Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Eanáir – Feabhra 2022

18 Feabhra 2022

Oibríochtaí margaidh

Soláthar creidmheasa ionlae do chontrapháirtithe incháilithe sa Eurochóras ag a bhfuil rochtain theoranta ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta

An 27 Eanáir 2022, chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe cur chuige comhchuibhithe maidir le rochtain ar chreidmheas ionlae TARGET2 agus ar sholáthar urrúis chomhthaobhaigh uathoibríoch TARGET2-Securities ag contrapháirtithe incháilithe de chuid an Eurochórais a ndearnadh teorannú ar a rochtain ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta ar fhorais stuamachta nó tar éis cás mainneachtaine. Sa bhreis air sin, chinn an Chomhairle Rialaithe a cheadú do chontrapháirtithe incháilithe sa Eurochóras a ndearnadh teorannú ar a rochtain dul ar iontaoibh na saoráide iasachta imeallaí i gcás comharduithe creidmheasa ionlae neamhíoctha os cionn teorainneacha is infheidhme, faoi réir ús pionósach. Cuirfear tuilleadh sonraí faoi na leasuithe seo ar fáil thart faoi lár 2022 i nuashonrú 2021/22 atá le teacht ar na treoirlínte ar chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Foilsiú plean gníomhaíochta chuimsithigh chun dul i ngleic le moltaí a rinneadh tar éis eachtraí a d’imir tionchar ar sheirbhísí TARGET in 2020

An 16 Nollaig 2021, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe foilsiú plean gníomhaíochta chuimsithigh chun dul i ngleic le moltaí a rinneadh in athbhreithniú neamhspleách a shainordaigh an Chomhairle Rialaithe i Samhain 2020 tar éis cúig mhóreachtra a d’imir tionchar ar TARGET2 agus ar TARGET2‑Securities in 2020. Tá bearta ina dtugtar aghaidh ar roinnt moltaí comhaontaithe nó curtha chun feidhme cheana féin le linn 2021 agus cuirfear formhór na mbeart eile chun feidhme faoi dheireadh 2022. Coimeádfar rannpháirtithe sa mhargadh ar an eolas faoi imscaradh na mbeart sin. Tá an plean gníomhaíochta agus an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Gníomh aicmithe tráthrialta um chórais íocaíochta an limistéir euro

An 17 Nollaig 2021, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe toradh an ghnímh aicmithe tráthrialta um chórais íocaíochta bunaithe ar shonraí ó 2018 agus ó 2019. Is é cuspóir an athbhreithnithe bhliantúil córais íocaíochta sa limistéar euro a shainaithint a d’aicmeofaí ina gcórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (SIPS) agus ar cheart dóibh a bheith faoi féir Rialachán SIPS agus, ina theannta sin, córais íocaíochta sa limistéar euro a shainaithint a d’aicmeofaí ina gcórais íocaíochtaí mórluacha neamhshistéamacha agus ina gcórais íocaíochtaí miondíola neamhshistéamacha. Foilseofar toradh an ghnímh aicmithe sa chéad ráithe de 2022 ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Nuashonrú tráthrialta ar dhoiciméadacht Shamhail na Baincéireachta Ceannais Comhfhreagraí (CCBM)

An 17 Nollaig 2021, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe Lámhleabhar Nósanna Imeachta nuashonraithe CCBM agus Nósanna Imeachta CCBM le haghaidh contrapháirtithe sa Eurochóras agus rinne sí a bhfoilsiú a údarú. Déantar doiciméadacht CCBM a athbhreithniú agus a nuashonrú go tráthrialta. San athbhreithniú is déanaí, tógadh isteach athruithe fírice sonracha do thíortha ar leith agus sraith nuashonraithe ina ndéantar cur síos ar láimhseáil pionós airgid thirim faoi chóras araíonachta socraíochtaí Shamhail na Baincéireachta Ceannais Comhfhreagraí. Cuirfear doiciméadacht nuashonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh go luath.

Tuarascáil chomhairleach maidir le heisiúint agus dáileadh fiachais san Aontas Eorpach

An 17 Nollaig 2021, thug an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil chomhairleach maidir le heisiúint agus dáileadh fiachais san Aontas Eorpach dá haire, tuarascáil arna hullmhú ag an nGrúpa Teagmhála Margaidh um Eisiúint Fiachais (Debt Issuance Market Contact Group - DIMCG) agus d’fhormheas sí a foilsithe. Bhunaigh an Chomhairle Rialaithe DIMCG in Aibreán 2020 mar fhóram sealadach chun deacrachtaí a shainaithint lenar cuireadh bac ar éifeachtacht agus comhtháthú a fheabhsú tuilleadh i dtaca le heisiúint fiachais agus dáileachán tosaigh. Rinne an Banc Ceannais Eorpach obair DIMCG a chomhordú, obair a raibh baint ag na príomhpháirtithe leasmhara Eorpacha uile sa slabhra eisiúna luacha léi. Sainaithnítear sa tuarascáil na rioscaí, na costais agus na neamhéifeachtúlachtaí féideartha sa timpeallacht a bhfuil ann faoi láthair agus fiosraítear bealaí féideartha chun eisiúint fiachais agus dáileachán tosaigh san Eoraip a chomhchuibhiú agus a fheabhsú ó thaobh na héifeachtachta de. Tá an tuarascáil agus an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le soláthar rogha íocaíochta leictreonaí do thomhaltóirí sa Bheilg

An 22 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2021/38 ar iarratas ó Ghobharnóir Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le rannpháirtíocht na hIodáile i gcláir de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta Iontaoibh um Laghdú na Bochtaineachta agus um Fhás agus faoiseamh fiachais don tSúdáin

An 28 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2021/39 ar iarratas ó Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le togra le haghaidh rialachán lena leagfar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hintleacht shaorga

An 29 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2021/40 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le leanúint na hÉireann de na Socraíochtaí Nua Iasachta leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

An 5 Eanáir 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/1 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hÉireann.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le Banc Ceannais na hÉireann do bhunú bunachar sonraí taisceadán agus cuntais bhainc agus íocaíochta

An 7 Eanáir 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/2 ar iarratas ó Aire Airgeadais na hÉireann.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le togra chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a leasú ó thaobh réitigh de

An 13 Eanáir 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/3 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac

An 16 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/4 arna ullmhú ar thionscnamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh féin.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le togra le haghaidh treoir agus rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí

An 16 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/5 ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Rialachas corparáideach

Athnuachan ar théarma chomhaltaí an Bhoird um Bonneagar Margaidh

An 22 Nollaig 2021, chinn an Chomhairle Rialaithe téarma na gcomhaltaí reatha ar an mBord um Bonneagar Margaidh (MIB) a athnuachan ar feadh bliana, i.e. go dtí an 31 Bealtaine 2023. Bainistíonn MIB reáchtáil laethúil TARGET2-Securities (T2S) agus seirbhisí TARGET eile. Déanann sé idirchaidreamh le páirtithe leasmhara margaidh freisin trí struchtúr rialachais T2S dá chuid.

Comhalta nua de chuid an Bhoird um Bonneagar Margaidh

An 20 Eanáir 2022, cheap an Chomhairle Rialaithe an tUasal Salvatore Luigi Alonzo, Ceann na Stiúrthóireachta um Chórais Íocaíochta ag Banca d’Italia, mar an comhalta ar an mBord um Bonneagar Margaidh (MIB) a dhéanann ionadaíocht ar Banca d’Italia, agus leanfaidh an ceapachán sin d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Bealtaine 2023 sa chaoi go dtiocfaidh sé le sainordú chomhaltaí eile MIB. Tagann an tUasal Alonzo i gcomharbacht ar an Uasal Giandomenico Scarpelli a d’imigh ar scor.

Cuntais Bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2021

An 16 Feabhra 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráitis airgeadais iniúchta an Bhainc Ceannais Eorpaigh le haghaidh bhliain airgeadais 2021. Foilsíodh na cuntais bhliantúla, chomh maith le preasráiteas, ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 17 Feabhra 2022.

Trédhearcacht fheabhsaithe ar thuairimí ó Choiste Eitice an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 16 Feabhra 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe an scóip a leathnú a bhaineann le foilseachán réamhghníomhach tuairimí arna n-eisiúint ag Coiste Eitice an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le gníomhaíochta príobháideacha a bhfuiltear ag súil leo ó dhaoine arb oifigigh ardleibhéil de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh anois iad, nó a bheidh ina n‑oifigigh ardleibhéil de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh amach anseo. Foilseofar iad ó Eanáir 2022 ar aghaidh. Leis an mbeart trédhearcachta breise seo, cuireann an Chomhairle Rialaithe tuilleadh béime ar a tiomantas don dea‑iompar agus don dea‑rialachas.

Staitisticí

Leasuithe ar an Treoirlíne maidir le staitisticí míre sa chlár comhardaithe agus staitisticí rátaí úis na n‑insititiúidí airgeadais airgeadaíochta

An 6 Eanáir 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne (AE) 2022/67 (BCE/2022/1) lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2021/830 (BCE/2021/11) maidir le staidreamh mír den chlár comhardaithe agus staidreamh rátaí úis institiúidí airgeadais airgeadaíochta Tógadh na leasuithe isteach chun soiléireacht a chur ar fáil agus is leasuithe de chineál teicniúil iad. Tháinig siad i bhfeidhm an 1 Feabhra 2022.

Tuarascáil Bhliantúil 2020 maidir le cosaint rúndacht na faisnéise staitisticiúla aonair arna bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach le cabhair na BCNanna

An 10 Feabhra 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil bhliaintúil maidir le cosaint rúndacht na faisnéise staitisticiúla aonair arna bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach le cabhair na BCNanna agus rinne sí foilsiú a hachoimre a údarú. Déantar measúnú sa tuarascáil ar chur chun feidhme rialacha comhchoiteanna agus íoschaighdeáin arna sainiú ag an mBanc Ceannais Eorpach chun nochtadh neamhdhleathach agus úsáid neamhúdaraithe faisnéise staitisticiúla rúnda (CSI) a chosc. Cinntear sa tuarascáil go leanann an Córas Eorpach Banc Ceannais d’áirithiú go ndéantar cosaint dhaingean ar CSI i gcomhréir leis na bearta is gá agus nár taifeadadh aon eachtraí le linn 2020. Cuirfear an achoimre ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh go luath.

Nótaí bainc agus boinn

Leasuithe ar an Treoirlíne maidir le bunú Chóras Táirgthe agus Soláthair an Eurochóras

An 17 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne (AE) 2021/2322 (BCE/2021/56) lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/280 (BCE/2014/44) maidir le bunú Chóras Táirgthe agus Soláthair an Eurochóras. Tá sé d’aidhm ag na leasuithe socruithe inmheánacha a shonrú tuilleadh lena n‑áirithítear scaradh iomlán idir clólann phoiblí agus cuntais a húdaráis phoiblí (“prionsabal an neamhthuilleamaí”) agus lena ndéantar soiléiriú ar roghanna le haghaidh comhar cothrománach atá ar fáil do BCN a dhúnann a chlólann.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Comhlíonadh Threoirlínte ÚBE maidir le sáruithe ar theorainneacha risíochtaí móra

An 17 Nollaig 2021, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a chur chuig ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach Treoirlínte ÚBE ina sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar na cásanna eisceachtúla ina sáraíonn institiúidí na teorainneacha risíochtaí móra in Airteagal 395(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus chun measúnú a dhéanamh ar an tréimhse ama agus ar na bearta is gá ionas go bhfillfidh na hinstitúidí ar an gcomhlíonadh de bhun Airteagal 396(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (ÚBE/GL/2021/09). Tá sé d’aidhm ag na Treoirlínte tacú leis na húdaráis inniúla ina measúnú ar na sáruithe ar theorainneacha risíochtaí móra a socraítear sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) agus a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm é ar bhealach stuama agus comhchuibhithe, fad is a choimeádtar cur chuige simplí ar bun.

Comhlíonadh Chomh‑Threoirlínte ÚEUM-ÚBE maidir le measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar oiriúnacht príomhshealbhóirí feidhme

An 29 Nollaig 2021, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a chur chuig ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach Comh‑Threoirlínte ÚEUM agus ÚBE maidir le measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar oiriúnacht príomhshealbhóirí feidhme faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoir 2014/65/AE (ÚEUM35-36-2319 - ÚBE/GL/2021/06). Tá sé d’aidhm ag na Treoirlínte measúnuithe oiriúnachta a fheabhsú agus a chomhchuibhiú tuilleadh laistigh d’earnálacha airgeadais AE d’fhonn socruithe rialachais fónta a áirithiú in institiúidí airgeadais.

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le tarchur faisnéise maoirseachta

An 19 Eanáir 2022, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ó mBord Maoirseachta Cinneadh (AE) [2022/134] (BCE/2022/2) ina leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig údaráis agus chuig comhlachtaí chun na cúraimí arna dtabhairt dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle a chomhlíonadh.

Comhlíonadh Threoirlínte nuashonraithe ÚBE maidir le tástálacha struis ar scéimeanna ráthaíochta taiscí

An 31 Eanáir 2022, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a chur chuig ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach Treoirlínte nuashonraithe ÚBE maidir le tástálacha struis ar scéimeanna ráthaíochta taiscí (DGSs) faoi Threoir 2014/49/AE lena n‐aisghairtear agus lena n‐ionadaítear Treoirlínte ÚBE/GL/2016/04 (ÚBE/GL/2021/10). Leis na Treoirlínte nuashonraithe, neartaítear an creat tástála struis agus an comhar idir DGSs agus údaráis éagsúla tuilleadh.

Comhlíonadh Threoirlínte ÚBE maidir le táscairí plean téarnaimh

An 2 Feabhra 2022, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a chur chuig ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach Treoirlínte ÚBE maidir le táscairí plean téarnaimh (ÚBE/GL/2021/11). Tagann na Treoirlínte nua in ionad Treoirlínte roimhe seo ó ÚBE maidir leis an íosliosta de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla plean téarnaimh (ÚBE/GL/2015/02) agus tógtar isteach treoir bhreise leo maidir le coda áirithe den chreat táscairí plean téarnaimh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa