Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, 30 Aibreán 2026

Dia daoibh tráthnóna. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cé go bhfuil an fhaisnéis atá ag teacht isteach comhsheasmhach den chuid is mó leis an measúnú a rinneamar roimhe seo maidir leis an ionchas boilscithe, tá méadú tagtha ar rioscaí ar an taobh thuas don bhoilsciú agus ar rioscaí ar an taobh thíos don fhás. Táimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma.

Tá méadú mór tagtha ar phraghsanna fuinnimh mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear, rud atá ag cur leis an mboilsciú agus ag cur isteach ar an seintimint eacnamaíoch. Beidh impleachtaí an chogaidh ar an mboilsciú meántéarmach agus ar ghníomhaíocht eacnamaíocha ag brath ar dhéine agus ar fhad shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh agus ar scála na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta. Dá fhaide a mhaireann an cogadh agus a leanann praghsanna fuinnimh de bheith ard, is láidre an tionchar dóchúil ar an mboilsciú ina iomlán agus ar an ngeilleagar.

Táimid i riocht maith fós le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann faoi láthair. Thug an limistéar euro aghaidh ar an tréimhse seo de mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus an boilsciú thart ar an sprioc a dó faoin gcéad atá againn, agus tá athléimneacht léirithe ag an ngeilleagar sna ráithe is déanaí. Cé gur tháinig méadú suntasach ar na hionchais bhoilscithe in imeacht tréimhsí níos giorra, tá na hionchais níos fadtéarmaí maidir leis an mboilsciú ceangailte go maith.

Déanfaimid dlúthfhaireachán ar na cúrsaí seo agus leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Bhí móiminteam ar leith á thaispeáint i ngeilleagar an limistéir euro nuair a thosaigh an suaitheadh seo. Tháinig fás 0.1 faoin gcéad ar an bhfíorfhás OTI sa chéad ráithe de 2026, de réir thobmheastachán Eurostat. Is é an t-éileamh intíre is mó is cúis leis an bhfás, agus margadh saothair athléimneach ag tacú leis. Mar sin féin, tá an t-ionchas eacnamaíoch an-éiginnte agus beidh sé ag brath ar fhad an chogaidh sa Mheánoirthear agus ar láidreacht a thionchar ar mhargaí fuinnimh agus margaí tráchtearraí eile, mar aon le slabhraí soláthair domhanda.

Tugann faisnéis atá ag teacht isteach le fios go bhfuil an choinbhleacht ag cur isteach anois ar ghníomhaíocht eacnamaíoch. Léiríonn suirbhéanna go bhfuil an fás ag moilliú, agus nach bhfuil tomhaltóirí agus gnólachtaí chomh muiníneach céanna faoin todhchaí ó thosaigh an cogadh. Tugann amanna seachadta níos faide agus praghsanna ionchuir atá ag méadú le fios go bhfuil brú ag teacht ar shlabhraí soláthair.

Ag féachaint chun cinn, meastar go leanfaidh costais arda fuinnimh ag cur isteach ar fhíorioncaim, rud a chuireann drogall níos mó ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí tomhaltas agus infheistíocht a dhéanamh. Cé go bhfuil an ráta dífhostaíocht i mí an Mhárta fós gar don leibhéal is ísle dá raibh ann riamh, ag 6.2 faoin gcéad, tháinig laghdú breise ar an éileamh ar shaothar. Ag an am céanna, tá teaghlaigh fós ag baint tairbhe as riocht láidir airgeadais, agus ba cheart go leanfadh caiteachas na rialtas ar bhonneagar agus ar chosaint agus gnólachtaí ag infheistiú tuilleadh i dteicneolaíochtaí digiteacha nua a bheith mar bhonn taca leis an infheistíocht freisin. Cuidíonn an tús fabhrach seo le hiarmhairtí an chogaidh a mhaolú.

Leagann an Chomhairle Rialaithe béim ar an ngéarghá geilleagar an limistéir euro a neartú agus airgeadas poiblí fónta a choimeád slán ag an am céanna. Ba cheart freagairtí fioscacha ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh a bheith sealadach, dírithe agus saincheaptha. Tá athchóirithe chun acmhainneacht fáis an limistéir euro a fheabhsú agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú níos tábhachtaí anois ná riamh. Tá sé ríthábhachtach an t-aontas coigiltis agus infheistíochta a thabhairt chun críche chun nuálaíocht a chistiú, tacú leis an t-aistriú glas agus leis an t-aistriú digiteach agus feabhas a chur ar tháirgiúlacht. Leis an euro digiteach agus airgead bainc ceannais mórdhíola ceadchomharthaithe, cuirfear feabhas ar neamhspleáchas straitéiseach, iomaíochas agus comhtháthú airgeadais na hEorpa, agus cuirfear borradh faoin nuálaíocht in íocaíochtaí. Tá sé ríthábhachtach mar sin go nglacfaí go pras leis an Rialachán maidir leis an euro digiteach a bhunú. Tríd na rialacha ar fud Mhargadh Aonair an Aontais a shimpliú agus a chomhchuibhiú, cuidítear le gnólachtaí Eorpacha a fhás níos tapúla.

Boilsciú

Tháinig ardú ar an mboilsciú go 3.0 faoin gcéad i mí Aibreáin, ó 2.6 faoin gcéad i mí an Mhárta agus 1.9 faoin gcéad i mí Feabhra. Spreag méaduithe ar phraghsanna fuinnimh mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear an ardú seo. Tháinig ardú ar bhoilsciú praghsanna fuinnimh go 10.9 faoin gcéad i mí Aibreáin, tar éis ráta 5.1 faoin gcéad i mí an Mhárta. Tháinig ardú beag ar bhoilsciú praghsanna bia go dtí 2.5 faoin gcéad i mí Aibreáin. Tháinig laghdú ar an mboilsciú gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh go 2.2 faoin gcéad, tar éis ráta 2.3 faoin gcéad i mí an Mhárta, rud a léiríonn laghdú ar bhoilsciú seirbhísí go 3.0 faoin gcéad, tar éis ráta 3.2 faoin gcéad i mí an Mhárta. Tháinig ardú ar bhoilsciú earraí go dtí 0.8 faoin gcéad, ó 0.5 faoin gcéad i mí an Mhárta.

Is beag athrú atá tagtha ar tháscairí an bhoilscithe fholuitigh le roinnt míonna anuas. Tugann rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá le fios go dtiocfaidh maolú ar chostais saothair le linn 2026. Ag an am céanna, léirítear i suirbhéanna méadú ar chomhpháirteanna chostais eile agus ar ionchais maidir leis an bpraghas díola. Tháinig méadú suntasach ar na hionchais bhoilscithe in imeacht tréimhsí níos giorra. De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc sa mheántéarma.

Beidh an boilsciú i bhfad os cionn 2 faoin gcéad sa ghearrthéarma mar gheall ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh. Dá fhaide a leanann praghsanna fuinnimh de bheith ard, is láidre an tionchar dóchúil ar an mboilsciú ina iomlán trí éifeachtaí indíreacha agus dara babhta. Déanfaimid dlúthfhaireachán mar sin ar mhéid agus ar sheasmhacht an bhorrtha ar phraghsanna fuinnimh, agus an tionchar a bheidh aige ar shocrú praghsanna agus pá, ionchais bhoilscithe, agus dinimic fhoriomlán eacnamaíoch.

Measúnú riosca

Tá na rioscaí don ionchas fáis claonta i dtreo an taoibh thíos. Is riosca ar an taobh thíos do gheilleagar an limistéir euro fós é an cogadh sa Mheánoirthear, ag cur leis an timpeallacht beartais trádála dhomhanda luaineach. Le suaitheadh fadtréimhseach ar an soláthar fuinnimh, d’fhéadfaí go méadófaí praghsanna fuinnimh tuilleadh agus do thréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis. Leis na tosca seo, laghdódh ioncaim agus bheadh drogall níos mó ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh infheistíocht a dhéanamh nó airgead a chaitheamh. Chuirfí dlús leis an mbac ar fhás dá mbeadh géarghanntanas de phríomh-ionchuir mar thoradh ar dhúnadh de phríomhbhealaí loingseoireachta. D’fhéadfadh meathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais dhomhanda an t-éileamh a mhaolú. D’fhéadfadh aimhréireacht níos mó sa trádáil idirnáisiúnta cur le suaitheadh sa slabhra soláthair, onnmhairí a laghdú agus an tomhaltas agus infheistíocht a lagú. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí iad na teannais gheopholaitiúla eile, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Os a choinne sin, d’fhéadfadh go mbeadh fás níos airde i gceist i gcás ina mbeadh an geilleagar níos oiriúnaithe don chur isteach mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear nó dá réiteofaí an choinbhleacht níos tapúla ná mar a bhíothas ag dréim leis. Thairis sin, d’fhéadfadh caiteachas beartaithe ar chosaint agus ar bhonneagar, athchóirithe chun táirgiúlacht a fheabhsú, agus gnólachtaí sa limistéar euro ag glacadh teicneolaíochtaí nua, borradh níos mó a chur faoin bhfás thar mar a bhí á thuar. D’fhéadfadh comhaontuithe trádála nua agus comhtháthú níos doimhne an Mhargaidh Aonair borradh níos mó a chur faoin bhfás ná mar a bhíothas ag dréim leis.

Tá na rioscaí don ionchas boilscithe tiontaithe i dtreo an taoibh thuas. D’fhéadfadh boilsciú sa limistéar euro a mhéadú tuilleadh má thagann méadú breise ar phraghsanna fuinnimh agus do thréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis. D’fhéadfaí seo a threisiú tuilleadh dá mbeadh tionchar níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis ag costais fuinnimh níos airde ar phraghsanna eile agus ar phá, dá mbeadh ardú ar ionchais níos fadtéarmaí maidir leis an mboilsciú mar fhreagairt, nó dá mbeadh cuireadh isteach níos leithne ar shlabhraí soláthair domhanda. D’fhéadfadh teannas trádála atá ann faoi láthair a bheith ina chúis le slabhraí soláthair domhanda níos ilroinnte, soláthar amhábhar criticiúil a chiorrú agus srianta acmhainneachta i ngeilleagar an limistéir euro a lagú. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle dá mbeadh éifeachtaí eacnamaíocha an chogaidh sa Mheánoirthear níos gearrthéarmaí ná mar a bhíothas ag dréim leis faoi láthair nó nach mbeadh na héifeachtaí indíreacha agus dara babhta chomh suntasach céanna. D’fhéadfadh méadú ar an luaineacht agus ar an gcol riosca sna margaí airgeadais cur isteach ar an éileamh agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin.

Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá luaineacht shuntasach i margaí airgeadais domhanda mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear. Tá dálaí airgeadais níos déine ná mar a bhí roimh an gcogadh.

Tháinig méadú go 3.9 faoin gcéad i mí an Mhárta ar an gcostas a bhain le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint, ó 3.5 faoin gcéad i mí Feabhra. Tháinig laghdú beag ar rátaí iasachtaithe bainc do ghnólachtaí go 3.5 faoin gcéad i mí Feabhra – bunaithe ar shonraí a taifeadadh roimh an gcogadh – agus d’fhan rátaí morgáiste ag 3.4 faoin gcéad.

Tháinig méadú ar ráta fáis bliantúil iasachtú na mbanc do ghnólachtaí go 3.2 faoin gcéad i mí an Mhárta, ó 3.0 faoin gcéad i mí Feabhra, agus thit ráta fáis na heisiúna bannaí corparáideacha go 3.9 faoin gcéad, ó 4.5 faoin gcéad i mí Feabhra. Tháinig géarú ar na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí do ghnólachtaí sa chéad ráithe, mar a tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtú bainc don limistéar euro. Tháinig an géarú sin go príomha as an imní níos mó atá ar na bainc faoi na rioscaí eacnamaíocha atá ann dá gcustaiméirí. Tháinig laghdú beag ar an éileamh ar iasachtaí do ghnólachtaí sa chéad ráithe, go háirithe don infheistíocht sheasta.

Tháinig méadú 3.0 faoin gcéad ar iasachtú morgáiste i mí an Mhárta, tar éis 3.1 faoin gcéad i mí Feabhra, agus géarú beag tagtha ar na caighdeáin chreidmheasa agus an t-éileamh gan athrú.

Focal scoir

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Táimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa