Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Bealtaine 2022

20 Bealtaine 2022

Cumarsáid sheachtrach

Athnuachan na líne comhaontaithe athcheannaigh le Banca Naţională a României

An 27 Aibreán 2022, d’fhógair an Banc Ceannais Eorpach athnuachan na líne comhaontaithe athcheannaigh idir an Banc Ceannais Eorpach agus Banca Naţională a României go dtí an 15 Eanáir 2023. Tá sé d’aidhm ag an socrú seo, atá á chur in ionad na líne comhaontaithe athcheannaigh a bunaíodh in 2020 agus a chuaigh in éag an 31 Márta 2022, dul i ngleic leis an éiginnteacht agus le rioscaí iarmhairtí réigiúnacha atá ann mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin. Tá preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Cruinniú ad hoc le Gobharnóir Bhanc Náisiúnta na hÚcráine

An 4 Bealtaine 2022, d’eisigh an Banc Ceannais Eorpach preasráiteas tar éis cruinniú ad hoc de chuid Chomhairle Ghinearálta an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar ar fhreastail an tUasal Kyrylo Shevchenko, Gobharnóir Bhanc Náisiúnta na hÚcráine, mar aoi speisialta. Le linn an chruinnithe sin, phléigh na rannpháirtithe an tionchar eacnamaíoch atá ag an gcogadh san Úcráin. Seasann an Banc Ceannais Eorpach, an tEurochóras, agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) le chéile agus iad ag tacú le muintir na hÚcráine.

Oibríochtaí margaidh

Coigeartuithe ar threoirlínte cur chun feidhme beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 2 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe: (i) Treoirlíne BCE/2022/17 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais (An Treoirlíne um Dhoiciméadacht Ghinearálta; (ii) Treoirlíne BCE/2022/18 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eorachórais; agus (iii) Treoirlíne BCE/2022/19 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/31 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe Eorachórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta. Is ionann na treoirlínte leasaithe seo agus an chéad chéim maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na bearta éascaithe comhthaobhachta paindéime a tógadh isteach i mí Aibreáin 2020. Déantar critéir incháilitheachta na mbannaí atá nasctha le hinmharthanacht agus na n‑urrús de bhun sócmhainní a shoiléiriú leis na treoirlínte seo agus cuirtear creat comhthaobhachta an Eurochórais in oiriúint leo i bhfianaise na Treorach maidir le Bannaí faoi Chumhdach. Tá na gníomhartha dlí uile ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh chomh maith leis an bpreasráiteas lena mbaineann.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais – Bealtaine 2022

An 18 Bealtaine 2022, thionóil an Chomhairle Rialaithe malartú tuairimí maidir le ceisteanna cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro bunaithe ar eagrán mhí na Bealtaine 2022 den Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus d’fhormheas sí a foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Ullmhaíodh an t‑eagrán seo i gcomhthéacs an ionraidh ar an Úcráin agus an ardaithe lena mbaineann ar phraghsanna fuinnimh, éiginnteacht eacnamaíoch agus luaineachta sa mhargadh airgeadais. Déantar measúnú ann ar impleachtaí cobhsaíochta airgeadais na bhforbairtí sin le haghaidh margaí airgeadais, inbhuanaitheacht fiachais, athléimneacht banc, earnáil na n‑institiúidí neamhbhainc agus beartais mhacrastuamachta agus leagtar amach ceisteanna beartais ann don ghearrthéarma agus don mheántéarma. Tá dhá ghné‑alt speisialta sa tuairisc freisin: dírítear sa chéad cheann ar fheabhsuithe le déanaí ar fhaireachán rioscaí cobhsaíocht airgeadais arna n‑eascairt as an athrú aeráide, agus sa dara ceann, pléitear na rioscaí arna n‑eascairt as criptea-shócmhainní. Tá an tAthbhreithniú le foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 25 Bealtaine 2022.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Leasú ar Threoirlíne TARGET2

An 22 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe:Treoirlíne BCE/2022/20 lena leasaítear Treoirlíne 2013/47/AE maidir le hUathchóras Mear-Aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach (TARGET2). Leis an treoirlíne nua seo, cuirtear siar go ceann trí seachtaine cur i bhfeidhm na leasuithe a tógadh isteach le Treoirlíne BCE/2021/30 a mhéid a bhaineann le conarthaí arna dtabhairt i gcrích le soláthraithe seirbhísí gréasáin TARGET2-Securities (T2S) de bharr chur chun feidhme Thionscadal Comhdhlúthaithe T2-T2S.

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le CORE(FR) a shainaithint mar chóras íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leis

An 22 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2022/21 maidir le CORE(FR) a shainaithint mar chóras íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leis de bhun Rialachán (AE) Uimh. 795/2014 maidir le ceanglais mhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2014/37. Ullmhaíodh an cinneadh nua chun an t‑athrú ar an mbonn dlíthiúil a léiriú lena sainaithnítear CORE(FR) mar chóras íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leis.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach ar an euro a thabhairt isteach i bPoblacht na Cróite

An 14 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/15 ar iarratas ó Aire Airgeadais Phoblacht na Cróite.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach ar thogra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, riosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais

An 27 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/16 ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach ar thoirmeasc a chur ar chuideachtaí a tháirgeann mianaigh frithphearsanra, cnuasmhuinisin agus fomhuinisin a mhaoiniú

An 28 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/17 ar a tionscnamh féin.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach ar straitéis dífheistithe, struchtúr rialachais agus cearta speisialta an Chiste Heilléanaigh um Chobhsaíocht Airgeadais

An 11 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/18 ar iarratas ó Aire Airgeadais na Gréige.

Rialachas corparáideach

Sceideal chruinnithe Chomhairle Rialaithe agus Chomhairle Ghinearálta an Bhainc Ceannais Eorpaigh in 2023

An 2 Bealtaine 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe a sceideal cruinnithe le haghaidh 2023. D’fhormheas an Chomhairle Ghinearálta a sceideal cruinnithe don bhliain chéanna freisin. Cuirfear an dá amchlár ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh go luath.

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hiniúchóirí seachtracha Banco de Portugal

An 17 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2022/24 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banco de Portugal.

Staitisticí

Tuarascáil Cáilíochta 2021 ar staidreamh faoin limistéar euro, faoi chomharduithe íocaíochtaí náisiúnta agus faoin staid infheistíochta idirnáisiúnta

An 26 Aibreán 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an measúnú atá i dTuarascáil Cáilíochta 2021 maidir le staidreamh a bhaineann leis an limistéar euro agus le comharduithe íocaíochtaí náisiúnta agus maidir le staidreamh faoi staid infheistíochta idirnáisiúnta, agus d’fhormheas sí a foilsiú. Sa tuarascáil dhébhliantúil seo, cuirtear anailís cháilíochta ar fáil ar an aschur staidrimh ina gcumhdaítear na gnéithe seo a leanas: (i) fóntacht mhodheolaíochta; (ii) tráthúlacht; (iii) iontaofacht agus seasmhacht; (iv) comhsheasmhacht inmheánach; (v) comhsheasmhacht sheachtrach/comhleanúnachas le réimsí staidrimh inchomparáide eile; agus (vi) meahshiméadrachtaí (neamhshiméadrachtaí an limistéir in‑euro agus neamhshiméadrachtaí déthaobhacha). Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Leasú ar Threoirlíne BCE/2011/23 maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh ar BCE i réimse an staidrimh sheachtraigh

An 5 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne BCE/2022/23 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2011/23 maidir le ceanglais tuairiscithe staidrimh ar BCE i réimse an staidrimh sheachtraigh. Ba é an cuspóir a bhí leis an leasú faisnéis staidrimh a chur san áireamh maidir le hEintitis Sainchuspóra laistigh de raon feidhme na treoirlíne de bharr a ábhartha is atá siad i staidreamh seachtrach le blianta beaga anuas.

Maoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Comhlíonadh Threoirlínte an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh maidir le comhar um fhrithsciúradh airgid

An 20 Aibreán 2022, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta fógra a chur chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach go bhfuil sé ar intinn ag an mBanc Ceannais Eorpach, i dtaca leis na hinstitiúidí creidmheasa suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, na Treoirlíne ón Údarás Baincéireachta Eorpach a chomhlíonadh faoin 1 Meitheamh 2022 maidir le comhar agus malartú faisnéise idir maoirseoirí stuamachta, maoirseoirí um fhrithsciúradh airgid nó um chomhrac in aghaidh maoiniú sceimhlitheoireachta, agus aonaid faisnéise airgeadais faoi Threoir 2013/36/AE (ÚBE/GL/2021/15).

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa