Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Spriocanna inscne an Bhainc Ceannais Eorpaigh: measúnú eatramhach

31 Márta 2023

  • Sciar na mban ar na leibhéil is airde (ardbhainistíocht agus meánbhainistíocht) agus ar na leibhéil iontrála (anailísí) de réir spriocanna eatramhacha
  • Áirítear clár sholúbtha oibre, scoláireachta, meantóireachta agus forbartha do mhná ar na tionscnaimh chun mná cumasacha a mhealladh
  • Is cuid d’iarrachtaí níos leithne éagsúlachta agus cuimsithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh í an straitéis inscne

Tá a chuid spriocanna eatramhacha inscne do bhainisteoirí bainte amach ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), rud atá thar a bheith tábhachtach chun eiseamláirí agus meantóireacht a chruthú. Tá an bhearna laghdaithe ag leibhéal an tsaineolaí (banda tuarastail F/G) agus ag leibhéal an cheannasaí foirne (H) agus tá tuilleadh iarrachtaí ar bun ag an mBanc chun fostú agus ardú céime a mhéadú sa dá chatagóir seo. Ar leibhéal an anailísí (E/F), lean sciar na mban ag fás i gcomhréir le spriocanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus cuidíonn sin cur le líon na mban incháilithe do chéimeanna gairme breise.

Cairt 1

Sciar ban i gcomparáid le sprioc faoi dheireadh 2022

Foinse: BCE.

Is cuid de pholasaí éagsúlachta agus cuimsithe (É&C) níos leithne an Bhainc Ceannais Eorpaigh iad na spriocanna inscne chun gnéithe eile den éagsúlacht amhail cine/eitneacht, claonadh gnéis, aois, náisiúntacht agus míchumas, a chur chun cinn le tacaíocht ó shé líonra É&C.

“Léiríonn eagraíocht éagsúil agus chuimsitheach an domhan mórthimpeall orainn,” a dúirt Uachtarán BCE Christine Lagarde. “Léiríonn sé an misneach intleachtúil glacadh le luachanna peirspictíochtaí, cúlraí agus féiniúlachtaí éagsúla a shaibhreoidh an díospóireacht agus a thabharfaidh cinntí níos láidre dúinn i ngach réimse,” a dúirt sí freisin.

Sa Bhanc Ceannais Eorpach, tá tuismitheoir amháin incháilithe do 20 seachtain de shaoire íoctha mháithreachais/uchtaithe. Ar mhaithe le cothromaíocht níos mó i bhfreagrachtaí teaghlaigh a chur chun cinn, mhéadaigh an Banc Ceannais Eorpach saoire speisialta íoctha don tuismitheoir eile ó 10 lá go dtí 20 lá. D’fhoilsigh sé figiúirí náisiúntachta don fhoireann agus don bhainistíocht chun trédhearcacht i leith príomhghné éagsúlachta a mhéadú. Chuir an Banc Ceannais Eorpach tús le cairt an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an tSásra Maoirseachta Aonair um chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú agus chomhshínigh sé an chairt in éineacht leis na 26 banc ceannais náisiúnta agus maoirseoir san Aontas Eorpach.

Beidh an chéad mheasúnú eile bunaithe ar shonraí do 2024.

Le haghaidh fiosrúcháin ó na meáin, is féidir teagmháil a dhéanamh le Eszter Miltényi-Torstensson, teil.: +49 171 7695305

Nótaí

  • In 2023, rinne EDGE an Banc Ceannais Eorpach a athdheimhniú, ag tabhairt aitheantais don dul chun cinn sa bhreis a bhí déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach i dtreo comhionannas inscne agus do na hiarrachtaí a bhí déanta aige saincheisteanna trasnacha a bhaineann le comhionannas inscne agus gnéithe eile den éagsúlacht a chur chun cinn.
  • Is féidir tuilleadh eolais faoi spriocanna inscne an Bhainc Ceannais Eorpaigh a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
  • Is féidir tuilleadh eolais faoi struchtúr tuarastail an Bhainc Ceannais Eorpaigh a fháil sna Coinníollacha Fostaíochta
TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa