Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Samhain 2023

01 Nollaig 2023

Oibríochtaí margaidh

Glacadh le Scope Ratings GmbH mar institiúid sheachtrach um measúnú creidmheasa (ISMC)

An 02 Samhain 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe glacadh le Scope Ratings GmbH mar ISMC do chreat measúnaithe creidmheasa an Eurochórais, tar éis measúnú domhain teicniúil a rinne coistí ábhartha an Eurochórais agus an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC), go háirithe an Coiste Bainistithe Riosca (CBR), de réir phróiseas iarratais agus chritéir inghlacthachta an Eurochórais. D’fhormheas an Chomhairle Rialaithe freisin incháilitheacht rátálacha ABS Scope Ratings le haghaidh oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a luaithe a bheidh riachtanais an Eurochórais maidir le nochtadh bunaithe. Cuireadh tús láithreach leis an bpróiseas chun Scope Ratings a chomhthathú le hinfreastruchtúr teicneolaíochta faisnéise an Eurochórais agus is dócha go dtógfaidh sé roinnt míonna. Tá preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais – Samhain 2023

Ar an 15 Samhain 2023, thionóil an Chomhairle Rialaithe malartú tuairimí maidir le ceisteanna cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro bunaithe ar eagrán mhí na Samhna 2023 den Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus d’fhormheas sí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Chomh maith le forbhreathnú a thabhairt ar phríomhleochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro, tá dhá ghné ar leith san eagrán seo. Sa chéad cheann scrúdaítear rannpháirtíocht banc i gclaochlú aibíochta, a spleáchas ar dhíorthaigh chun an riosca ráta úis a eascraíonn as a n-aisioncronacht aibíochta a laghdú, agus na himpleachtaí dá nglanchorrlaigh úis. Sa dara ceann déantar measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhthéacs timthriallacha réadmhaoine cónaithe agus tráchtála atá ag casadh. Tá an tAthbhreithniú le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Straitéis uasdátaithe an Eurochórais maidir le híocaíochtaí miondíola

An 15 Samhain 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe uasdátú ar straitéis íocaíochtaí miondíola an Eurochórais a léiríonn forbairtí seachtracha a raibh tionchar acu ar an éiceachóras íocaíochta ó glacadh leis an straitéis den chéad uair in 2019, go háirithe an t-aistriú leanúnach i dtreo íocaíochtaí leictreonacha a fheictear in iompar tomhaltóirí, ról na gcuideachtaí móra teicneolaíochta i réitigh íocaíochtaí miondíola atá ag fás, agus an tábhacht níos mó a bhaineann le hathléimneacht an bhonneagair íocaíochtaí miondíola. Tá an straitéis uasdátaithe, ina n-áirítear an euro digiteach, i bhfianaise an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an Eurochóras ar an togra seo, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE in éineacht le preaseisiúint ghaolmhar.

Iarratas ó Banca d’Italia chun córas áitiúil íocaíochtaí meandracha a sholáthar do Bhanc na hAlbáine

An 17 Samhain 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe iarratas ó Banca d’Italia dul i mbun idirbheartaíochta, ar son na gceithre bhanc ceannais a oibríonn Seirbhísí TARGET, le banc ceannais na hAlbáine d’fhonn córas áitiúil íocaíochtaí meandracha a bhunú san Albáin a d’óstáilfí ar bhonneagar nua arna oibriú ag Banca d’Italia. Áirítear san fhormheas seo cosaintí chun deighilt iomlán a áirithiú ó sheirbhís Chóras Socraithe Íocaíochtaí Meandracha TARGET (TIPS) arna seachadadh ag an Eurochóras.

Athsceidealú dháta seolta Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (CBCE)

An 29 Samhain 2023, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe dáta seolta CBCE a athsceidealú ón 08 Aibreán 2024 go dtí an 18 Samhain 2024. Tabharfaidh sé seo am chun tuilleadh tástála a dhéanamh a chinnteoidh athléimneacht córais agus ullmhacht úsáideoirí níos mó agus a éascóidh aistriú níos réidhe chuig an ardán nua. Tá teachtaireacht ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir leis an euro digiteach

An 31 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/34 ar iarratas ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa.

Tuairim BCE maidir le cáin shealadach a fhorchur ar bhainc

An 02 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/35 ar iarratas ó Aire Airgeadais na Slóivéine.

Tuairim BCE maidir leis na ceanglais maidir le cúlchistí íosta Bhanc Magyar Nemzeti

An 08 Samhain 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/36 ar iarratas ó Magyar Nemzeti Bank.

Tuairim BCE maidir le srianta pinsin le haghaidh oifgigh agus fostaithe an Bhainc Náisiúnta Oesterreichische

An 21 Samhain 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/37 ar iarratas ó Aire Airgeadais na hOstaire.

Tuairim BCE maidir le togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

An 24 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/38 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Rialachas corparáideach

Ceapachán Chomh-Chathaoirligh an Choiste um Fhorbairt Eagraíochtúil (CFE)

An 29 Samhain 2023 cheap an Chomhairle Rialaithe Myriam Moufakkir, Príomhoifigeach Seirbhísí BCE, agus Michael Peschel, Leas-Ard-Stiúrthóir Rialaithe, Cuntasaíocht agus Eagrúchán ag Deutsche Bundesbank, mar chomh-Chathaoirligh ar an gCoiste um Fhorbairt Eagraíochtúil go dtí 31 Nollaig 2025, le go dtiocfadh deireadh lena dtéarmaí ag an am céanna le cathaoirligh choiste eile de chuid CEBC/an Eurochórais a ceapadh nó a athcheapadh i mí na Nollag 2022. Mar a shocraigh an Chomhairle Rialaithe i mí Iúil 2022, déanann an Banc Ceannais Eorpach agus ceann de bhainc cheannais náisiúnta an Eurochórais comh-chathaoirleacht ar an gCoiste um Fhorbairt Eagraíochtúil.

Comhoibriú Idirnáisiúnta agus Eorpach

Clár um chomhoibriú CEBC le bainc cheannais na hAfraice chun cobhsaíocht, athléimneacht agus rialú airgeadais a neartú

An 02 Samhain 2023, thacaigh an Chomhairle Rialaithe, le tairbhe breathnóireachtaí ón gComhairle Ghinearálta, le clár um chomhoibriú idir an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus bainc cheannais na hAfraice agus na cáipéisí conarthacha gaolmhara. Páirteach sa chlár dhá bhliain seo, atá á chomhardú ag Deutsche Bundesbank agus Banque de France, tá ocht mbanc ceannais náisiúnta de chuid CEBC agus an Banc Ceannais Eorpach ar thaobh an Aontais Eorpaigh, agus suas le 12 institiúid as an Afraic ar tairbhithe iad. Is é an Coimisiún Eorpach a sholáthróidh an maoiniú faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta. Tabharfar tuilleadh sonraí in am trátha de réir mar a leanann an clár ar aghaidh.

Meabhrán Tuisceana nuashonraithe (MT) maidir le comhar agus malartú faisnéise idir BCE agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)

An 20 Samhain 2023 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe uasdátú ar an Meabhrán Tuisceana maidir le comhar agus malartú faisnéise idir BCE agus ESMA ó 2016 le freastal ar riachtanais eolais ESMA a eascraíonn as a sainorduithe maoirseachta nua agus riachtanais eolais BCE maidir le comhlíonadh a chúraimí baincéireachta ceannais. Chuathas i gcomhairle leis an mBord Maoirseachta maidir leis na páirteanna den Mheabhrán Tuisceana a bhaineann le cúraimí maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Nótaí bainc agus boinn

Téamaí féideartha don tríú sraith nótaí bainc euro

An 29 Samhain 2023 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire torthaí na suirbhéanna a reáchtáladh thar ceann an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus a reáchtáil an tEurochóras le linn shamhradh 2023 ar théamaí féideartha don tríú sraith nótaí bainc euro agus, bunaithe ar roghanna phobal na hEorpa, roghnaigh sí ‘‘Cultúr na hEorpa’’ agus ‘‘Aibhneacha agus éin’’ mar dhá théama féideartha. D’fhormheas an Chomhairle Rialaithe freisin bunú grúpa comhairleach a mbeidh sé de dhualgas air móitífeanna a mholadh chun na téamaí atá roghnaithe a léiriú. Tá preasráiteas gaolmhar ar fáil ar shuíomh Gréasáin an BCE.

Maoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Clár Scrúdaithe Maoirseachta (SEP) 2024 le haghaidh cigireachtaí ar an láthair agus imscrúduithe samhla inmheánaí in institiúidí suntasacha

An 21 Samhain 2023, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta Clár Scrúduithe Maoirseachta (SEP) 2024 um chigireachtaí ar an láthair agus um imscrúduithe ar shamhlacha inmheánacha le haghaidh institiúidí suntasacha atá faoi mhaoirseacht baincéireachta Eorpach a uasdátú. Tá SEP ar an láthair bunaithe ar Thosaíochtaí Maoirseachta SMA 2023-2025 a foilsíodh ar shuíomh gréasáin maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa