Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An Chomhairle Rialaithe

Is í an Chomhairle Rialaithe príomhchomhlacht cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá sé comhdhéanta de sheisear comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, chomh maith le gobharnóirí bhainc cheannais náisiúnta thíortha an limistéir euro.

An Chomhairle Rialaithe

(13 Nollaig 2023)

Freagrachtaí

  • na treoirlínte a ghlacadh agus na cinntí is gá a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíontar na cúraimí a chuirtear ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar an Eurochóras;
  • beartas airgeadaíochta a cheapadh don limistéar euro. Áirítear leis sin cinntí a bhaineann le cuspóirí airgeadaíochta, príomhrátaí úis, soláthar cúlchistí san Eurochóras, agus treoirlínte a bhunú chun na cinntí sin a chur chun feidhme.
  • i gcomhthéacs fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le maoirseacht baincéireachta, cinntí a bhaineann leis an gcreat ginearálta faoina ndéantar cinntí maoirseachta a ghlacadh, agus na dréachtchinntí iomlána arna moladh ag an mBord Maoirseachta a ghlacadh faoin nós imeachta neamhagóide.

Cruinnithe agus cinntí

Tagann an Chomhairle Rialaithe le chéile dhá uair sa mhí de ghnáth. Déanann sí measúnú ar fhorbairtí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus déanann sí a cinntí maidir le beartas airgeadaíochta gach sé seachtaine. Ag na cruinnithe eile, pléann an Chomhairle go príomha saincheisteanna a bhaineann le cúraimí agus freagrachtaí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus an Eurochórais. Chun a chinntiú go ndéanfar beartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus cúraimí eile a scaradh óna fhreagrachtaí maoirseachta, tionóltar cruinnithe ar leith den Chomhairle Rialaithe.

Mínítear na cinntí maidir le beartas airgeadaíochta go mion ag preasagallamh a reáchtáiltear gach sé seachtaine. Is é an tUachtarán, le cúnamh ón Leas-Uachtarán, a dhéanann cathaoirleacht ar an bpreasócáid.

Féilire chruinnithe na Comhairle Rialaithe Cúlra do chinntí beartais airgeadaíochta

Ina theannta sin, foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach cuntais rialta ar chruinnithe na Comhairle Rialaithe maidir le beartas airgeadaíochta roimh dháta an chéad chruinnithe eile.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcinnteoireacht laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair.

Conas a dhéantar uainíocht ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le cearta vótála?

Le haontachas na Liotuáine leis an limistéar euro an 1 Eanáir 2015, gníomhachtaíodh córas faoina mbíonn cearta vótála ag Gobharnóirí na mBanc Ceannais Náisiúnta ar an gComhairle Rialaithe.

Sa téacs sin, freagraíonn an Banc Ceannais Eorpach roinnt ceisteanna coitianta faoin gcaoi a n-oibríonn an córas agus faoin bhfáth a bhfuil sé ann.

Míniú ar rothlú na gceart vótála Forléargas ar an sceideal iomlán

Comhaltaí

Christine Lagarde

Uachtarán BCE

Luis de Guindos

Leas-Uachtarán BCE

Piero Cipollone

Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE

Frank Elderson

Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE

Philip R. Lane

Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE

Isabel Schnabel

Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE

Pierre Wunsch

Gobharnóir, Nationale Bank van België / Banque Nationale de Belgique

Joachim Nagel

Uachtarán, Deutsche Bundesbank

Madis Müller

Gobharnóir, Eesti Pank

Gabriel Makhlouf

Gobharnóir, Banc Ceannais na hÉireann

Yannis Stournaras

Gobharnóir, Banc na Gréige

Pablo Hernández de Cos

Gobharnóir, Banco de España

François Villeroy de Galhau

Gobharnóir, Banque de France

Boris Vujčić

Gobharnóir, Hrvatska narodna banka

Fabio Panetta

Gobharnóir, Banca d'Italia

Constantinos Herodotou

Gobharnóir, Banc Ceannais na Cipire

Mārtiņš Kazāks

Gobharnóir, Latvijas Banka

Gediminas Šimkus

Cathaoirleach an Bhoird, Lietuvos bankas

Gaston Reinesch

Gobharnóir, Banque centrale du Luxembourg

Edward Scicluna

Gobharnóir, Banc Ceannais Mhálta

Klaas Knot

Uachtarán, De Nederlandsche Bank

Robert Holzmann

Gobharnóir, Oesterreichische Nationalbank

Mário Centeno

Gobharnóir, Banco de Portugal

Boštjan Vasle

Gobharnóir, Banka Slovenije

Peter Kažimír

Gobharnóir, Národná banka Slovenska

Olli Rehn

Gobharnóir, Suomen Pankki - Finlands Bank

Gach leathanach sa rannóg seo