Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, 19 Márta 2026

Dia daoibh tráthnóna. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Tá an t-ionchas i bhfad níos éiginnte anois mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear, rud atá ag cruthú rioscaí ar an taobh thuas i dtaca leis an mboilsciú agus rioscaí ar an taobh thíos don fhás eacnamaíoch. Beidh tionchar ábhartha aige ar an mboilsciú gearrthéarmach trí phraghsanna fuinnimh níos airde. Beidh impleachtaí meántéarmach an chogaidh ag brath ar dhéine agus ar fhad na coimhlinte agus ar an difear a dhéanann praghsanna fuinnimh do phraghsanna tomhaltóirí agus don gheilleagar.

Táimid in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht sin. Tá an boilsciú thart ar an sprioc a dó faoin gcéad atá againn, tá ionchais maidir le boilsciú níos fadtéarmaí daingnithe go maith, agus tá athléimneacht le feiceáil sa gheilleagar sna ráithí is déanaí. Cabhróidh an fhaisnéis atá le teacht sa tréimhse amach romhainn linn measúnú a dhéanamh ar chonas a chuirfidh an cogadh isteach ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis. Táimid ag déanamh monatóireacht ghéar ar chúrsaí, agus cuideoidh an cur chuige a bhraitheann ar shonraí atá againn an beartas airgeadaíochta a chur i bhfeidhm de réir mar is cuí.

Ionchorpraíonn go heisceachtúil na meastacháin nua fhoireann BCE faisnéis suas go dtí 11 Márta, scoithdháta níos déanaí ná mar is gnách. De réir na bonnlíne, síltear go mbeidh boilsciú foriomlán 2.6 faoin gcéad ar an meán ann in 2026, 2.0 faoin gcéad in 2027 agus 2.1 faoin gcéad in 2028. Meastar anois go mbeidh an boilsciú níos airde i gcomparáid le réamh-mheastacháin na Nollag, go háirithe do 2026. Is amhlaidh atá toisc go mbeidh praghsanna fuinnimh níos airde ann mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear. Maidir leis an mboilsciú a bheidh ann gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh, síleann an fhoireann gur 2.3 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2026, 2.2 faoin gcéad ar an meán in 2027 agus 2.1 faoin gcéad ar an meán in 2028. Tá siad níos airde ná an treo i réamh-mheastacháin na Nollag chomh maith, mar gheall go príomha ar phraghsanna fuinnimh níos airde ag cur leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh. Síleann an fhoireann go mbeidh fás eacnamaíoch 0.9 faoin gcéad ar an meán ann in 2026, 1.3 faoin gcéad ar an meán ann in 2027 agus 1.4 faoin gcéad ar an meán ann in 2028. Tugtar athbhreithniú anuas le seo, go háirithe do 2026, rud a léiríonn éifeachtaí domhanda an chogaidh ar mhargaí tráchtearraí, fíorioncaim agus muinín. Ag an am céanna, ba cheart go leanfadh dífhostaíocht íseal, cláir chomhardaithe láidre na hearnála príobháidí, agus caiteachas poiblí de bheith mar bhonn taca leis an bhfás.

I gcomhréir leis an tiomantas straitéis beartais airgeadaíochta atá againn chun rioscaí agus éiginnteacht a ionchorprú sa phróiseas cinnteoireachta atá againn, rinne an fhoireann measúnú freisin ar chonas a d’fhéadfadh an cogadh sa Mheánoirthear cur isteach ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an mboilsciú i gcásanna léiritheacha malartacha. Foilseofar na cásanna sin i dteannta na réamh-mheastachán foirne ar ár suíomh gréasáin. Tugann anailís ar chásanna le fios go mbeadh an boilsciú os cionn réamh-mheastacháin bhonnlíne, agus an fás faoi bhun réamh-mheastacháin bhonnlíne, mar thoradh ar shuaitheadh fadtréimhseach ar na soláthair ola agus gáis. Braitheann na himpleachtaí don bhoilsciú meántéarmach go mór ar mhéid na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta a eascraíonn as suaitheadh fuinnimh níos láidre agus níos seasmhaí.

Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tháinig fás 0.2 faoin gcéad ar an ngeilleagar sa cheathrú ráithe de 2025, arna spreagadh ag éileamh intíre níos láidre. Mhéadaigh teaghlaigh a gcaiteachas agus fíorioncaim ag ardú agus an dífhostaíocht gar fós don leibhéal is ísle dá raibh ann riamh. Láidrigh an earnáil foirgníochta agus an t-athchóiriú tithíochta, agus rinne gnólachtaí tuilleadh infheistíocht, go háirithe i réimsí amhail taighde agus forbairt, bogearraí agus bunachair sonraí. Níor chuir glannonnmhairí isteach ar an bhfás a thuilleadh mar a rinneadh sa dá ráithe roimhe sin. Seirbhísí a bhí go príomha mar bhonn taca leis an bhfás.

Measann an fhoireann go bhfuil an tomhaltas príobháideach an rud is mó le fás a spreagadh sa mheántéarma. Ba cheart go leanfadh infheistíocht ag fás, le rialtais ag caitheamh tuilleadh airgid ar chúrsaí cosanta agus bonneagair, agus gnólachtaí ag infheistiú níos mó i dteicneolaíochtaí digiteacha nua. Tá an timpeallacht sheachtrach dúshlánach fós, lena n-áirítear i bhfianaise beartas trádála domhanda luaineach.

Tá an cogadh sa Mheánoirthear ag cur isteach ar mhargaí tráchtearraí agus ag luí go trom ar fhíorioncaim agus ar mhuinín. Ba é an toradh a bhí air sin athbhreithniú anuas ar thomhaltas agus infheistíocht sna réamh-mheastacháin foirne bonnlíne, go háirithe do 2026. Bheadh an tionchar níos suntasaí fós i gcásanna malartacha le suaitheadh fuinnimh níos déine agus níos fadaithe.

Tugann an Chomhairle Rialaithe chun suntais an géarghá le geilleagar an limistéir euro a neartú agus airgeadas poiblí fónta á choinneáil ar bun an tráth céanna. Ba cheart aon fhreagairtí fioscacha ar an rúscadh praghais fuinnimh a bheith sealadach, spriocdhírithe agus saincheaptha. Leis an ngéarchéim fuinnimh reatha, cuirtear i bhfios an gá atá le spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú tuilleadh. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí an t-aontas coigiltis agus infheistíochta chun críche chun an nuálaíocht a chistiú agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Leis an euro digiteach agus le hairgead bainc cheannais mórdíola téacschomharthaithe, cuirfear le neamhspleáchas straitéiseach, iomaíochas agus comhtháthú airgeadais na hEorpa, agus cuirfear borradh faoin nuálaíocht in íocaíochtaí. Mar sin, tá sé bunriachtanach an Rialachán maidir leis an euro digiteach a bhunú go pras. Trí rialacha a shimpliú agus a chomhchuibhiú ar fud Mhargadh Aonair an Aontais, cuideofar le gnólachtaí Eorpacha fás a dhéanamh níos tapúla.

Boilsciú

Tháinig ardú ar bhoilsciú go 1.9 faoin gcéad i mí Feabhra, ó 1.7 faoin gcéad i mí Eanáir. Bhí praghsanna fuinnimh 3.1 faoin gcéad níos ísle ná mar a bhí bliain ó shin, tar éis a bheith 4.0 faoin gcéad níos ísle i mí Eanáir. Tháinig laghdú beag ar bhoilsciú praghsanna bia, go dtí 2.5 faoin gcéad. Tháinig ardú ar bhoilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh go 2.4 faoin gcéad i mí Feabhra, ó 2.2 faoin gcéad i mí Eanáir. Leis an ardú seo, léirítear an méadú ar bhoilsciú earraí go 0.7 faoin gcéad ó 0.4 faoin gcéad agus ar bhoilsciú seirbhísí go 3.4 faoin gcéad ó 3.2 faoin gcéad.

Is beag athrú atá tagtha ar tháscairí an bhoilscithe fholuitigh le roinnt míonna anuas agus tá siad fós comhsheasmhach lenár sprioc mheántéarmach, is é sin a dó faoin gcéad. Tháinig téarnamh tuilleadh ar bhrabúis chorparáideacha sa cheathrú ráithe de 2025, agus tháinig ardú ar chostais saothair aonadacha ag ráta comhchosúil le ráta na ráithe roimhe sin. Mhaolaigh an fás i gcúiteamh in aghaidh an fhostaí go 3.7 faoin gcéad, ó 4.0 faoin gcéad sa tríú ráithe. Tugann fás pá idirbheartaithe agus táscairí réamhbhreathnaitheacha, amhail rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá, le fios go dtiocfaidh maolú tuilleadh ar chostais saothair le linn 2026, rud a thacódh le filleadh an bhoilscithe ar an sprioc.

Tiocfaidh ardú ar an mboilsciú os cionn 2 faoin gcéad sa ghearrthéarma mar gheall ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh arna spreagadh ag an gcogadh. Má leantar leo, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh ardú níos leithe ar bhoilsciú as praghsanna fuinnimh níos airde trí éifeachtaí indíreacha agus dara babhta, ar staid í sin a dteastaíonn dlúthfhaireachán ina leith. Tá ionchais maidir le boilsciú sna margaí airgeadais ardaithe go suntasach thar thréimhsí níos giorra. De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc atá leagtha amach againn.

Measúnú riosca

Tá rioscaí don ionchas fáis tiontaithe ar an taobh thíos, go háirithe sa ghearrthéarma. Is riosca ar an taobh thíos é an cogadh sa Mheánoirthear do gheilleagar an limistéir euro, rud a chuireann leis an timpeallacht beartais dhomhanda luaineach. D’fhéadfadh cogadh fada praghsanna fuinnimh a ardú tuilleadh agus do thréimhse níos faide ná mar a measadh, agus cuirfeadh sé isteach ar mhuinín chomh maith. Dhéanfadh na tosca sin dochar d’ioncaim agus cuirfeadh siad drogall ar ghnólachtaí agus teaghlaigh infheistíocht a dhéanamh agus airgead a chaitheamh. D’fhéadfadh meathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais dhomhanda éileamh a mhaolú tuilleadh. D’fhéadfadh tuilleadh easaontas sa trádáil idirnáisiúnta cur isteach ar shlabhraí soláthair, onnmhairí a laghdú agus tomhaltas agus infheistíocht a lagú. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí iad teannais gheopholaitiúla eile, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Os a choinne sin, d’fhéadfadh fás a bheith níos airde dá mbeadh iarmhairtí eacnamaíocha an chogaidh sa Mheánoirthear níos gearrshaolaí ná mar atá coinne leis faoi láthair. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí fás a ardú níos mó ná mar atá coinne leis mar gheall ar chaiteachas cosanta agus bonneagair beartaithe, athchóirithe chun táirgiúlacht a fheabhsú agus gnólachtaí sa limistéar euro a bheith ag glacadh le teicneolaíochtaí nua. D’fhéadfadh comhaontuithe nua trádála agus comhtháthú níos doimhne an Mhargaidh Aonair borradh a chur faoin bhfás thar ionchais reatha chomh maith.

Tá na rioscaí i leith an ionchais boilscithe claonta chuig an taobh dearfach, go háirithe sa ghearrthéarma. D’fhéadfadh athrú aníos ar phraghsanna fuinnimh a bheadh níos mó agus a mhairfeadh níos faide ná mar atá coinne leis faoi láthair a bheith mar thoradh ar chogadh fada sa Mheánoirthear, a d’ardódh boilsciú sa limistéar euro tuilleadh. D’fhéadfadh sé go dtreiseofaí é sin agus go dtiocfadh sé chun bheith níos leanúnaí dá dtiocfadh ardú ar ionchais maidir le boilsciú agus ar fhás pá mar fhreagairt, dá leathfadh an t-ardú ar phraghsanna fuinnimh amach chuig boilsciú nach mbaineann le fuinneamh go pointe níos mó ná mar a glacadh leis sa bhonnlíne, nó dá gcuirfeadh an cogadh isteach ar shlabhraí soláthair domhanda ar bhonn níos leithne. D’fhéadfadh teannas trádála leanúnach a bheith ina chúis le slabhraí soláthair domhanda níos ilroinnte, d’fhéadfadh sé soláthar amhábhar riachtanach a chiorrú agus d’fhéadfadh sé srianta acmhainne i ngeilleagar an limistéir euro a dhéanamh níos doichte. Os a choinne sin, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh boilsciú níos ísle dá dtarlódh sé go mbeadh iarmhairtí eacnamaíocha an chogaidh sa Mheánoirthear níos gearrthréimhsí nó dá dtarlódh sé nach mbeadh éifeachtaí indíreacha chomh dona agus atá coinne leis faoi láthair. D’fhéadfadh boilsciú a bheith níos ísle freisin i gcás go gcuirfí laghdú ar éileamh ar onnmhairí ón limistéar euro faoi mhéid níos mó ná mar atá coinne leis mar gheall ar tharaifí agus i gcás go méadódh tíortha a bhfuil ró-acmhainneacht acu a gcuid onnmhairí chuig an limistéar euro. D’fhéadfadh margaí airgeadais níos luainí a bhfuil col riosca níos mó acu cur isteach ar an éileamh agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin.

Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta

Bhí tionchar suntasach ag an gcogadh sa Mheánoirthear ar mhargaí airgeadais domhanda. Tá coinníollacha maoinithe níos doichte ann ó bhí an cruinniú deiridh againn. Tá laghdú tagtha ar stocmhargaí agus ardú suntasach tagtha ar rátaí úis an mhargaidh, go háirithe rátaí gearrthéarmacha.

I mí Eanáir, bhí rátaí iasachtaithe na mbanc do ghnólachtaí agus an costas a bhain le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint gan athrú ag 3.6 faoin gcéad, agus tháinig ardú beag ar an meánráta úis ar mhorgáistí nua go 3.4 faoin gcéad. Tháinig méadú 2.8 faoin gcéad ar bhonn bliantúil ar iasachtú na mbanc do ghnólachtaí i mí Eanáir, laghdú ó 3.0 faoin gcéad i mí na Nollag. Mar sin féin, fritháiríodh seo le heisiúint bannaí corparáideacha níos láidre, agus an ráta fáis bliantúil ag ardú go 4.0 faoin gcéad, ó 3.5 faoin gcéad i mí na Nollag. Tháinig ardú ar iasachtú morgáiste go 3.0 faoin gcéad, gan athrú ó mí na Nollag.

Focal scoir

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa