Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Deireadh Fómhair 2022

28 Deireadh Fómhair 2022

Beartas airgeadaíochta

Síneadh ar an socrú babhtála airgeadra déthaobhach euro-renminbi le Daonbhanc na Síne

An 10 Deireadh Fómhair 2022, d’fhógair an Banc Ceannais Eorpach an síneadh ar an socrú babhtála airgeadra déthaobhach euro-renminbi idir an Banc Ceannais Eorpach agus Daonbhanc na Síne le haghaidh trí bliana eile. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Coigeartú an tríú sraith oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha (TLTRO III)

An 27 Deireadh Fómhair 2022 chinn an Chomhairle Rialaithe coinníollacha TLTRO III a choigeartú chun comhsheasmhacht le próiseas leathan normalaithe an bheartais airgeadaíochta a áirithiú. Tá preasráiteas lena mbaineann ina bhfuil tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Athrú ar íocaíocht cúlchistí íosta

An 27 Deireadh Fómhair 2022 chinn an Chomhairle Rialaithe íocaíocht cúlchistí íosta a shocrú ag ráta shaoráid taisce an Eurochórais le feidhm ó thús na tréimhse cothabhála cúlchiste dar tús an 21 Nollaig 2022. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Oibríochtaí margaidh

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le forálacha idirthréimhseacha chun ceanglais íosta cúlchiste a chur i bhfeidhm sa Chróit

An 20 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Banc Ceannais Eorpach Cinneadh BCE/2022/36 maidir le forálacha idirthréimhseacha chun ceanglais íosta cúlchiste a chur i bhfeidhm ag BCE tar éis an euro a thabhairt isteach sa Chróit. Ón 1 Eanáir 2023 amach, beidh institiúidí creidmheasa agus brainsí d’institiúidí creidmheasa atá lonnaithe sa Chróit faoi réir cheanglais íosta cúlchiste an Eurochórais. Ós rud é go ritheann an tréimhse cothabhála cúlchiste tráthrialta ón 21 Nollaig 2022 go dtí an 7 Feabhra 2023, is gá forálacha idirthréimhseacha a bheith ann chun a áirithiú go ndéanfar na hinstitiúidí creidmheasa ábhartha a chomhtháthú go réidh i gcóras cúlchistí íosta an Eurochórais, gan ualach díréireach a chur orthu. I gcomhréir le cleachtas roimhe seo i gcás inar ghlac tíortha eile an euro, déantar foráil sa Chinneadh le haghaidh idirthréimhse cothabhála, sa chás sonrach seo ón 1 Eanáir go dtí an 7 Feabhra 2023, chun na ceanglais íosta cúlchiste a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa atá lonnaithe sa Chróit. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Leasuithe teicniúla ar chreat dlíthiúil TARGET2-Securities (T2S)

An 28 Meán Fómhair 2022 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire athbhreithnithe a bhaineann le Sceideal 6 de Chreat‑Chomhaontú T2S agus de Chomhaontú Rannpháirtíochta Airgeadra T2S. Leagtar amach i Sceideal 6 Comhaontú um Leibhéal Seirbhísí T2S ina sainmhínítear go háirithe: (i) leibhéil na seirbhísí faoina bhfuil an tEurochóras chun seirbhisí T2S a sholáthar do na taisclanna lárnacha urrús rannpháirteacha agus do na bainc cheannais nasctha taobh amuigh den limistéar euro, agus (ii) na príomhtháscairí feidhmíochta. Spreagadh na leasuithe mar chuid de phróiseas athbhreithnithe tráthrialta SLA.

Seoladh athsceidealaithe córais íocaíochta mórdhíola athnuaite

An 20 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe seoladh an chórais nua ollsocraíochta fíor-ama agus a shamhail um bainistíocht leachtachta lárnaí, T2, a athsceidealú. Cuireadh an cur i bhfeidhm siar ceithre mhí, ón 21 Samhain 2022 go dtí an 20 Márta 2023. Spreagadh an cinneadh leis an ngá tuilleadh ama a thabhairt d’úsáideoirí chun a dtástáil a dhéanamh i dtimpeallacht chobhsaí. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Staitisticí

Athbhreithniú ar an gcreat neamhchomhlíonta maidir le tuairisciú staidrimh

An 29 Meán Fómhair 2022 chuir an Chomhairle Rialaithe a athbhreithniú i gcrích ar an gcreat neamhchomhlíonta maidir le tuairisciú staidrimh. Ba é cuspóir an athbhreithnithe an creat a dhéanamh níos éifeachtúla, na nósanna imeachta ábhartha a chuíchóiriú agus róil na n‑institiúidí ábhartha sa phróiseas a shoiléiriú. De thoradh an athbhreithnithe, ghlac an Chomhairle Rialaithe Rialachán BCE/2022/31 maidir le nósanna imeachta sáraithe i gcásanna neamhchomhlíonta le ceanglais maidir le tuairisciú staidrimh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh BCE/2010/10, agus Cinneadh BCE/2022/32 maidir leis an modheolaíocht chun smachtbhannaí a ríomh maidir le sáruithe líomhnaithe ar cheanglais maidir le tuairisciú staidrimh. Cuireadh an dréacht‑Rialachán i gcrích tar éis chonclúid comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh in 2021. Tá an ráiteas aiseolais lena mbaineann ina gcuirtear i láthair measúnú an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar na barúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh, mar aon le tuilleadh faisnéise maidir leis an athbhreithniú.

Nótaí bainc agus boinn

Leasuithe ar Chinneadh BCE/2020/24 maidir le nósanna imeachta creidiúnaithe do mhonaróirí ítimí slána euro agus ítimí euro

An 13 Deireadh Fómhair 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2022/35 lena leasaítear Cinneadh BCE/2020/24 maidir le nósanna imeachta creidiúnaithe do mhonaróirí ítimí slána euro agus ítimí euro. Is é is aidhm do na hathruithe a tugadh isteach cur chun feidhme éifeachtúil agus praiticiúil na gceanglas eiticiúil a bhaineann le creidiúnú do mhonaróirí ítimí slána euro agus ítimí euro a áirithiú.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Foilsiú doiciméad nuashonraithe maidir le próiseas réamhiarratais Imscrúdú na Samhla Inmheánaí (IMI)

An 20 Meán Fómhair 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta doiciméid nuashonraithe maidir le próiseas réamhiarratais IMI a fhoilsiú. Cuimsítear leis na hathbhreithnithe teimpléid den Cheistneoir Féinmheasúnaithe le haghaidh riosca creidmheasa agus riosca margaidh, na foirmeacha réamhiarratais agus na foirmeacha iarratais, agus na treoirlínte lena mbaineann maidir leis na foirmeacha réamhiarratais agus na foirmeacha iarratais. Tá na doiciméid nuashonraithe ar fáil faoi roinn Imscrúduithe na Samhla Inmheánaí ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairliúchán poiblí maidir leis an dréacht‑Treoirleabhar ar nósanna imeachta um shealúchas cáilitheach

An 23 Meán Fómhair 2022 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir leis an dréacht‑Treoirleabhar ar nósanna imeachta um shealúchas cáilitheach. Is é is aidhm don Treoirleabhar soiléiriú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann an Banc Ceannais Eorpach measúnú ar iarratais chun sealúchais cháilitheacha a fháil i mbainc. Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an 9 Samhain 2022. Tá an preasráiteas lena mbaineann ina bhfuil tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa