go céim an deartha.
- Faoi dheireadh mhí Aibreáin 2026, chuir na dearthóirí roghnaithe a dtograí dearaidh isteach le haghaidh measúnú ag Giúiré an Chomórtais Deartha. Tugadh an comórtas chun críche i mí an Mheithimh 2026 nuair a roghnaigh Giúiré an Chomórtais Deartha na dearaí is fearr de réir téama.
Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe an cinneadh deiridh maidir leis na dearaí faoi dheireadh 2026.
C8 Cé a bhí in ann páirt a ghlacadh sa chomórtas deartha agus cén chaoi?
Bhí an comórtas deartha oscailte do dhearthóirí grafaicí a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach agus a chomhlíon na critéir incháilitheachta.
C9 Cad é ról an phobail sa phróiseas athdheartha?
Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh i suirbhé poiblí ar líne BCE. Tá sé an-tábhachtach go gcuirfear tuairimí ó phobal na hEorpa san áireamh sna cinntí a dhéanfar le linn an phróisis.
Ag tús an phróisis, rinneadh suirbhé cáilíochtúil chun tuiscint a fháil ar thuairimí daoine maidir leis na téamaí a d’fhéadfadh a bheith ann do na nótaí bainc euro amach anseo. Ansin, i samhradh 2023, ghlac an pobal páirt i suirbhé ar líne a bhí dírithe ar ghearrliosta téamaí. Ag an am céanna, rinne cuideachta taighde sheachtrach suirbhé den chineál céanna arb é is aidhm dó an ionadaíocht is fearr is féidir a dhéanamh ar dhaonra an limistéir euro.
Tar éis na móitífeanna a roghnú agus an comórtas deartha a thabhairt chun críche, táimid anois ag lorg roghanna poiblí ar ghearrliosta tograí dearaidh.
C10 Cathain a bheidh na saoránaigh in ann páirt a ghlacadh sna suirbhéanna poiblí?
Beidh an suirbhé poiblí ar líne ar siúl ón 23 Iúil 2026, 16:30 CET, go dtí an 21 Meán Fómhair 2026, 23:59 CET.
Ag an am céanna, déanfaidh cuideachta taighde neamhspleách suirbhé ionadaíoch. Tá forluí páirteach idir amlíne an tsuirbhé seo, ach níl sí go hiomlán mar an gcéanna leis an suirbhé phoiblí ar líne. Déantar é sin chun a áirithiú go mbeidh an suirbhé cainníochtúil ionadaíoch i gcónaí, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh sé a bheith níos deacra rannpháirtithe a earcú le linn laethanta saoire an tsamhraidh.
C11 Cé atá in ann páirt a ghlacadh sa suirbhé?
Is féidir le gach duine páirt a ghlacadh sa suirbhé poiblí ar líne, beag beann ar aois, náisiúntacht, tír chónaithe nó tosca eile, fad is atá gléas deiridh acu le nasc gníomhach idirlín.
Chun a chinntiú gur féidir le saoránaigh uile an Aontais Eorpaigh aiseolas a thabhairt, tá an suirbhé poiblí ar líne ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.
C12 An féidir le freagróir an suirbhé a dhéanamh níos mó ná uair amháin?
Chun an riosca dúblála a laghdú, dearadh an suirbhé chun a áirithiú nach n-áireofar rogha gach rannpháirtí ach aon uair amháin.
C13 Cén fáth nach féidir liom an suirbhé poiblí ar líne a chomhlánú?
Má thagann tú ar deacracht theicniúil ar bith agus an suirbhé poiblí ar líne á chomhlánú agat, seol ríomhphost chuig neweurobanknotes@ecb.europa.eu agus sonraigh an fhadhb atá agat, ionas gur féidir le saineolaithe BCE an tsaincheist a imscrúdú agus tacaíocht a chur ar fáil.
C14 An mbeidh an suirbhé poiblí ar líne gan ainm?
Beidh an suirbhé gan ainm chun príobháideachas na rannpháirtithe a chinntiú. Ní bhaileoidh BCE aon sonraí pearsanta lenar féidir freagróirí a shainaithint go díreach, amhail ainmneacha ná sonraí teagmhála.
Cé go gcuirtear roinnt ceisteanna déimeagrafacha ag deireadh an tsuirbhé, is féidir le freagróirí a roghnú freisin gan aon fhaisnéis a sholáthar tríd an rogha freagartha ‘B’fhearr leo gan a rá’ a roghnú le haghaidh gach ceann de na ceisteanna sin.
Déanfar aon sonraí a bhaileofar a chomhiomlánú agus a úsáid chun anailís a dhéanamh ar an aiseolas ón bpobal maidir leis na dearaí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus chun na críche sin amháin.
C15 Cén fáth nach sainaithnítear dearthóirí gach togra dearaidh sa suirbhé poiblí ar líne?
Chuir BCE ainm bréige ar na tograí deariadh sna suirbhéanna poiblí chun a áirithiú go ndíreofaí ar tharraingt na dtograí dearaidh. Ní féidir gach togra dearaidh a shainaithint ach amháin le litir ó A go J a sannadh go randamach do gach dearadh. Áirithítear leis sin nach mbeidh tionchar ag critéir amhail náisiúntacht nó clú na ndearthóirí ar fhreagróirí.
C16 Cathain a fhoilseofar torthaí an tsuirbhé phoiblí ar líne?
Foilseofar an tuarascáil ina ndéantar achoimre ar thorthaí na suirbhéanna poiblí, lena n-áirítear aiseolas ar na dearaí aonair, tar éis don Chomhairle Rialaithe a cinneadh críochnaitheach a dhéanamh thart ar dheireadh 2026.
C17 Conas a roghnaíodh comhaltaí na ngrúpaí saineolaithe éagsúla?
Chun cabhrú leis na céimeanna éagsúla den phróiseas athdheartha, bunaíodh trí ghrúpa saineolaithe neamhspleácha: an Grúpa Comhairleach Téama, Grúpa Comhairleach na Móitífeanna agus Giúiré an Chomórtais Deartha. Tá speisialtóirí ó gach cearn den Eoraip ar na grúpaí sin, agus iad ag déanamh ionadaíocht ar réimsí éagsúla amhail dearadh, stair, litríocht, eolaíocht, na healaíona agus an saol acadúil, agus deimhin á dhéanamh de go bhfuil raon leathan saineolais agus peirspictíochtaí ar fáil don phróiseas. Ba iad bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro a d’ainmnigh na saineolaithe agus ba é BCE a cheap iad.
C18 Cathain a bheidh nótaí bainc nuadheartha againn inár bpócaí?
Tar éis na dearaí do na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo a bheith roghnaithe, cinnfidh Comhairle Rialaithe BCE an tráth a dtáirgfear agus a n-eiseofar na nótaí bainc nua. Beidh roinnt blianta fós ann sula mbeidh na nótaí bainc nua i gcúrsaíocht agus, ar deireadh thiar, inár bpócaí.
Tugadh isteach ainmníochtaí éagsúla na sraithe reatha nótaí bainc euro de réir a chéile in imeacht roinnt blianta. Níor cinneadh go fóill cathain ná conas a chuirfear na nótaí bainc nua i gcúrsaíocht.
C19 An athrófar na hábhair nó an mhéid atá sna nótaí bainc nua sa phróiseas athdheartha, agus an mbeidh ainmníochtaí nua ann?
Tá na nótaí bainc euro atá ann faoi láthair priontáilte ar pháipéar snáithíní cadáis, rud a fhágann go bhfuil siad úrmhín agus buanseasmhach in aghaidh smolchaitheamh. Bímid ag féachaint i gcónaí ar bhealaí chun feabhas a chur ar shaolré ár nótaí bainc euro agus chun na nótaí bainc ar an gcomhshaol a laghdú.
Tá rún againn leanúint de na hainmníochtaí atá sa tsraith reatha (€5, €10, €20, €50, €100 agus €200). Chun an t-athrú a éascú agus chun teorainn a chur leis na costais a bhaineann le meaisíní láimhseála nótaí bainc a oiriúnú, is mór an seans nach n-athrófar na méideanna ná na príomhdhathanna.
C20 Cé a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an dearadh deiridh?
Is í an Chomhairle Rialaithe a dhéanfaidh an cinneadh deiridh; tabharfar san áireamh sa chinneadh sin tuairimí phobal na hEorpa agus comhairle ó ghrúpaí saineolaithe. Fógrófar cinntí na Comhairle Rialaithe ar shuíomh gréasáin BCE.
C21 An rachfar i gcomhairle le grúpaí leochaileacha sa phróiseas athdheartha (e.g. daoine a bhfuil lagú amhairc orthu)?
Bíonn teagmháil rialta ag BCE agus ag bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Mar shampla, le linn fhorbairt na sraithe nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht faoi láthair, chuamar i gcomhairle go rialta le hAontas na nDall san Eoraip. Leanadh leis na comhairliúcháin sin ó shin agus leanfar leo go deireadh an phróisis athdheartha.