Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Ceisteanna Coitianta faoi nochtaí airgeadais de chuid an Eurochórais a bhaineann leis an aeráid

Ó 2023 i leith, d’fhoilsigh bainc cheannais uile an Eurochórais nochtaí bliantúla airgeadais a bhaineann leis an aeráid.

Cuirtear faisnéis ar fáil sna freagraí ar na ceisteanna coitianta seo a leanas maidir leis na nochtaí sin, lena n-áirítear a raon feidhme, na sonraí a úsáidtear agus an mhodheolaíocht atá taobh thiar díobh.

Tá tuilleadh sonraí faoi nochtaí airgeadais bhaill an Eurochórais a bhaineann leis an aeráid le fáil inár bpreaseisiúint agus sa rannán tiomnaithe dár suíomh gréasáin.

C1 Cén fáth a bhfoilsíonn an tEurochóras nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid?

Trína nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid, tá sé mar aidhm ag an Eurochóras an trédhearcacht a fheabhsú maidir le tionchar aeráide a chuid punann airgeadais agus neamhchosaint na bpunann sin ar rioscaí aeráide. Ar bhonn níos leithne, feabhsaíonn na nochtaí sin feasacht agus tuiscint ar rioscaí aeráide ar fud na hearnála airgeadais agus i leith punanna airgeadais, cuireann siad comhchuibhiú na gcleachtas nochta chun cinn trí chaighdeáin mhargaidh atá ag éabhlóidiú a leanúint, agus tacaíonn siad le cuspóirí an Aontais Eorpaigh maidir le neodracht aeráide agus aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin.

C2 Cad iad na punanna atá cumhdaithe ag na nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid?

Nochtann bainc cheannais uile an Eurochórais faisnéis a bhaineann leis an aeráid faoina bpunanna beartais neamhairgeadaíochta, a bhainistíonn siad faoina bhfreagracht féin. Ina theannta sin, foilsíonn an tEurochóras nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid don earnáil phoiblí, bannaí corparáideacha agus bannaí faoi chumhdach arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP). Tá roinn maidir le cúlchistí eachtracha BCE ar áireamh freisin sa tuarascáil ar shealúchais CCS agus CCÉP, a fhoilsíonn BCE. Déantar athbhreithniú bliantúil ar raon feidhme na nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid chun forbairtí i sonraí, i modheolaíochtaí agus cleachtais nochta a thabhairt san áireamh.

C3 Cén fáth nach nochtar faisnéis a bhaineann leis an aeráid don chlár comhardaithe iomlán?

Nochtann an tEurochóras faisnéis a bhaineann leis an aeráid do shócmhainní atá ar a chlár comhardaithe agus a bhfuil dóthain sonraí aeráide ar fáil ina leith. Cuimsíonn na nochtaí sin formhór ár míreanna den chlár comhardaithe. Déantar sócmhainní agus punanna áirithe, amhail urrúis arna sealbhú faoin gclár ceannaithe urrús de bhun sócmhainní (ABSPP), chomh maith le sealúchais óir fhisicigh, cearta tarraingthe speisialta, agus airgead tirim agus coibhéisí airgid thirim i gcúlchistí eachtracha BCE, a eisiamh ón raon feidhme, toisc nach bhfuil dóthain sonraí aeráide ná dóthain treoir mhodheolaíochta ar fáil. Tá an tEurochóras ag plé le lucht socraithe caighdeán agus le soláthraithe sonraí aeráide chun infhaighteacht agus cáilíocht sonraí aeráide a fheabhsú le himeacht ama.

C4. Cén mhodheolaíocht a úsáidtear le haghaidh na nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid?

D’fhorbair baill an Eurochórais prionsabail nochta choiteanna an Eurochórais i dteannta a chéile; díríonn na prionsabail sin ar phunanna beartais neamhairgeadaíochta. Tá na prionsabail sin, a ndéantar iad a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta, bunaithe ar na moltaí ón Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid (TFCD). Rinneadh TCFD a dhíscaoileadh i mí Dheireadh Fómhair 2023 ós rud é go ndearnadh a chuid moltaí a ionchorprú in 2024 sna caighdeáin arna leagan síos ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta, comhlacht neamhspleách um chaighdeáin a shocrú laistigh d’Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS). Tugann an tEurochóras san áireamh freisin an treoraíocht ón gComhpháirtíocht um Airgeadas Cuntasaíochta Carbóin (PCAF), agus ó Líonra na mBanc Ceannais agus na Maoirseoirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS), a sholáthraíonn caighdeáin a úsáidtear agus a nglactar leo go forleathan maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta. Cuireadh na prionsabail in oiriúint do shaintréithe phunanna beartais neamhairgeadaíochta an Eurochórais. Tá tuilleadh sonraí maidir leis na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm le fáil sna tuarascálacha.

C5 An gcumhdaítear leis na nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid rioscaí a bhaineann le caillteanas agus díghrádú an dúlra?

Ó 2025 i leith, tá táscaire a bhaineann leis an dúlra curtha sna tuarascálacha ag roinnt de bhainc cheannais an Eurochórais, lena n-áirítear BCE. Leis an táscaire seo, tomhaistear neamhchosaint sealúchas corparáideach ar earnálacha a bhfuil tionchair ábhartha nó spleáchais ábhartha acu ar an dúlra, agus molann an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Dúlra é. Nochtar an mhéadracht sin freisin i leith phunanna beartais airgeadaíochta an Eurochórais. De réir mar a thagann feabhas ar shonraí a bhaineann leis an dúlra, tá sé beartaithe againn ár nochtaí a leathnú sna blianta amach romhainn.

C6 Cén chomparáid is féidir a dhéanamh idir an mhodheolaíocht tuairiscithe do shealúchais sócmhainní beartais airgeadaíochta faoi CCS agus faoi CCÉP agus an mhodheolaíocht le haghaidh punanna beartais neamhairgeadaíochta?

Den chuid is mó, leanann nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid maidir le sealúchais san earnáil phoiblí, sealúchais bannaí corparáideacha agus sealúchais bannaí faoi chumhdach faoi CCS agus faoi CCÉP an mhodheolaíocht chéanna a úsáidtear le haghaidh punanna beartais neamhairgeadaíochta, bunaithe ar phrionsabail nochta choiteanna an Eurochórais. Aon difríochtaí modheolaíochta atá ann, is léiriú iad gur de chineál beartais airgeadaíochta iad na punanna CCS agus CCÉP agus léiriú freisin ar chomhtháthú leanúnach bhreithnithe an athraithe aeráide i gcreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais. Mar shampla, braitheann sealúchais chorparáideacha i nochtaí CCS agus CCÉP ar shonraí astaíochtaí arna dtuairisciú ag eisitheoirí amháin, agus féadfaidh nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid le haghaidh punanna beartais neamhairgeadaíochta a bheith ag brath freisin ar shonraí measta astaíochtaí ó sholáthraithe sonraí aeráide i gcás nach bhfuil sonraí astaíochtaí féintuairiscithe ar fáil.

C7 Cé na sonraí a úsáidtear in bhur gcuid ríomhanna?

I gcás thuarascálacha 2026, braitheann an tEurochóras ar shonraí aeráide agus airgeadais ó dhá sholáthraí speisialaithe: Seirbhísí Scairshealbhóirí Institiúideacha (ISS). De bharr dhul in éag an chonartha le Carbon4 Finance (C4F), is sonraí ISS amháin a chuireann BCE agus formhór bhaill an Eurochórais i bhfeidhm anois; bhí tionchar beag aige sin ar roinnt treochtaí stairiúla maidir le hastaíochtaí tomhaltais cheannasaigh. Mar thoradh ar phróiseas athsholáthair ar fud an Eurochórais faoi stiúir Deutsche Bundesbank inar breithníodh cáilíocht sonraí, cumhdach sonraí agus gnéithe costais is tairbhe, roghnaíodh dhá sholáthraí sonraí a úsáidfear le haghaidh na gcéad bhabhtaí eile nochtaí. Chomh maith le sonraí ó na soláthraithe sin, comhlánaíonn baill an Eurochórais a nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid le sonraí aeráide ó sholáthraithe sonraí eile atá ar fáil dóibh.

C8 Cén fáth a ndéantar sonraí na n-eisitheoirí maidir le dícharbónú a chomhtháthú le haga moille suntasach?

Bíonn sonraí astaíochtaí na n-eisitheoirí ar fáil le moill bliana i gcás eisitheoirí neamhcheannasacha agus suas le dhá bhliain i gcás eisitheoirí ceannasacha. Ar chúiseanna comhsheasmhachta, sna méadrachtaí astaíochta coibhneasta úsáidtear sonraí airgeadais na bliana céanna leis na méadrachtaí astaíochta. Fágann sé sin go mbíonn neamhréir ann idir bliain tagartha na sonraí sealúchais is déanaí agus na sonraí stairiúla aeráide (agus airgeadais). Chun bheith fós in ann tuairisciú ar na sealúchais phunainne is déanaí, úsáideann an tEurochóras na sonraí astaíochtaí is déanaí atá ar fáil ó gach eisitheoir chun an mhéadracht a ríomh. I dtuarascáil gach bliana, déantar méadrachtaí roimhe sin a thabhairt cothrom le dáta go cúlghabhálach i dtaobh na bliana a bhfuil sonraí aeráide nua ar fáil ina leith.

C9 Cén fáth a n-úsáidtear an mheándéine ualaithe carbóin, iomlán na n-astaíochtaí carbóin agus an lorg carbóin mar mhéadracht don nochtadh?

Is iad an mheándéine ualaithe carbóin (WACI), iomlán na n-astaíochtaí carbóin agus an lorg carbóin na trí phríomh-mhéadracht a úsáidtear i bprionsabail nochta choiteanna an Eurochórais. Mhol an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid (TCFD) iad go léir d’úinéirí sócmhainní. Comhlánaíonn méadracht normalaithe (amhail an mheándéine ualaithe carbóin (WACI) agus an lorg carbóin) agus dearbh-mhéadracht (amhail iomlán na n-astaíochtaí carbóin) a chéile agus, i dteannta a chéile, cuireann siad leibhéal ard trédhearcachta ar fáil maidir le tionchar na bpunann ar an aeráid agus maidir lena neamhchosaint ar rioscaí aeráide. Baineann siad tairbhe as modheolaíocht chaighdeánaithe agus úsáidtear go forleathan iad i dtuairisciú a bhaineann leis an aeráid ar fud na hearnála airgeadais. Tá de rogha ag baill an Eurochórais méadracht eile a thuairisciú freisin chun an trédhearcacht a fheabhsú.

C10 Cuireadh méadracht choibhneasta Scóip 3 le haghaidh eisitheoirí neamhfhlaithiúnais isteach i mbliana. Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an leathnú seo?

I mbliana tá an tEurochóras ag tuairisciú méadracht astaíochtaí coibhneasta scóip 3 i gcorp na tuarascála, rud a thagann leis na dearbhastaíochtaí scóip 3 a tuairiscíodh roimhe seo. Mar a shainmhínítear in PCAF, is éard atá in astaíochtaí scóip 3 “na hastaíochtaí indíreacha uile (nach n-áirítear i scóip 2) a tharlaíonn i slabhra luacha na heagraíochta tuairiscithe, lena n-áirítear astaíochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha araon”. Dá bhrí sin, tugann nochtaí maidir le hastaíochtaí scóip 3 léargas níos iomláine ar na hastaíochtaí a bhaineann le gach institiúid infheistiúcháin. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do shealúchais san earnáil airgeadais, a bhfuil astaíochtaí measartha beag acu óna n-oibríochtaí féin (scóip 1 agus 2) ach astaíochtaí móra scóip 3 a bhaineann le hiasachtaí agus le punanna airgeadais.

Is le cáilíocht sonraí agus le comhaireamh dúbailte astaíochtaí a bhaineann an dá phríomhtheorainn a bhaineann le nochtadh astaíochtaí scóip 3. Ar an gcéad dul síos, is lú an tuairisciú a dhéanann cuideachtaí ar shonraí astaíochtaí scóip 3 agus, dá bhrí sin, tugann soláthraithe sonraí meastachán níos mó ina leith ná mar a thugtar i gcás scóip 1 agus scóip 2. Ar an dara dul síos, i gcás ina bhfuil cuideachtaí mar chuid den slabhra luacha céanna, sanntar na hastaíochtaí céanna ina n-aonar do gach cuideachta (e.g. féadfar astaíochtaí scóip 3 i leith cuideachta amháin a thuairisciú mar astaíochtaí scóip 1 nó 2 ag cuideachta eile), rud a fhágann go ndéantar rómheastachán ar astaíochtaí. Cé nach féidir comhaireamh dúbailte den chineál sin a sheachaint, tugaimid trédhearcacht bhreise trí mhéadracht scóip 3 a thuairisciú ar leithligh ó scóip 1 agus scóip 2, mar atá molta ag PCAF.

C11 Ós rud é go ndéantar na méadrachtaí coibhneasta a normalú le luachanna airgeadais in euro, conas a imríonn boilsciú tionchar orthu?

Leis na méadrachtaí astaíochtaí coibhneasta traidisiúnta, d’fhéadfaí rómheastachán a dhéanamh ar an dul chun cinn sa dícharbónú, toisc go ríomhtar iad trí úsáid a bhaint as luach airgeadaíochta san ainmneoir (e.g. ioncam). Mar shampla, is é an WACI meán ualaithe na dtonaí d’astaíochtaí CO2 in aghaidh an mhilliúin euro d’ioncam. Ciallaíonn sé sin, dá dtiocfadh méadú ar ioncam eisitheoirí mar gheall ar bhoilsciú, go dtitfeadh an WACI go nádúrtha, rud a dhéanfadh rómheastachán ar dhul chun cinn dícharbónaithe na punainne. I mboscaí i nochtaí BCE agus an Eurochórais i mbliana, a foilsíodh in 2026, tugtar tacar méadrachtaí atá coigeartaithe de réir boilsciú; comhlánaíonn siad seo na figiúirí neamhchoigeartaithe, bunaithe ar na caighdeáin reatha. Cuirtear na coigeartuithe boilscithe i bhfeidhm maidir le méadracht astaíochtaí táirgeachta le haghaidh infheistíochtaí ceannasacha agus maidir leis an WACI le haghaidh infheistíochtaí corparáideacha. Leis na boscaí sin, tá sé d’aidhm ag BCE trédhearcacht a thuairiscithe aeráide a mhéadú tuilleadh, rud a thabharfar cothrom le dáta de réir mar a thiocfaidh tuilleadh comhthola chun cinn maidir le coigeartuithe boilscithe.

C12 Cén fáth a socraítear spriocanna laghdaithe astaíochtaí agus céard atá i gceist go díreach leo?

Is gné lárnach iad na spriocanna de mholtaí TCFD faoin gcatagóir ‘‘Méadrachtaí agus Spriocanna’’ agus is cuid thábhachtach iad de na nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid. Cuidíonn spriocanna le neamhchosaint punainne ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid a stiúradh agus a thomhas agus le bainistiú a dhéanamh ar dheiseanna a bhaineann leis an aeráid agus ar an tionchar a bhíonn ag sealúchais sócmhainní ar an aeráid. Déanann baill uile an Eurochórais a ndícheall lena áirithiú go mbeidh na punanna beartais neamhairgeadaíochta atá á mbainistiú acu agus a sealúchais bannaí corparáideacha faoi CCS agus faoi CCÉP ar chonair a thacaíonn le spriocanna Chomhaontú Pháras agus le cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais mar a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach. I gcás punanna áirithe, forlíontar spriocanna fadtéarmacha le spriocanna eatramhacha chun conair shoiléir a leagan amach i dtreo astaíochtaí punainne a laghdú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil gach ball den Eurochóras freagrach i gcónaí as gach gné a bhaineann lena phunanna beartais neamhairgeadaíochta féin a bhainistiú. Áirítear leis sin na nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid a ullmhú agus spriocanna a shainiú.

C13 Cén fáth nach nochtar na spriocanna do gach punann?

Chun spriocanna inchreidte a leagan síos chun astaíochtaí punainne a laghdú le himeacht ama, tá gá le solúbthacht chun gníomhú má imíonn laghdú iarbhír punainne ar astaíochtaí ón gconair inmhianaithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach bhforálfaí don tsolúbthacht sin le srianta a bhaineann le punann agus le haicme sócmhainní. D’fhéadfadh srianta punainne a bheith bainteach, mar shampla, le breithnithe beartais airgeadaíochta nó le stíl infheistíochta éighníomhaí (lena n-áirítear punanna coinnithe go dtí aibíocht). Ina theannta sin, tá roinnt aicmí sócmhainní ann faoi láthair nach bhfuil creat inchreidte maidir le hastaíochtaí acu.

C14 Conas a d’éirigh leis an Eurochóras obair leantach a dhéanamh ar a thiomantas spriocanna eatramhacha do phunanna earnála corparáidí a thabhairt isteach? Cad iad na spriocanna sin?

Chinn an Chomhairle Rialaithe in 2024 go socrófaí spriocanna eatramhacha maidir le laghdú astaíochtaí le haghaidh na bpunann corparáideach comhiomlán in CCS agus CCÉP. Tá feidhm ag an sprioc eatramhach sin maidir le punanna corparáideacha comhiomlána CCS agus CCÉP agus cuirtear san áireamh inti, i bhfoirm treorach, ceanglais Rialachán an Aontais maidir le Tagarmharcanna agus ceanglais an Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún a ghabhann leis. Gan dochar dá shainordú maidir le cobhsaíocht praghsanna, rinne an tEurochóras creat a dhearadh go cúramach lena gcumhdófar na heilimintí ábhartha uile chun spriocanna eatramhacha inchreidte maidir le laghdú astaíochtaí a shainiú, a thacaíonn le spriocanna Chomhaontú Pháras agus le cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais mar a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach.

Leis an gcreat sin, tá an tEurochóras ag díriú ar chonair dhícharbónaithe atá comhsheasmhach le neodracht carbóin dá phunanna bannaí corparáideacha a bhaint amach faoi 2050[1], i gcomhréir leis an gcuspóir Chomhaontú Pháras chun an téamh domhanda a theorannú go mór faoi bhun 2°C (agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1.5°C chomh maith).

Chun tacú leis an gconair fhadtéarmach sin, tá sé d’aidhm ag an Eurochóras meándéine ualaithe na n-astaíochtaí[2] a bhaineann lena phunanna corparáideacha comhiomlána a laghdú 7% ar a laghad ar an meán in aghaidh na bliana, ag tosú ó dheireadh 2021[3], mar sprioc eatramhach. Déanfaidh an tEurochóras faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na sprice eatramhaí sin agus breithneoidh sé tionchar an bhoilscithe ar chonair déine astaíochtaí na bpunann freisin. Má thugtar faoi deara go bhfuil dialltaí ann ón meánchonair dícharbónaithe inmhianaithe i leith na bpunann corparáideach comhiomlán, déanfaidh an tEurochóras measúnú ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha ar bhonn cás ar chás agus laistigh de theorainneacha a shainordaithe.

Go háirithe tar éis dheireadh na céime athinfheistíochta a thosaigh ag deireadh 2024, braitheann conair dhícharbónaithe na sealúchas bannaí corparáideacha ar roinnt nithe nach bhfuil smacht ag an Eurochóras orthu. Áirítear orthu sin éifeachtacht na n-eisitheoirí maidir lena n-oibríochtaí a dhícharbónú mar a léirítear ina bpleananna, comhdhéanamh athraitheach na sealúchas punainne le linn na céime éaga agus na gníomhaíochtaí corparáideacha (a bhféadfadh fuascailtí luatha a bheith mar thoradh orthu, mar shampla). Mar sin féin, is fiú a thabhairt faoi deara nach ndéanfaí gníomhaíocht feabhais a mheas mar fhreagairt ar dhialltaí ag eisitheoirí aonair ach amháin dá mbeadh an meánráta dícharbónaithe do na punanna comhiomlána níos lú ná an chonair inmhianaithe.

C15 An bhfuil feidhm ag na spriocanna eatramhacha le haghaidh phunanna na hearnála corparáidí ar leibhéal na punainne nó ar leibhéal na gcuideachtaí aonair?

Baineann spriocanna eatramhacha maidir le hastaíochtaí a laghdú do phunanna na hearnála corparáidí leis na sealúchais chomhiomlána CCS agus CCÉP. Ní shocraíonn an Banc Ceannais Eorpach spriocanna laghdaithe astaíochtaí do chuideachtaí aonair. Is cleachtas coiteann i measc na n-úinéirí sócmhainní é spriocanna eatramhacha a shocrú ar leibhéal na punainne.

C16 An ndéanfaidh sibh spriocanna eatramhacha agus cainníochtúla a fhorbairt tuilleadh?

Féadfaidh baill an Eurochórais roghnú a bheith ag brath ar sprioc fhadtéarmach cháilíochtúil, agus na cuspóirí sonracha le haghaidh phunanna an Eurochórais agus na srianta orthu, forbairt leanúnach na gcreataí infheistíochta glan-nialasacha do bhainc cheannais, an taithí a fuarthas le déanaí ach atá ag méadú ar fhoinsí sonraí a soláthraíodh le déanaí agus eolaíocht aeráide atá ag athrú go tapa á gcur san áireamh acu. Déanfaidh baill an Eurochórais athbhreithniú rialta ar na cleachtais nochta agus féadfaidh siad spriocanna eatramhacha agus cainníochtúla a chur leis na cleachtais sin de réir mar is iomchuí. I gcás roinnt punanna beartais neamhairgeadaíochta de chuid an Eurochórais, cuireadh spriocanna eatramhacha isteach cheana féin chun na spriocanna fadtéarmacha a chomhlánú. Má tá siad ar fáil, tá na spriocanna eatramhacha sin mionsonraithe sa roinn “Méadrachtaí agus spriocanna” de na nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid faoi seach.

C17 Cad iad spriocanna Chomhaontú Pháras agus cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais?

Leagtar amach i gComhaontú Pháras creat domhanda chun an téamh domhanda a theorannú go mór faoi bhun 2°C, agus go 1.5°C más féidir, i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha. I gcomhréir lena thiomantas do spriocanna Chomhaontú Pháras, is é is aidhm don Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Chuige sin, ghlac an tAontas an Dlí Aeráide Eorpach, lena leagtar síos sprioc atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le glanastaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa faoi 2050 don Aontas ina iomláine. Leagtar síos sa dlí freisin an sprioc eatramhach glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Déanaimid ár ndícheall a áirithiú go mbeidh ár bpunanna beartais neamhairgeadaíochta agus ár sealúchais bannaí corparáideacha ar chonair a thacaíonn le spriocanna Chomhaontú Pháras agus le cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais, agus déanfaimid faireachán rialta ar ár ndul chun cinn i dtreo ár spriocanna aeráide a bhaint amach, mar a leagtar amach iad sa Dlí Aeráide Eorpach.

C18 Conas a thomhaistear an dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide a bhaint amach?

Tomhaistear an dul chun a dhéanaimid i dtreo ár spriocanna aeráide a bhaint amach trí éabhlóid na méadrachtaí sonracha le himeacht ama. Braitheann cén mhéadracht a bhféachaimid uirthi sa mheasúnú ar an bpunann, ar an aicme sócmhainní agus ar an sprioc aeráide atá á meas. Mar shampla, is iondúil go ndéanfaí measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na hastaíochtaí a bhaineann le punann a laghdú bunaithe ar mhéadracht amhail meándéine ualaithe carbóin (WACI) nó lorg carbóin na punainne, agus dhéanfaí measúnú ar an dul chun cinn a bhaintear amach tríd an aistriú glan-nialasach a chistiú bunaithe ar an sciar den phunann ar bannaí glasa iad.

C19 An leanfaidh sibh de nochtaí rialta airgeadais a bhaineann leis an aeráid a fhoilsiú?

Tá rún daingean ag an Eurochóras na nochtaí seo a fhoilsiú ar bhonn bliantúil agus déanfaidh sé athbhreithniú rialta ar gach gné dá phrionsabail nochta choiteanna chun cáilíocht na nochtaí a fheabhsú tuilleadh agus chun a chinntiú go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm. I measc na ngnéithe a ndéanfar athbhreithniú rialta orthu tá na punanna a áirítear sa tuairisciú, na méadrachtaí agus na spriocanna tuairiscithe, agus cáilíocht agus infhaighteacht sonraí.

D’fhoilsigh an tEurochóras nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid cheana in 2023, 2024, 2025 agus 2026.

  1. Meastar go dtiocfaidh na punanna corparáideacha in aibíocht faoi 2051 ar a dhéanaí.

  2. Bunaithe ar shonraí astaíochtaí féintuairiscithe scóip 1 agus 2 na n-eisitheoirí mar a shainmhínítear sa Phrótacal maidir le Gás Ceaptha Teasa.

  3. Roghnaítear an bhliain 2021 mar bhonnlíne do dhícharbónú na bpunann, ós rud é gurb í deireadh na bliana fioscaí í roimh chinneadh an Eurochórais sprioc fhadtéarmach dhícharbónaithe a leagan síos do na punanna corparáideacha agus do cheannacháin ‘tilt’ chun breithnithe riosca aeráide a chomhtháthú, a glacadh le linn an dara leath de 2022.