Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Márta 2023

31 Márta 2023

Cumarsáid sheachtrach

Tuarascálacha ar nochtaí a bhaineann leis an aeráid phunanna beartais neamh-airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus shealúchais bannaí corparáide an Eurochórais chun críoch beartais airgeadaíochta

D’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach a chéad nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid ar an 23 Márta 2023, á gcur i láthair in dhá thuarascáil, ina gcuirfear faisnéis ar lorg carbóin a chuid punann agus a neamhchosaint ó rioscaí a bhaineann le hathrú aeráide, chomh maith le faisnéis a thabhairt ar rialachas, straitéis agus bainistíocht riosca a bhaineann leis an aeráid. Cuimsíonn na nochtaí sealúchais urrús corparáide an Eurochórais faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime, chomh maith le punanna beartais neamh-airgeadaíochta atá ainmnithe i Euro an Bhainc Ceannais Eorpaigh, lena n-áirítear a phunann cistí dílse agus a chiste pinsean foirne. As seo amach, nochtfaidh an Banc Ceannais Eorpach faisnéis ar na punanna seo gach bliain a bhaineann leis an aeráid, agus leanfaidh d’fheabhas a chur ag an am céanna ar na nochtaí de réir mar a bheidh caighdeán agus infhaighteacht sonraí ag teacht chun cinn. Is féidir an preasráiteas lena mbaineann a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Beartas airgeadaíochta

Comhlíontacht na mbanc ceannais le toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus ar rochtain faoi phribhléid

An 29 Márta 2023, i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina sanntar an cúram don Bhanc Ceannais Eorpach faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht bhainc ceannais an Aontais Eorpaigh leis na toirmisc dá dtagraítear in Airteagail 123 agus 124 de CFAE agus sna rialacháin lena mbaineann, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil chomhlíontachta le haghaidh na bliana 2022. Cuirfear tuilleadh faisnéise faoin ábhar seo ar fáil i gcuid ar leith de Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2022 a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 25 Bealtaine 2023.

Oibríochtaí margaidh

Comhráiteas ar nochtadh ar athrú aeráide maidir le táirgí airgeadais struchtúrtha

D’eisigh na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha (ÚME) agus an Banc Ceannais Eorpach comhráiteas ar an 13 Márta 2023 chun béim a leagan ar chomh tábhachtach is atá sé go nochtfadh táirgí airgeadais struchtúrtha faisnéis a bhaineann leis an aeráid freisin maidir le bunsócmhainní. Deimhníodh sa ráiteas go bhfuil na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha agus an Banc Ceannais Eorpach ag obair i dtreo caighdeáin nochta a fheabhsú do shócmhainní urrúsacháin trí fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid atá nua, comhréireach agus spriocdhírithe a áireamh. Tá an comhráiteas le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Athrú ar am ríomha rátaí tagartha malairte eachtraí an euro

Chinn an Chomhairle Rialaithe ar an 17 Márta 2023 an am ríomha rátaí tagartha malairte eachtraí an euro (ar a dtugtar ráta tagartha an Bhainc Ceannais Eorpaigh freisin) a athrú go dtí timpeall is 14:10 CET, le feidhm ón 3 Aibreán 2023, chun nach mbeadh am foilsithe (14:15 CET) chinntí beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag teacht salach air. Thug an Chomhairle Rialaithe dá haire chomh maith go bhfuil kuna na Cróite bainte de liosta na n-airgeadraí a bhfoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach rátaí tagartha malairte eachtraí an euro ina leith ó Eanáir 2023 de bharr aontachas na Cróite sa limistéar euro. Beidh an creat uasdátaithe do rátaí tagartha malairte eachtraí an euro le fáil go gairid sa chuid ábhartha de shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Cinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le rochtain ar shonraí TARGET áirithe agus úsáid na sonraí sin

An 6 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2023/3 maidir le rochtain ar shonraí TARGET áirithe agus úsáid na sonraí sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2010/9. Rialaíonn an gníomh dlíthiúil nua an rochtain atá ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt do Thimpeallacht Anailíseach TARGET ag bainc cheannais an Eurochórais agus úsáid na sonraí sin, go háirithe i dtaobh rúndacht a áirithiú.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir leis an gcóimheas cúlchiste

An 2 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/6 ar iarratas Magyar Nemzeti Bank.

Tuairim BCE maidir le teorannú na n-íocaíochtaí airgid thirim do ranníocaíochtaí árachais shóisialta phoiblí

An 7 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/7 maidir leis an tSlóvaic, arna hullmhú ar thionscnamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh féin.

Tuairim BCE maidir le laethanta saoire morgáiste

An 20 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2023/8 maidir leis an Pholainn, arna hullmhú ar thionscnamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh féin.

Rialachas corparáideach

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hiniúchóirí seachtracha Hrvatska narodna banka

An 07 Márta 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2023/4 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Hrvatska narodna banka.

Comhalta nua de chuid an Bhoird um Bonneagar Margaidh

An 17 Márta 2023 cheap an Chomhairle Rialaithe Alexandre Gautier, Ard-Stiúrthóir nuacheaptha do Chobhsaíocht Airgeadais agus Oibríochtaí sa Banque de France, ina chomhalta den Bhord um Bonneagar Margaidh (BBM) le hionadaíocht a dhéanamh ar Banque de France, ón 3 Aibreán 2023 go dtí an 31 Bealtaine 2023, sa chaoi go dtiocfaidh sé le sainordú chomhaltaí eile BBM. Tagann an tUasal Gautier in ionad Ivan Odonnat, a bhfuil glactha aige le ról eile agus atá aisghairmthe ina chomhalta den BBM.

Staitisticí

Nuashonrú bliantúil ar liosta na ngníomhaireachtaí tuairiscithe ar staitisticí grúpa sealúchais urrús

An 23 Márta 2023, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an liosta nuashonraithe de ghníomhaireachtaí tuairiscithe sonraí grúpa a bhaineann le staitisticí ar shealúchais urrús. Ó 2016 i leith, tá nuashonrú á dhéanamh ar an liosta uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn na gcritéar cainníochta agus cáilíochta a leagtar amach in Airteagal 2(4) de Rialachán BCE /2012/24. Maidir leis na heintitis sin a rachaidh na hathruithe i bhfeidhm orthu, tabharfaidh an banc ceannais náisiúnta lena mbaineann fógra dóibh de bhun Airteagal 2(8) de Rialachán BCE/2012/24.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochta maoirseachta 2022

An 28 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta 2022, d’fhormheas sí an Tuarascáil a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig an nGrúpa Euro, agus chuig parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, agus d’fhormheas sí a foilsithe. Foilsíodh an tuarascáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an 21 Márta 2023, an dáta ar chuir Cathaoireach an Bhoird Maoirseachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í.

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpaigh maidir leis an méid iomlán le tobhach ar chúraimí maoirseachta in 2022

An 28 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2023/2 maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2022.

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh a bhaineann le cigireachtaí ar an láthair agus le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha

An 10 Márta 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh ECB/2023/5 maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh a bhaineann le cigireachtaí ar an láthair agus le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha. Sonraítear sa Chinneadh na critéir maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh chuig cinn aonaid oibre an Bhainc Ceannais Eorpaigh chun cinntí a ghlacadh a bhaineann le cigireachtaí ar an láthair agus le himscrúduithe shamhlacha inmheánacha. Tá tarmligean na gcumhachtaí chun cinntí a ghlacach gan dochar don mheasúnú maoirseachta atá le déanamh chun críoch cinntí maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ghlacadh i ndiaidh na cigireachta ar an láthair agus an imscrúdaithe shamhlaigh inmheánaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa