Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cuntasacht

Teastaíonn sibhse uainn, mar ionadaithe shaoránaigh an Aontais, chun a n-ábhair imní a dhíriú chugainn agus cabhrú linn ár mbeartais a mhíniú dóibh.  

An tUachtarán Christine Lagarde

Is institiúid neamhspleách é an Banc Ceannais Eorpach a bhfuil lánrogha aige a ionstraimí a úsáid mar is gá chun a chúraimí a dhéanamh agus chun a shainordú a chomhlíonadh. Is gá cuntasacht a bheith ann in éineacht leis an neamhspleáchas sin. 

Tá an Banc Ceannais Eorpach freagrach as a chuid gníomhaíochtaí do Pharlaimint na hEorpa mar an comhlacht atá comhdhéanta d’ionadaithe tofa shaoránaigh AE.

Ár gcreat cuntasachta

Faoi Airteagal 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an Banc Ceannais Eorpach cuntasach go príomha do Pharlaimint na hEorpa, áit a ndéantar ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh an Aontais. Ach ní mór di tuairisciú go rialta do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a dhéanann ionadaíocht ar rialtais Bhallstáit uile an Aontais. Léirítear é sin freisin i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC).

Airteagal 15(3) den Reacht

Tá creat cuntasachta láidir agus cuimsitheach forbartha againn thar na blianta, a théann i bhfad níos faide ná ceanglais an Chonartha. 

Tá an t-idirphlé idir BCE agus Parlaimint na hEorpa ríthábhachtach ina leith sin. Cuireann sé ar chumas an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chuid gníomhaíochtaí agus beartas a mhíniú go mion d’ionadaithe tofa shaoránaigh an Aontais, agus éisteacht lena n-ábhair imní. Ar an gcaoi sin, féadfaidh saoránaigh an Aontais agus a n-ionadaithe breithiúnas a dhéanamh ar fheidhmíocht an Bhainc Ceannais Eorpaigh i bhfianaise a phríomhchuspóir cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun, mar a leagtar síos in Airteagal 127(1) den Chonradh.

Ár bpríomhbhealaí cuntasachta


Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Cuireann an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil maidir lena chúraimí, gníomhaíochtaí CEBC agus beartas airgeadaíochta an Eurochórais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Choimisiúin Eorpaigh agus na Comhairle Eorpaí. Gach bliain, cuireann Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa i seisiún tiomnaithe de Choiste ECON. Tráth díospóireachta iomlánaí, is í an tUachtarán a chuireann an tuarascáil i láthair.

Léigh an Tuarascáil Bhliantúil is déanaí uainn
Éisteachtaí os comhair Choiste ECON

Glacann Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh páirt in éisteachtaí ráithiúla Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Glacann comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin páirt in éisteachtaí an Choiste sin chun réasúnaíocht agus cinntí BCE maidir le hábhair shonracha a mhíniú.

Craoltaí gréasáin: éisteachtaí ag Parlaimint na hEorpa
Ceisteanna i scríbhinn

Féadfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ceisteanna i scríbhinn a dhíriú chuig Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach agus Parlaimint na hEorpa na litreacha freagartha ar a suíomhanna gréasáin faoi seach.

Litreacha chuig Feisirí de Pharlaimint na hEorpa
Idirghníomhaíochtaí ad-hoc le comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Glacann Uachtarán BCE agus comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin páirt, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó ar a dtionscnamh féin, i malartuithe tuairimí ad hoc os comhair an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta chun saincheisteanna i réimsí inniúlachta BCE a phlé.

Faigh tuilleadh eolais faoin mBord Feidhmiúcháin
Cuairteanna neamhfhoirmiúla ar BCE

Gach bliain, óstálann comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE toscaireacht ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le haghaidh plé neamhfhoirmiúil ar shaincheisteanna i réimsí inniúlachta BCE.

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Tuairimí ó BCE

Féachann BCE agus Parlaimint na hEorpa lena áirithiú go ndéanfaidh comhlachtaí inniúla Pharlaimint na hEorpa tuairimí BCE maidir le gníomhartha Aontais atá beartaithe a bhreithniú go cuí. Chuige sin, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa, i gcás inarb iomchuí, tuairim BCE a lorg go tráthúil.

Gach tuairim de réir dáta

Comhthuiscint agus comhoibriú éifeachtach

Chun comhthuiscint leanúnach agus comhoibriú éifeachtach a chur chun cinn, déantar na socruithe cuntasachta idir BCE agus Parlaimint na hEorpa i réimse na baincéireachta ceannais a shoiléiriú i bhfoirm Malartú Litreacha.

Malartú Litreacha idir BCE agus Parlaimint na hEorpa

Maoirseacht baincéireachta agus cuntasacht BCE

Tá cuntasacht BCE maidir lena a chúraimí maoirseachta baincéireachta faoi réir córas sonrach a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair (SSM).

Soiléirítear an chaoi ar cheart ceanglais na cuntasachta maoirseachta a chomhlíonadh i gcleachtas leis an méid seo a leanas:

Cuntasacht - Maoirseacht Baincéireachta BCE

Bealaí cumarsáide eile

I gcaitheamh na mblianta, d’fhorbair an Banc Ceannais Eorpach tuilleadh bealaí chun cumarsáid a dhéanamh le pobal na hEorpa ag dul níos faide ná ceanglais an Chonartha. Feabhsaíonn sé sin trédhearcacht agus tuiscint ar chinntí an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Feasachán Eacnamaíoch

San Fheasachán Eacnamaíoch, cuirtear i láthair an fhaisnéis eacnamaíoch agus airgeadaíochta atá mar bhonn le cinntí beartais na Comhairle Rialaithe. Foilsítear 8 n‑uaire in aghaidh na bliana é tar éis gach cruinniú ar bheartas airgeadaíochta.

Léigh an Feasachán Eacnamaíoch is déanaí uainn
Ráitis airgeadais sheachtainiúla

Le ráiteas airgeadais comhdhlúite seachtainiúil an Eurochórais, soláthraítear faisnéis maidir le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta, oibríochtaí um malairt eachtrach agus gníomhaíochtaí infheistíochta.

Ráitis airgeadais sheachtainiúla
Preasócáidí

Reáchtálann an Banc Ceannais Eorpach preasagallaimh tar éis gach ceann de chruinnithe na Comhairle Rialaithe maidir le beartas airgeadaíochta, i.e. gach sé seachtaine.

Preasócáidí
Cuntais beartais airgeadaíochta

Foilsítear cuntas ar phléití na Comhairle Rialaithe maidir le beartas airgeadaíochta ceithre seachtaine tar éis gach cruinniú.

Cuntais beartais airgeadaíochta
Blaganna, agallaimh agus óráidí

Déanann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin cumarsáid rialta leis an bpobal trí bhlaganna, agallaimh, óráidí agus, i gcásanna áirithe, go díreach trí na meáin shóisialta.

Meáin

FÉACH FREISIN

Tuilleadh eolais

Cad iad príomhchúraimí an Bhainc Ceannais Eorpaigh?

Ár dtascanna

Caidreamh le hinstitiúidí Eorpacha

Comhoibriú Eorpach

Gach leathanach sa rannóg seo