Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Iúil 2022

22 Iúil 2022

Cumarsáid sheachtrach

Bunú líne comhaontaithe athcheannaigh le hÚdarás Airgeadais Andóra (Autoritat Financera Andorrana – AFA)

An 24 Meitheamh 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe bunú líne comhaontaithe athcheannaigh réamhchúraim chun leachtacht euro a chur ar fáil do AFA go dtí an 15 Eanáir 2023 le haghaidh uasmhéid €35 mhilliún agus mar mhalairt ar chomthaobhacht leordhóthanach ainmnithe in euro. Féadfar an líne comhaontaithe athcheannaigh a úsáid chun riachtanais eisceachtúla leachtachta euro na mbanc intíre a shásamh i gcás mífheidhm sa mhargadh airgeadais.

Amanna nua le haghaidh chinntí agus phreasráiteas beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 27 Meitheamh 2022, d’fhógair an Banc Ceannais Eorpach athruithe ar am foilsithe a chinntí beartais airgeadaíochta agus ar am na preasócáide ag a mínítear na cinntí. Ón 21 Iúil 2022 amach, foilsítear na cinntí beartais airgeadaíochta ag 14:15 CET (in ionad 13:45 CET) agus cuirtear tús leis an bpreasócáid ag 14:45 CET (in ionad 14:30). Tá am foilsithe na ndoiciméad lena mbaineann, amhail an ráiteas beartais airgeadaíochta) athraithe dá réir (go 15:00 CET). Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Oibríochtaí margaidh

Seirbhísí gníomhaire íocaíochta a sholáthar le haghaidh le haghaidh eisiúint fiachais AE

An 2 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire go nglacfaidh an Banc Ceannais Eorpach leis an iarratas ón gCoimisiún Eorpach seirbhísí gníomhaire íocaíochta a dhéanamh, agus cuirfear le seirbhís gníomhaire fhioscaigh an Bhainc Ceannais dá bharr. Leanfaidh an Banc Ceannais Eorpach leis an ullmhúchán is gá le dul i mbun oibríochta sa dara leath de 2023. Soláthrófar na seirbhísí gníomhaire íocaíochta ar bhonn costas-aisíocaíochta agus tá baint acu le cláir eisiúna fiachais AE (eisiúintí Next Generation EU go háirithe ach gan a bheith teoranta dóibh).

Ceisteanna athraithe aeráide a ionchorprú i gcreat cur chun feidhme beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 22 Meitheamh 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe breis céimeanna a ghlacadh chun ceisteanna athraithe aeráide a ionchorprú i gcreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais. Áirítear leis sin (i) sealúchais bannaí corparáideacha a choigeartú i bpunann beartais airgeadaíochta an Eurochórais, (ii) teorainneacha a thabhairt isteach ar shócmhainní ina gcreat comhthaobhachta ar mór a lorg carbóin, (iii) ceanglais nochtaithe a bhunú a bhaineann leis an aeráid, agus (iv) a chleachtais bainistíochta riosca a fheabhsú. Tá an preasráiteas lena mbaineann ina bhfuil breis sonraí agus clár oibre aeráide an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Ráiteas ón gComhairle Rialaithe maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le haontas baincéireachta Eorpach sa mhodheolaíocht measúnaithe le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo

An 24 Meitheamh 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráiteas maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le haontas baincéireachta Eorpach sa mhodheolaíocht measúnaithe le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo. Tá an doiciméad ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Freagairt an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar chomhairliúchán na n‑údarás maoirseachta Eorpach maidir le nochtuithe a bhaineann leis an inmharthanacht le haghaidh urrúsuithe simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe (STS)

An 29 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Rialaithe freagairt an Bhainc Ceannais Eorpaigh dá haire ar chomhairliúchán na n‑údarás maoirseachta Eorpach maidir le nochtuithe a bhaineann leis an inmharthanacht le haghaidh urrúsuithe STS. Tá an doiciméad ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Rannchuidiú an Bhainc Ceannais Eorpaigh i gcomhairliúchán dírithe an Choimisiúin Eorpaigh ar mheasúnú na rialacha Státchabhrach maidir le bainc a bhfuil deacracht acu

An 6 Iúil 2022, thug an Chomhairle Rialaithe Rannchuidiú an Bhainc Ceannais Eorpaigh dá haire i gcomhairliúchán dírithe an Choimisiúin Eorpaigh ar mheasúnú na rialacha Státchabhrach maidir le bainc a bhfuil deacracht acu. Tá an doiciméad ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Tacaíocht ón Eurochórais le heisiúint fiachais pan-Eorpach

An 2 Meitheamh 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe gur cheart go nglacfadh an tEurochóras – agus an Banc Ceannais Eorpach ag déanamh ionadaíochta air – páirt i rialachas Sheirbhís Eisiúna AE, tar éis di iarratas a fháil ón gCoimisiún Eorpach tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh chláracha eisiúna AE. D’fhormheas sí go síneodh an Banc Ceannais Eorpach, thar ceann an Eurochórais, an Meabhrán Comhthuisceana (MoU) lena rialófar an tseirbhís sin. Foilseofar an MoU ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpach tráth a chomhaontófar é leis na sínitheoirí eile.

An tionscadal um euro digiteach – tuarascáil maidir le dul chun cinn

An 30 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire go raibh an tréimhse fiosrúcháin den tionscadal um euro digiteach ag dul chun cinn mar is ceart agus d’fhormheas sí príomhchuspóirí an tionscadail um euro digiteach mar aon leis na breithnithe deartha agus soláthair lena mbaineann. Tá nóta níos mionsonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tuarascáil maidir le stádas an phlean gníomhaíochta lena dtugtar aghaidh ar theagmhais TARGET Services in 2020

An 30 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Rialaithe an chéad tuarascáil dá haire maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí agus ar mholtaí i ngeall ar theagmhais Target Services in 2020. Cuirfear conclúidí na tuarascála dul chun cinn in iúl do phríomh‑pháirtithe leasmhara sa mhargadh go luath.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hinfheistíochtaí coigríche sa tSlóvaic a scagadh

An 29 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/22 ar iarratas ó Aire Gheilleagar Phoblacht na Slóvaice.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le héilimh chreidmheasa a shlógadh mar chomhthaobhacht in oibríochtaí bainc cheannais sa Liotuáin

An 1 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/23 ar iarratas ó Aire Airgeadais na Liotuáine.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Chróit agus maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Chróit

An 4 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/24 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Rialachas corparáideach

Ceapacháin mar chathaoirligh ar Choistí Eurochórais/CEBC

An 6 Iúil 2022, cheap an Chomhairle Rialaithe Doris Schneeberger (Stiúrthóir um Nótaí Bainc an Bhainc Ceannais Eorpaigh) mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Nótaí Bainc (BANCO), Eva Murciano (Stiúrthóir Ginearálta Acmhainní Daonna an Bhainc Ceannais Eorpaigh) mar Chathaoirleach ar an gComhdháil um Acmhainní Daonna (HRC) agus Oscar Arce (Stiúrthóir Ginearálta um Eacnamaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh) mar Chathaoirleach ar an gCoiste um Beartas Airgeadaíochta (MPC). Tá feidhm láithreach ag na ceapacháin sin go dtí an 31 Nollaig 2022 tráth a (ath)cheapfar na cathaoirligh uile ar Choiste an Eurochórais/CEBC don chéad tréimhse trí bliana eile ó Eanáir 2023 go Nollaig 2025.

Bunú Fóraim Eurochórais um Athrú Aeráide

An 6 Iúil 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe bunú Fóraim Eurochórais um Athrú Aeráide agus a shainordú. Bealach a bheidh san Fhóram chun malartú faisnéise agus comhroinnt eolais a chothú, agus bainfear úsáid ann as eolas atá ann cheana sa Eurochóras d’fhonn a chlár oibre um athrú aeráide a chur chun cinn.

Rannpháirtíocht Hrvatska narodna banka i gcinnteoireacht na Comhairle Rialaithe roimh an 1 Eanáir 2023

De bhun fhormheas foirmiúil na Comhairle Rialaithe maidir le haontachas na Cróite sa limistéar euro, chinn an Chomhairle Rialaithe cuireadh a thabhairt do Ghobharnóir Hrvatska narodna banka freastal ar chruinnithe de chuid na Comhairle Rialaithe i gcail breathnóra sula nglacann an tír an euro ar an 1 Eanáir 2023. Ó Mhéan Fómhair 2022 amach, tabharfar cuireadh do shaineolaithe ó Hrvatska narodna banka freastal – mar bhreathnóirí – ar chruinnithe de chuid Choistí Eurochórais/CEBC agus ar a fhostruchtúir cibé uair a thionólfar iad i gcomhdhéanamh an Eurochórais.

Ceapacháin comhaltaí ar Choiste Eitice agus ar Choiste Iniúchóireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 12 Iúil 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe (i) Virginia R. Canter a athcheapadh mar chomhalta ar an gCoiste Eitice le haghaidh an dara tréimse trí bliana, (ii) Pervenche Berès a cheapadh mar chomhalta ar an gCoiste Eitice agus ar an gCoiste Iniúchóireachta le haghaidh tréimhse tosaigh trí bliana chun teacht i gcomharbacht ar Patrick Honohan a dtagann deireadh lena shainorduithe ag deireadh 2022, agus (iii) Ardo Hansson a cheapadh mar chomhalta ar an gCoiste Iniúchóireachta le haghaidh tréimse tosaigh trí bliana chun teacht i gcomharbacht ar Josef Bonnici a dtagann deireadh lena shainordú i dtreo dheireadh 2022.

Comhar Idirnáisiúnta agus Eorpach

Cláir Comhair CEBC chun acmhainneachtaí na mbanc ceannais a neartú sna Balcáin Thiar

An 14 Iúil 2022, thacaigh an Chomhairle Rialaithe, agus breathnóireachtaí na Comhairle Ginearálta aici, leis an gclár agus leis an doiciméadacht theicniúil le haghaidh an dara céim den chomhar idir an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) agus na Balcáin Thiar. Páirteach sa chlár trí bliana seo, atá á chomhordú ag an Deutsche Bundesbank, tá 20 banc ceannais náisiúnta de chuid CEBC, an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún Eorpach ar thaobh an tabharthóra, agus ocht n‑institiúid ar tairbhithe iad (Banc na hAlbáine, Banc Ceannais na Boisnia agus na Heirseagaivéine, Gníomhaireacht Baincéireachta Chónaidhm na Boisnia agus na Heirseagaivéine, Gníomhaireacht Baincéireachta Republika Srpska, Banc Náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Banc Náisiúnta na Seirbia agus Banc Ceannais Phoblacht na Cosaive). Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an maoiniú ar fáil faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh de réir mar a théann an clár chun cinn.

Staitisticí

Nuashonrú ar Lámhleabhar Nósanna Imeachta an tSuirbhé um Airgeadas agus Tomhaltas Teaghlaigh

An 14 Iúil 2022, d’fhormheas an Chomhairce Rialaithe, le tairbhe na mbreathnóireachtaí ón gComhairle Ghinearálta, leasuithe ar Lámhleabhar Nósanna Imeachta (MoP) an tSuirbhé um Airgeadas agus Tomhaltas Teaghlaigh (HFCS). Leagtar amach sa MoP an bealach atá HFCS le reáchtáil agus go háirithe, an fhaisnéis is gá do gach banc ceannais náisiúnta atá rannpháirteach ann a chur ar fáil. Baineann na hathruithe le hathróga atá le bailiú mar chuid de HFCS d’fhonn a áirithiú gur éifeachtaí a bheidh sé ó thaobh beartais agus taighde de. Sa bhreis air sin, tugtar soiléiriú sna leasuithe i gcás inarb ábhartha agus léirítear athruithe iontu ar phróiseas an tsuirbhé, ar phróiseas tarchurtha na sonraí agus ar phróiseas an scaipthe.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Torthaí thástáil struis 2022 ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid

An 30 Meitheamh 2022, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta torthaí a fhormheas agus a fhoilsiú ó thástáil 2022 ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid. Tá an preasráiteas lena mbaineann agus tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa