- PREASRÁITEAS
Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta
19 Márta 2026
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean aici a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc 2% sa mheántéarma. Tá an t-ionchas i bhfad níos éiginnte anois mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear, rud atá ag cruthú rioscaí ar an taobh thuas i dtaca leis an mboilsciú agus rioscaí ar an taobh thíos don fhás eacnamaíoch. Beidh tionchar ábhartha aige ar an mboilsciú gearrthéarmach trí phraghsanna fuinnimh níos airde. Beidh impleachtaí meántéarmach an chogaidh ag brath ar dhéine agus ar fhad na coimhlinte agus ar an difear a dhéanann praghsanna fuinnimh do phraghsanna tomhaltóirí agus don gheilleagar.
Tá an Chomhairle Rialaithe in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht sin. Tá an boilsciú thart ar an sprioc 2%, tá ionchais maidir le boilsciú níos fadtéarmaí daingnithe go maith, agus tá athléimneacht le feiceáil sa gheilleagar sna ráithí is déanaí. Cabhróidh an fhaisnéis atá le teacht sa tréimhse amach romhainn leis an gComhairle Rialaithe measúnú a dhéanamh ar chonas a chuirfidh an cogadh isteach ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis. Tá an Chomhairle Rialaithe ag déanamh monatóireacht ghéar ar chúrsaí, agus cuideoidh an cur chuige a bhraitheann ar shonraí atá aici an beartas airgeadaíochta a chur i bhfeidhm de réir mar is cuí.
Ionchorpraíonn go heisceachtúil na meastacháin nua fhoireann BCE faisnéis suas go dtí 11 Márta, scoithdháta níos déanaí ná mar is gnách. De réir na bonnlíne, síltear go mbeidh boilsciú foriomlán 2.6% ar an meán ann in 2026, 2.0% in 2027 agus 2.1% in 2028. Meastar anois go mbeidh an boilsciú níos airde i gcomparáid le réamh-mheastacháin na Nollag, go háirithe do 2026. Is amhlaidh atá toisc go mbeidh praghsanna fuinnimh níos airde ann mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear. Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh, réamh-mheasann an fhoireann gur 2.3% ar an meán a bheidh ann in 2026, 2.2% in 2027 agus 2.1% in 2028. Tá siad níos airde ná an treo i réamh-mheastacháin na Nollag chomh maith, mar gheall go príomha ar phraghsanna fuinnimh níos airde ag cur leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh. Síleann an fhoireann go mbeidh fás eacnamaíoch 0.9% ar an meán ann in 2026, 1.3% in 2027 agus 1.4% in 2028. Tugtar athbhreithniú anuas le seo, go háirithe do 2026, rud a léiríonn éifeachtaí domhanda an chogaidh ar mhargaí tráchtearraí, fíorioncaim agus muinín. Ag an am céanna, ba cheart go leanfadh dífhostaíocht íseal, cláir chomhardaithe láidre na hearnála príobháidí, agus caiteachas poiblí de bheith mar bhonn taca leis an bhfás.
I gcomhréir leis an tiomantas straitéis beartais airgeadaíochta atá ag an gComhairle Rialaithe chun rioscaí agus éiginnteacht a ionchorprú sa phróiseas cinnteoireachta, rinne an fhoireann measúnú freisin ar chonas a d’fhéadfadh an cogadh sa Mheánoirthear cur isteach ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an mboilsciú i gcásanna léiritheacha malartacha. Foilseofar na cásanna sin i dteannta na réamh-mheastachán foirne ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tugann anailís ar chásanna le fios go mbeadh an boilsciú os cionn réamh-mheastacháin bhonnlíne, agus an fás faoi bhun réamh-mheastacháin bhonnlíne, mar thoradh ar shuaitheadh fadtréimhseach ar na soláthair ola agus gáis. Braitheann na himpleachtaí don bhoilsciú meántéarmach go mór ar mhéid na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta a eascraíonn as suaitheadh fuinnimh níos láidre agus níos seasmhaí.
Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh a chinntí i dtaobh rátaí úis le bunú ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag tabhairt aon ghealltanas fós maidir le treo rátaí ar leith.
Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Fanfaidh na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach gan athrú ag 2.00%, 2.15% agus 2.40% faoi seach.
An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)
Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.
***
Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.
Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa