Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Calaois – mí-úsáid ainm agus lógó BCE

An bhfuil BCE eolach ar aon scéimeanna calaoiseach a dhéanann a ainm agus/nó lógó a mhí-úsáid?

Tá. Tuairiscíonn saoránaigh scéimeanna calaoise go rialta, ina ndéantar mí-úsáid ar ainm agus/nó lógó BCE chomh maith le scéimeanna ina ndéantar baill foirne BCE a phearsanú. I gcásanna eile úsáideann coirpigh uimhreacha fóin a bhfuil an chuma orthu go dtagann siad ó BCE.

Má bhraitheann tú go bhfuil rud éigin mícheart faoi ríomhphost a fhaigheann tú, ná cliceáil ar aon nasc atá sa ríomhphost sin, ná hoscail aon cheangaltán agus ná freagair aon chuireadh ná feachtas atá leis.

Má dhéanann duine éigin teagmháil leat ag rá go bhfuil siad ag obair do BCE agus go bhfuil airgead de do chuid ina seilbh acu, is camscéim é. Ní banc tráchtála sinn, mar sin ní bhíonn cuntais ag baill an phobail linn.

Má fhaigheann tú glaoch gan iarraidh ó uimhir a bhfuil an chuma uirthi gur uimhir fóin BCE í (i.e. +49 69 1344 XXXX, ná tabhair aon eolas pearsanta ná airgeadais.

Ní iarrfaidh BCE riamh ort do shonraí pearsanta trí ríomhphost, fón, teachtaireacht téacs nó teachtaireacht mheandrach. Ní dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Fheidhmiúcháin teagmháil leat riamh maidir le saibhreas pearsanta nó nithe airgeadais.

Cad iad na cineálacha calaoise is coitianta?

Baineann na cineálacha camscéime is coitianta le calaoiseoirí:

  • ag rá le daoine go bhfuil táillí aistrithe trasteorann á mbailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach.

  • ag maíomh gur banc tráchtála é BCE a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta ar líne.
  • ag iarraidh ar dhaoine íocaíocht a dhéanamh trí shuíomh gréasáin bréagach baincéireachta ar líne de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh nó trí rannóg bhréige seirbhíse do chustaiméirí sa Bhanc Ceannais Eorpach.
  • ag iarraidh ar dhaoine íocaíocht a dhéanamh de bhrí go bhfuil BCE ag cur bac ar aistriú airgid
  • ag lorg íocaíochta de bhrí go bhfuil BCE ag bailiú taiscí nó íocaíochtaí chun bitcoin nó cripteashócmhainní eile a cheannach nó a scor ar airgead, nó de bhrí go bhfuil sé ag aisghabháil cistí do dhaoine ar íospartaigh chalaoise iad
  • ag spreagadh do dhaoine iasachtaí a ghlacadh ó BCE ar théarmaí an-tarraingteacha.
  • ag glaoch ar dhaoine ó uimhir a bhfuil an chuma uirthi gur uimhir fóin BCE í (i.e. +49 69 1344 XXXX) gan aon chúis shoiléir nó gan aon teagmháil roimhe sin

Má iarrann nó má mholann aon duine ort riamh aon cheann acu seo thuas, is camséim é.

Conas is féidir liom scéim chalaoiseach a aithint lena mbaineann ainm agus/nó lógó BCE?

Is minic an chuma a bheith ar chalaoiseoirí gur tháinig siad ó BCE, ach bíonn earráidí iontu de ghnáth. Seo roinnt leideanna a chabhróidh leat camscéim a aithint:

  • Seiceáil seoltóir an ríomhphoist: is ó ríomhphost dar deireadh @ecb.europa.eu nó @ecb.int a thiocfaidh ríomhphost i gcónaí a sheolfaidh BCE. Ná cuir muinín riamh i ríomhphost a seoladh ar aghaidh.
  • Seiceáil an bhfuil foclaíocht aisteach, meancóga litrithe agus earráidí clógrafacha sa téacs.
  • Seiceáil na naisc sa ríomhphost: coinnigh do chúrsóir os cionn an naisc (gan cliceáil air). Taispeánfaidh seo téacs iomlán an naisc. Taispeánfaidh roinnt clár ríomhphost é ag bun an scáileáin. Mura bhfuil “ecb.europa.eu” sa nasc, is dócha go bhfuil an ríomhphost calaoiseach.
  • Go ginearálta, bí in amhras faoi aon ríomhphost gan choinne a iarrann ort gníomh láithreach a dhéanamh (e.g. airgead a aistriú go práinneach) nó a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad rómhaith le bheith fíor.
  • Seiceáil uimhir fóin an ghlaoiteora nár iarradh: má tá an chuma uirthi gur uimhir fóin BCE (+49 69 1344 XXXX), is féidir go bhfuil spúfáil aitheantais glaoiteora déanta ort. Is é seo nuair a chuireann glaoiteoir bréagriocht d’aonturas ar an bhfaisnéis a chuirtear chun an uimhir óna bhfuil siad ag glaoch a chur as aithne.

Cad is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint?

Ná haistrigh aon airgead riamh gan a fhios agat cé a gheobhaidh é, agus ná nocht riamh faisnéis amhail uimhir do chuntais bainc, sonraí d’aitheantais phearsanta nó aon eolas pearsanta eile.

Níl BCE freagrach as camscéimeanna ag baint mí-úsáide as a ainm, lógó agus/nó seoladh agus/nó uimhreacha fóin chun calaoise a dhéanamh ar bhaill den phobal. Molaimid duit cásanna calaoise a thuairisciú do d’údaráis forfheidhmithe dlí nó treoir a lorg ó na húdaráis inniúla náisiúnta.

Ar mhaith leat níos mó eolais faoi shéanadh agus beartas cóipchirt BCE?

Foghlaim tuilleadh