Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Márta 2022

25 Márta 2022

Cumarsáid sheachtrach

Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2021

An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2021, a chuirfear i láthair do Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh in 22 theanga de chuid an Aontais Eorpaigh an 28 Aibreán 2022.

Beartas airgeadaíochta

Nuashonrú ar cheistneoir an tsuirbhé ar iasachtú bainc sa limistéar euro

An 17 Feabhra 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe teacht isteach ceistneora caighdeánaithe athbhreithnithe le haghaidh an tSuirbhé ar Iasachtú Bainc, a chuirfear ar fáil ar rannóg ar leith ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh i mí Aibreáin 2022. Tá sé d’aidhm ag na hathbhreithnithe léargais níos mionsonraithe a chur ar fáil ar na tosca atá le hathruithe i gcaighdeáin chreidmheasa agus i dtéarmaí agus coinníollacha creidmheasa le haghaidh iasachtaí do ghnólachtaí agus do theaghlaigh.

Comhlíontacht na mbanc ceannais le toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus ar rochtain faoi phribhléid

An 23 Márta 2022, i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) ina sanntar an cúram don Bhanc Ceannais Eorpach faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht bhanc ceannais an Aontais Eorpaigh leis na toirmisc dá dtagraítear in Airteagail 123 agus 124 de CFAE agus sna rialacháin lena mbaineann, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil chomhlíontachta le haghaidh na bliana 2021. Cuirfear tuilleadh faisnéise faoin ábhar seo ar fáil i gcuid ar leith de Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2021 a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 28 Aibreán 2022.

Oibríochtaí margaidh

Creat comhthaobhachta an Eurochórais a chur in oiriúint i bhfianaise na Treorach maidir le Bannaí faoi Chumhdach

An 17 Feabhra 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe modhnuithe ar chreat comhthaobhachta an Eurochórais chun a chomhsheasmhacht leis an bpacáiste reachtaíochta nua maidir le bannaí faoi chumhdach a áirithiú (Treoir (AE) 2019/2162 a mbeidh bearta trasuite i bhfeidhm lena haghaidh ón 8 Iúil 2022 ar a dhéanaí agus Rialachán (AE) 2019/2160, a thiocfaidh i bhfeidhm an 8 Iúil 2022) agus, dá réir, (i) bannaí reachtacha LEE faoi chumhdach arna n‑eisiúint tar éis an 8 Iúil 2022 nach gcomhlíonann na bearta náisiúnta lena gcuirtear an Treoir maidir le Bannaí faoi Chumhdach (CBD) chun feidhme, ní bheidh siad incháilithe mar chomhthaobhacht Eurochórais ná le ceannach faoi CBPP3; (ii) bannaí reachtacha LEE faoi chumhdach arna n‑eisiúint tar éis 8 Iúil 2022 i ndlínsí nár tháinig an dlí náisiúnta i bhfeidhm fós lena gcuirtear CBD chun feidhme, ní bheidh siad incháilithe ach oiread mar chomhthaobhacht Eurochórais go dtí go mbeidh feidhm ag an dlí náisiúnta cur chun feidhme; (iii) níl athrú ar incháilitheacht multicédulas ná ar bhannaí reachtacha G10 neamh‑LEE faoi chumhdach; (iv) glactar le bannaí faoi chumhdach arna gcomhthiomsú in inghrúpa mar chomhthaobhacht Eurochórais cé go n-eisiatar iad ó chomhthaobhacht féinúsáide agus, dá bharr sin, ó cheannach faoi CBPP3, faoi réir fhaireachán géar an Eurochórais (a d’fhéadfadh athbhreithniú ar a n‑incháilitheacht teacht as de réir mar is iomchuí); agus (v) na ceanglais atá ann cheana le haghaidh bannaí reachtacha LEE faoi chumhdach a urraítear le ABSs, ní bheidh feidhm acu le bannaí faoi chumhdach a eisítear roimh 8 Iúil 2022. Léireofar na modhnuithe i dtreoirlínte cur chun feidhme beartais airgeadaíochta an Eurochórais in am trátha.

Athbhreithniú ar íocaíocht taiscí neamh-bheartas airgeadaíochta ar leibhéal an Eurochórais

An 17 Feabhra 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an t-ailíniú idir íocaíocht taiscí rialtais:
(i) faoi Threoirlíne BCE/2019/7 maidir le hoibríochtaí sócmhainní intíre agus bainistíochta dliteanais arna ndéanamh ag na bainc cheannais náisiúnta (Treoirlíne DALM); (ii) faoi Threoirlíne BCE/2012/27 maidir le Córas um Mearaistriú Tras-Eorpach Uathoibrithe le haghaidh Ollsocraíocht Fíor-Ama (TARGET2); (iii) faoi Chinneadh BCE/2010/4 maidir le bainistíocht iasachtaí déthaobhacha arna gcomhthiomsú chun leasa na Poblachta Heilléanaí agus lena leasaítear Cinneadh BCE/2007/7; (iv) faoi chomhaontuithe déthaobhacha idir an Banc Ceannais Eorpach agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach/an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais; agus ghlac sí na gníomhartha dlí comhfhreagracha, go háirithe: (i) Treoirlíne BCE/2022/4 lena leasaítear Treoirlíne TARGET2; agus (ii) Cinneadh BCE/2022/5 maidir le híocaíocht sealúchas cúlchistí iomarcacha agus taiscí áirithe.

Leasú ar Chinneadh BCE/2010/17 maidir le forálacha íocaíochta

An 17 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2022/11 lena leasaítear Cinneadh BCE 2010/17 maidir le riarachán oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas faoin sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais. Ba ghá Cinneadh BCE/2010/17 a leasú ar mhaithe leis an gcinnteacht dhlíthiúil agus chun forálacha íocaíochta atá imithe as feidhm a bhaint de agus chun tagairt dhíreach a dhéanamh do na rialacha íocaíochta is infheidhme faoi láthair a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Chinneadh BCE/2019/31 arna leasú ag Cinneadh BCE/2022/5.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Freagra ón mBanc Ceannais Eorpach ar Ghlaoch ar Chomhairle ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an athbhreithniú ar chreat macrastuamachta an Aontais Eorpaigh

An 23 Márta 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an freagra ón mBanc Ceannais Eorpach ar an nGlaoch ar Chomhairle ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an athbhreithniú ar chreat macrastuamachta an Aontais Eorpaigh. Tá an Banc Ceannais Eorpach, ina cháil mar údarás ainmnithe, ar cheann de sheolaí an Ghlaoigh ar Chomhairle. Is gá don Choimisiún Eorpach athbhreithniú ar na forálacha macrastuamachta sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus sa Treoir um Riachtanais Chaipitil a chur i gcrích faoi Mheitheamh 2022 agus, más iomchuí, togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi Nollaig 2022. Áirítear i bhfreagra an Bhainc Ceannais Eorpaigh roinnt tograí beartais chun an creat macrastuamachta a fheabhsú lena gcumhdaítear ceithre mhór-réimse: a) dearadh agus oibriú foriomlán an chreata maolán, b) ionstraimí atá imithe as feidhm c) breithnithe maidir leis an margadh inmheánach, agus d) rioscaí domhanda. Déanfar an freagra a thíolacadh don Choimisiún Eorpach agus cuirfear ar fáil é ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh faoi dheireadh Mhárta 2022.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Treoirlíne an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir hUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach don ré nua

An 24 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne BCE/2022/8 maidir le Uathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach don ré nua agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/27. Tugtar TARGET isteach mar thoradh ar thionscnamh comhdhlúite TARGET2 agus urrúis TARGET2 a d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe i Nollaig 2017. Leis an ardán comhdhlúite, beifear in ann laghdú a bhain amach ar chostais oibriúcháin comhcheangailte agus feabhas a chur ar bhainistíocht leachtachta ar fud na seirbhísí éagsúla. Tiocfaidh TARGET in áit TARGET2 an 21 Samhain 2022

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le bannaí faoi chumhdach sa Bhulgáir

An 22 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/6 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na Bulgáire.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le bunú agus oibriú chlár lárnach na gcuntas sa tSlóvaic

An 1 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/7 ar iarratas ó Aire Intíre Phoblacht na Slóvaice.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le bearta macrastuamachta san Fhionlainn

An 4 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/8 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na Fionlainne.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le teorainneacha ar íocaíochtaí in airgead tirim sa Spáinn

An 15 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/9 arna hullmhú ar thionscnamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh féin.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le Reacht Banca d’Italia

An 18 Márta, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/10 arna hullmhú ar iarratas ó Banca d’Italia.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach ar thogra lena leasófar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca coigeartaithe luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta ríofa aschuir

An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/X ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa.

Rialachas corparáideach

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige

An 17 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2022/3 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Bhanc na Gréige.

Síneadh comhaltais ar Choiste Eitice agus ar Choiste Iniúchóireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 18 Feabhra 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe síneadh a chur le comhaltas an Uasail Patrick Honohan ar Choiste Eitice agus ar Choiste Iniúchóra an Bhainc Ceannais Eorpaigh go dtí an 31 Nollaig 2022.

Staitisticí

Nuashonrú bliantúil ar liosta na ngníomhaireachtaí tuairiscithe ar staitisticí grúpa sealúchais urrús

An 18 Márta 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an liosta nuashonraithe de ghníomhaireachtaí tuairiscithe sonraí grúpa a bhaineann le staitisticí ar shealúchais urrús. Ó 2016 i leith, tá nuashonrú déanta ar an liosta uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn na gcritéar cainníochta agus cáilíochta a leagtar amach in Airteagal 2(4) de Rialachán BCE /2012/24. Na heintitis a rachaidh na hathruithe i bhfeidhm orthu, tabharfaidh an banc ceannais náisiúnta lena mbaineann fógra dóibh de bhun Airteagal 2(8) de Rialachán BCE/2012/24.

Maoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach ar an nós imeachta baill foirne a eisiamh ón toimhde maidir le tionchar ábhartha ar phróifíl riosca institiúide creidmheasa faoi mhaoirseacht

An 18 Feabhra 2022, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta glacadh le Cinneadh BCE/2022/6 lena leasaítear Cinneadh BCE/2015/38 um an nós imeachta baill foirne a eisiamh ón toimhde maidir le tionchar ábhartha ar phrófíl riosca institiúide creidmheasa faoi mhaoirseacht.

Tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochta maoirseachta 2021

An 1 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochta maoirseachta 2021 agus d’fhormheas sí a foilsithe agus í a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún Eorpach, an Grúpa Euro, agus parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteach. Foilseofar an tuarascáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 31 Márta 2022, an dáta a chuirfidh Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta í faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpaigh maidir leis an méid foriomlán le tobhach ar chúraimí maoirseachta in 2021

An 1 Márta 2022, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta Cinneadh BCE/2022/7 a ghlacadh maidir le méid foriomlán na dtáillí le haghaidh 2021. Cuirfear an cinneadh ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc ceannais Eorpaigh faoi dheireadh Mhárta 2022, tráth a fhoilseofar Tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochta maoirseachta 2021.

Treoir an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le hidirbhearta urrúsacháin a fhógairt

An 2 Márta 2022, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta Treoir an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le hidirbhearta urrúsacháin a fhógairt. Sa treoir neamhcheangailteach seo, leagtar amach na cleachtais um fhógra a mholtar d’institiúidí suntasacha a leanúint, arb institiúidí iad a ghníomhaíonn mar thionscnóirí nó mar urraitheoirí idirbhirt urrúsacháin, d’fhonn an fhaisnéis is gá a sholáthar don Bhanc Ceannais Eorpach chun maoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagail 6 go 8 den Rialachán Urrúsacháin. Tá an Treoir ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tuarascáil an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le dul chun cinn banc i dtreo a bpróifílí rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil a nochtadh go trédhearcach

An 7 Márta 2022, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta tuarascáil a fhoilsiú ina gcuirtear an dara léargas ar fáil ar leibhéal an nochtaithe i gcás rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil i measc institiúidí suntasacha. Breithnítear sa mheastachán freisin a mhéid atá bunús maith faoi nochtuithe na mbanc agus tugtar réamhléiriú ar a ullmhaithe atá siad le haghaidh ceanglais atá le teacht. Tá an Tuarascáil agus an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

***

De bharr shaoire na Cásca, eiseofar an chéad eagrán eile den doiciméad seo ar 3pm, Dé Máirt an 19 Aibreán 2022.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa