European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin seo chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (i mí an Mhárta, mí an Mheithimh, mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag).

Meán Fómhair 2023
Achoimre

An t‑ionchas boilscithe

Ba cheart go leanfadh an boilsciú ag laghdú sna cúpla bliain atá romhainn de réir mar a bheidh brúnna costais ag maolú agus de réir mar a bheidh bearta beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh á dtarchur. Táthar ag súil go dtitfidh boilsciú foriomlán ó 5.6% i mbliana go 3.2% in 2024 agus go 2.1% in 2025.

Léigh tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Beidh an fás mall don chuid eile de 2023 i bhfianaise coinníollacha maoinithe níos déine agus éileamh lag eachtrach. De réir mar a bheidh an boilsciú ag titim, ioncam teaghlaigh ag téarnamh agus éileamh eachtrach ag láidriú, ba cheart go bhfásfadh geilleagar an limistéir euro 0.7% in 2023, 1.0% in 2024 agus 1.5% in 2025.

Léigh tuilleadh

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus san am atá caite

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin bhoilscithe agus fáis eacnamaíoch roimhe seo. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo