Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Nollaig 2022

16 Nollaig 2022

Beartas airgeadaíochta

Leasú ar Rialachán BCE/2021/1 maidir le ceanglais i dtaca le cúlchistí íosta a chur i bhfeidhm

An 6 Nollaig 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Rialachán BCE/2022/43 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/378 maidir le cur i bhfeidhm na gcúlchistí íosta (BCE/2021/1). Leis an ngníomh dlí leasaitheach, cuirtear chun feidhme cinneadh na Comhairle Rialaithe an 27 Deireadh Fómhair 2022, lenar socraíodh íocaíocht na gcúlchistí íosta ag ráta saoráide taisce an Eurochórais amhail ó thús na tréimhse cothabhála cúlchiste dar tús an 21 Nollaig 2022. Ina theannta sin, chun soiléireacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú, déantar láimhseáil íocaíocht na gcistí a áirítear ar dtús i sealúchais cúlchistí íosta a shainiú freisin, ar cistí iad a meastar ina dhiaidh sin go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1)(d) de Rialachán BCE/2021/1 agus, dá bhrí sin, eisiatar iad ó shealúchais cúlchistí na hinstitiúide faoin ngníomh sin. Tiocfaidh an gníomh dlí leasaitheach i bhfeidhm ón 21 Nollaig 2022.

Oibríochtaí margaidh

Síneadh le le línte leachtachta le bainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro

An 15 Nollaig 2022, d’fhógair an Banc Ceannais Eorpach síneadh go dtí an 15 Eanáir 2024 leis na línte athcheannaigh (leis an Albáin, an Ungáir, an Mhacadóin Thuaidh, An Rómáin agus San Marino) agus leis na línte babhtála (an Pholainn), ar línte sealadacha iad a bhí ann cheana, le bainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro. Ní bheidh aon athrú ar mhéid agus ar pharaiméadair oibríochta na gcomhaontuithe aonair. Tá preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Athbhreithniú bliantúil ar an liosta margaí neamhrialaithe is inghlactha agus ar an liosta gníomhaireachtaí aitheanta i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais

An 6 Nollaig 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe gan athruithe a dhéanamh ar an liosta margaí neamhrialaithe ar ghlac an Banc Ceannais Eorpach leo ná ar an liosta gníomhaireachtaí atá aitheanta ag an mBanc Ceannais Eorpach mar ghníomhaireachtaí is incháilithe le haghaidh comhpháirtíochta i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais. Déanfar athbhreithniú ad hoc go luath in 2023, tar éis don Chróit dul isteach sa limistéar euro an 1 Eanáir 2023. Tá na liostaí reatha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Athruithe a bhaineann le seoladh Chóras nua an Eurochórais le haghaidh bainistíocht comhthaobhachtaí (ECMS)

An 28 Samhain 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe seoladh ECMS a athsceidealú ón 20 Samhain 2023 go dtí an 8 Aibreán 2024. Glacadh an cinneadh seo chun maolú a dhéanamh ar thionchar sheoladh athsceidealaithe T2, córas nua ollsocraíochta fíor-ama an Eurochórais agus an tsamhail bainistíochta leachtachta lárnaí, ar cuireadh siar ceithre mhí é an 20 Deireadh Fómhair 2022. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Athbhreithniú ar Ghrúpa Comhairleach an Eurochórais maidir le Bonneagair Mhargaidh le haghaidh Urrús agus Comhthaobhachta (AMI-SeCo)

An 8 Nollaig 2022 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire toradh an athbhreithnithe ar fheidhmiú agus ar rialachas AMI-SeCo agus rinne sí a shainordú agus a chomhdhéanamh athbhreithnithe a fhormheas. Is grúpa comhairleach ar an margaidh de chuid an Eurochórais é AMI-SeCo a bunaíodh in 2017 chun idirphlé gníomhach a éascú ar shaincheisteanna a bhaineann le himréiteach agus socrú urrús, bainistíocht comhthaobhachtaí agus oibriú agus forbairt Urrúis TARGET2 (T2S). Mar thoradh ar an athbhreithniú, aistreoidh AMI-SeCo ó chomhdhéanamh aonair go dhá chomhdhéanamh, chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir a ról foirmiúil comhairliúcháin maidir le rialachas T2S agus a ról i bplé maidir le comhchuibhiú agus comhtháthú ar fud na hEorpa. Ina theannta sin, leathnófar raon feidhme geografach agus gnó a chomhdhéanaimh comhchuibhithe chun réigiúin gheografacha faoi ghannionadaíocht agus eisitheoirí ar geallsealbhóirí barrthábhachtacha iad in ábhair iarthrádála urrús agus i mbainistíocht comhthaobhachtaí a chuimsiú. Beidh an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le dréachtdlí i dtaca le himréiteach agus socraíocht íocaíochtaí

An 2 Nollaig 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/42 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Sualainne.

Tuairim ó BCE maidir le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunaítear sásra ceartúcháin margaidh chun saoránaigh agus an geilleagar a chosaint ar phraghsanna ró-ard

An 2 Nollaig 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/44 arna iarraidh sin do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim BCE maidir le toirmeasc ar íocaíochtaí in airgead tirim in idirbhearta eastáit réadaigh agus maidir le toimhde neamhiontaofa daoine a ndéanann córas beart sriantach an Aontais difear dóibh

An 5 Nollaig 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/43 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Gearmáine.

Rialachas corparáideach

Leasuithe ar na rialacha eitice is infheidhme maidir le hoifigigh ardleibhéil an Bhainc Cheannais Eorpaigh

Ag deireadh mhí na Samhna 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe leagan feabhsaithe den Chód Iompair le hAghaidh Oifigigh Ardleibhéil BCE (Cód Aonair) trí shrianta breise a fhorchur ar na rialacha a bhaineann le hidirbhearta airgeadais príobháideacha. Tagann an creat athbhreithnithe in ionad Chód Aonair 2019 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Athbhreithniú tríbhliantúil ar choistí an Eurochórais/CEBC

An 2 Nollaig 2022, mar chuid den athbhreithniú tríbhliantúil ar shainorduithe na gcoistí, chuir an Chomhairle Rialaithe síneadh le sainorduithe choistí an Eurochórais/CEBC a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 9.1 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh go ceann téarma trí bliana eile; beidh deireadh leo anois an 31 Nollaig 2025. Chuir an Chomhairle Rialaithe síneadh freisin le sainorduithe na Comhdhála Eitice agus Comhlíontachta (ECC) agus na Comhdhála Acmhainní Daonna (HRC), ar bunaíodh iad araon i gcomhréir le hAirteagal 9a de na Rialacha Nós Imeachta. Tá ainmneacha na gcomhdhálacha sin le hathrú go dtí an Coiste Eitice agus Comhlíontachta agus an Coiste Acmhainní Daonna, faoi seach. Ina theannta sin, cheap an Chomhairle Rialaithe, don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025, Denis Beau, Céad Leas-Ghobharnóir Banque de France, ina Chathaoirleach ar an gCoiste Buiséid (BUCOM); Olaf Sleijpen, Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin De Nederlandsche Bank, mar Chathaoirleach ar an gCoiste maidir le Rialú (COMCO); agus Pedro Raposo, Stiúrthóir Acmhainní Daonna ag Banco de Portugal, mar Chomhchathaoirleach BCN ar an gCoiste Acmhainní Daonna (HRC). Dheimhnigh an Chomhairle Rialaithe freisin athcheapadh gach cathaoirligh coiste eile go dtí an 31 Nollaig 2025.

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hiniúchóirí seachtracha Oesterreichische Nationalbank

An 13 Nollaig 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2022/44 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Oesterreichische Nationalbank.

Nótaí bainc agus boinn

An dara staidéar ar an dearcadh i leith íocaíochta atá ag tomhaltóirí sa limistéar euro

An 8 Nollaig 2022 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire tuarascáil a d’ullmhaigh an Coiste um Nótaí Bainc (BANCO) agus an Coiste um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí (MIPC) de chuid an Eurochórais/CEBC maidir le torthaí an dara staidéar ar an dearcadh i leith íocaíochta atá ag tomhaltóirí sa limistéar euro (SPACE). Rinneadh an suirbhé lena mbaineann idir Deireadh Fómhair 2021 agus Meitheamh 2022 in 17 dtír sa limistéar euro. Tá a gcuid suirbhéanna féin á ndéanamh ag Deutsche Bundesbank agus De Nederlandsche Bank, mar aon le Comhlachas Íocaíochtaí na hÍsiltíre, ar dhearcaí i leith íocaíochta le breis agus deich mbliana anuas, agus rinneadh a gcuid sonraí don tréimhse 2021-22 a chomhtháthú le sonraí ón gcuid eile den limistéar euro. Cé go bhfuil an t‑aistriú i dtreo íocaíochtaí gan airgead tirim fós ann, mar a léirítear sa tuarascáil, tá ról tábhachtach fós ag an airgead tirim. Tá sé fós ar an modh íocaíochta is minice a úsáidtear ag an bpointe díola agus le haghaidh íocaíochtaí ó dhuine go duine. Mar sin féin, tá méadú ag teacht ar líon na n‑íocaíochtaí gan airgead tirim, agus aistriú ó cheannacháin ag an bpointe díola go ceannacháin ar líne mar thaca leis sin. Foilseofar na torthaí ón dara staidéar SPACE go luath ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tosaíochtaí maoirseachta don tréimhse 2023-2025 faoin Sásra Maoirseachta Aonair

An 5 Nollaig 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta doiciméid dar teideal “ECB Banking Supervision: SSM supervisory priorities for 2023-2025” [Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh: tosaíochtaí maoirseachta don tréimhse 2023-2025 faoin Sásra Maoirseachta Aonair] a fhoilsiú. Tá an doiciméad ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhlíonadh Threoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh an Phróisis Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta agus na tástála struis maoirseachta

An 7 Nollaig 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach go bhfuil sé de rún ag an mBanc Ceannais Eorpach, maidir leis na institiúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, Treoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh an Phróisis Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta agus na tástála struis maoirseachta faoi Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2023 (EBA/GL/2022/03).

Tuarascáil 2022 ar mhaoirseacht ar institiúidí ar lú a suntas (LSInna)

An 8 Nollaig 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta doiciméid dar teideal LSI supervision report 2022 [Tuarascáil 2022 maidir le maoirseacht ar LSInna] a fhoilsiú. An 8 Meán Fómhair 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta doiciméid dar teideal LSI supervision report 2022 [Tuarascáil 2022 maidir le maoirseacht ar LSInna] a fhoilsiú. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le dea‑chleachtais i dtaca le tástáil struis comhshaoil

An 14 Nollaig 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta an doiciméad dar teideal “ECB report on good practices for climate stress testing” [Tuarascáil Bhliantúil ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le dea‑chleachtais i dtaca le tástáil struis comhshaoil] a fhoilsiú. Cuirfear an doiciméad ar fáil go luath ar shuíomh gréasáin Maoirseachta Baincéireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa