European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An euro digiteach and agus tábhacht atá le hairgead bainc ceannais

5 October 2022

Tá dhá chineál airgid ann

Is é an euro airgeadra an limistéir euro. Úsáideann breis is 340 milliún Eorpach airgead tirim i bhfoirm nótaí bainc agus bonn euro agus íocann siad in euro nuair a bhíonn siad ag siopadóireacht ar líne. Is é ceann de na freagrachtaí atá orainn, chomh maith le príomhchuspóir na cobhsaíocht praghsanna a shaothrú, nótaí bainc euro a eisiúint agus feidhmiú réidh na gcóras íocaíochta a áirithiú.

Ach ní hionann airgead tirim agus íocaíocht leictreonach: is airgead bainc ceannais é airgead tirim ach airgead príobháideach atá i gceist le híocaíochtaí príobháideacha.

Úsáidimid an dá chineál airgid sin go minic. Is gá an difear eatarthu a choimeád i gcuimhne chun tuiscint a fháil ar an ngá atá le euro digiteach. 

Léigh leat...

Céard is airgead bainc ceannais ann?

Glaoitear airgead bainc ceannais ar an airgead a chruthaímid sa Bhanc Ceannais Eorpach. Airgead bainc ceannais is ea an t-airgead atá i do sparán nó i do phóca. Is é an t-airgead tirim an t-aon chineál airgid bainc ceannais a bhfuil fáil ag an bpobal air.

Glaoitear airgead poiblí air freisin toisc gur institiúid phoiblí – an banc ceannais – a eisíonn é agus toisc go dtugann an rialtas ráthaíocht dó.

Céard is airgead príobháideach ann?

Cruthaíonn bainc thráchtála airgead freisin. Cruthaíonn siad an t-airgead sin nuair a thugann siad airgead ar iasacht – ní úsáideann siad an t-airgead atá curtha i dtaisce ag custaiméirí. Glaoitear airgead príobháideach ar an airgead sin. Airgead príobháideach is ea an t-airgead a fheiceann tú i do chuntas bainc agus na coigiltis atá i do chuntas taisce. Nuair a dhéanann tú íocaíochtaí le cártaí dochair nó creidmheasa nó trí sheirbhís íocaíochta ar líne, is ag aistriú airgid príobháideach atá tú, tosic go bhfuil tú ag baint úsáid as airgead atá cruthaithe ag do bhanc.

Cén bhaint atá ag na cineálacha airgid seo le chéile?

Nuair a thógann tú airgead tirim amach as do chuntas, tá tú ag aistriú airgead príobháideach in airgead bainc ceannais. Ar an gcaoi chéanna, aistríonn tú airgead poiblí in airgead príobháideach nuair a chuireann tú i do chuntas bainc é - mar shampla má chuireann tú €20 a fuair tú do do bhreithlá i dtaisce sa bhanc.

Is é an t-airgead poiblí ancaire an chórais airgeadaíochta. Tá muinín ag daoine as an airgead príobháideach a eisíonn bainc toisc gurb ann don airgead poiblí. Glacann gnólachtaí le híocaíochta creidmheasa toisc go bhfuil a fhios acu gur féidir an t-airgead príobháideach sin a aistriú ina airgead poiblí (den luach céanna).

An euro digiteach: droichead idir an dá thaobh 

Tá sé mar aidhm againn go mbeadh buntáistí an airgead bainc ceannais ar fáil do dhaoine agus iad ag úsáid na mbealaí éagsúla íocaíochta atá againn sa lá atá inniu ann. Ba mhaith linn a bheith in ann airgead poiblí a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach agus mar airgead tirim freisin. Is é an mbealach chun é sin a bhaint amach ná airgeadra digiteach bainc ceannais a chruthú: an euro digiteach.

Amhail an t-airgead i do chuntas bainc, thiocfadh leat cárta nó aip fóin a úsáid chun íocaíocht a dhéanamh in euro digiteach. Airgead bainc ceannais a bheadh ann, agus ráthaíocht aige ón mBanc Ceannais Eorpach. 

Buntáistí an euro dhigitigh

Má thógtar isteach euro digiteach, d’fhéadfadh sé tacú le próiseas an digitithe agus chuideodh sé linn freastal ar riachtanais agus roghanna íocaíochtaí an phobail. Is féidir cur leis an bhfás eacnamaíoch trí mheán an digitithe freisin.

Buntáiste eile is ea gurbh fhearr an chosaint a bheadh ann don airgeadra i gcoinne forbairtí teicneolaíochta neamhrialálta in earnáil na bainceireachta agus an airgeadais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhunús na cobhsaíochta airgeadais, forbairtí amhail cripteashócmhainní agus réitigh íocaíochtaí malartacha nach n-úsáideann mórscéimeanna cárta. 

Ní airgead iad Bitcoin, Ethereum, Tether ná aon "chriptea-airgeadraí” eile

Tá mórán cripteashócmhainní tar éis teacht ar an bhfód le blianta beag anuas. Glaoitear “criptea-airgeadraí” orthu freisin. Ainm míthreorach atá ann áfach toisc nach bhfuil na trí ghné a bhaineann le hairgead acu: ní féidir iad a úsáid mar bhealach iontaofa malartaithe, mar stór luacha ná mar aonad cuntais.

Lena chois sin, níl dhéanann aon insititúid lárnach ráthaíocht ná bainistíocht orthu. Níl aon ráthaíocht ann le criptea-arigeadraí go mbeidh tú in ann iad a aistriú in airgead má bhíonn gá leis.

Cé gurb é an aidhm a bhí le cripteamhonaí sócmhainní digiteacha a chur ar fáil nach raibh chomh luaineach céanna le teicneolaíochtaí eile den saghas sin, níl siad chomh seasmhach agus a mhaítear. Níl i gceist le luach aon chripteamhona chobhsaí ach geallúint ó chuideachta phríobháideach. Sa bhreis ar a mhoille agus a chostasaí atá na hidirbhearta i gcripteamhonaí, ní chuireann eisitheoirí faisnéis shoiléir ar fáil faoin gcaoi ar féidir leat úsáid a bhaint astu. Is cinnte nach féidir leat do bhillí rialta a íoc leo.   

An gá atá le euro digiteach

Is iomaí duine atá ag tabhairt cúl ar an airgead tirim agus ag úsáid íocaíochtaí nua digiteacha anois. Is mian linn ról an airgid phoiblí mar ancaire airgeadaíochta a chosaint agus muinín a choimeád as ár n-airgeadra.

Má eisítear euro digiteach, chuideoidh sé linn an córas airgeadaíochta agus íocaíochta a neartú. Bheadh gach duine in ann airgead poiblí a úsáid chun íocaíochtaí sábháilte a dhéanamh áit ar bith sa limistéar uro.    

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Cruthú an airgid agus ról an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Is airgead é nótaí bainc agus boinn, ach is airgead freisin é na huimhreacha a léirítear i do chuntas bainc. Céard is airgead ann mar sin? Cén chaoi a gcruthaítear é agus cén ról atá ag an mBanc Ceannais Eorpach sa phróiseas?

Airgead: céard é agus cén fheidhm atá aige?

Foghlaim faoi Bitcoin agus criptea-shócmhainní eile 

Tugtar criptea-shócmhainn ar Bitcoin. Ach céard é Bitcoin agus cén impleacht atá aige d'fhíorairgeadraí?

Céard is Bitcoin ann?