Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta

30 Aibreán 2026

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cé go bhfuil an fhaisnéis atá ag teacht isteach comhsheasmhach den chuid is mó leis an measúnú a rinne an Chomhairle Rialaithe roimhe seo maidir leis an ionchas boilscithe, tá méadú tagtha ar rioscaí ar an taobh thuas don bhoilsciú agus ar rioscaí ar an taobh thíos don fhás. Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc 2% don mheántéarma.

Tá méadú mór tagtha ar phraghsanna fuinnimh mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear, rud atá ag cur leis an mboilsciú agus ag cur isteach ar an seintimint eacnamaíoch. Beidh impleachtaí an chogaidh ar an mboilsciú meántéarmach agus ar ghníomhaíocht eacnamaíocha ag brath ar dhéine agus ar fhad shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh agus ar scála na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta. Dá fhaide a mhaireann an cogadh agus a leanann praghsanna fuinnimh de bheith ard, is láidre an tionchar dóchúil ar an mboilsciú ina iomlán agus ar an ngeilleagar.

Tá an Chomhairle Rialaithe i riocht maith fós le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann faoi láthair. Thug an limistéar euro aghaidh ar an tréimhse seo de mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus an boilsciú thart ar an sprioc 2%, agus tá athléimneacht léirithe ag an ngeilleagar sna ráithe is déanaí. Cé gur tháinig méadú suntasach ar na hionchais bhoilscithe in imeacht tréimhsí níos giorra, tá na hionchais níos fadtéarmaí maidir leis an mboilsciú ceangailte go maith.

Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe dlúthfhaireachán ar na cúrsaí seo agus leanfaidh sí cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaidh sí i dtaobh rátaí úis le bunú ar a measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach gan athrú ag 2.00%, 2.15% agus 2.40% faoi seach.

An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.

Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa