Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Eanáir – Feabhra 2023

24 Feabhra 2023

Beartas airgeadaíochta

Cur síos mionsonraithe ar na módúlachtaí chun sealúchais an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) a laghdú

An 2 Feabhra 2023, chinn an Chomhairle Rialaithe na módúlachtaí mionsonraithe chun sealúchais urrús an Eurochórais a laghdú faoi CSS trí athinfheistiú i bpáirt na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht. Is féidir an preasráiteas lena mbaineann a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Oibríochtaí margaidh

Leasuithe ar an gcreat rialaithe riosca d’oibríochtaí creidmheasa comhthaobhaithe

An 16 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe leis na gníomhartha dlí tar éis athbhreithniú 2022 ar chreat rialaithe riosca an Bhainc Ceannais Eorpaigh le haghaidh oibríochtaí creidmheasa comhthaobhaithe:

  • Treoirlíne BCE/2022/48 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le cur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais;
  • Treoirlíne BCE/2022/49 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais;
  • Treoirlíne BCE/2022/50 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/31 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais agus le hincháilitheacht comhthaobhachta.

Glacadh na bearta seo chun leanúnachas foriomlán an chreata rialaithe riosca a fheabhsú agus cuirfear chun feidhme iad ón 29 Meitheamh 2023. Is féidir an preasráiteas lena mbaineann a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Síneadh le seirbhísí gníomhaire fhioscaigh NextGenerationEU (NGEU) chuig cúnamh airgeadais don Úcráin.

An 16 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe an gníomh dlí seo a leanas chun síneadh a chur leis na seirbhísí gníomhaire fhioscaigh a bhaineann leis an NGEU a chuireann an Banc Ceannais Eorpach ar fáil don Choimisiún Eorpach chun an clár Cúnamh Macrairgeadais plus (MFA+) don Úcráin:

  • Cinneadh BCE/2022/47 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 maidir le híocaíocht i leith sealúchais cúlchistí barrachais agus i leith taiscí áirithe agus Cinneadh (AE) 2022/1521 maidir le coigeartuithe sealadacha ar luach saothair taiscí áirithe neamhairgeadaíochta beartais atá i seilbh bainc cheannais náisiúnta agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh a áireamh.

Táthar ag déanamh an athraithe seo ar chreat dlíthiúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh tar éis iarratas ón gCoimisiún Eorpach cead a thabhairt maoiniú a chur ar fáil don Úcráin ar bhonn struchtúrtha agus intuartha le linn 2023.

Athbhreithniú ar an gComhaontú maidir le Glansócmhainní Airgeadais (ANFA)

An 19 Nollaig 2022, cheadaigh an Chomhairle Rialaithe leasuithe ar ANFA ina bhféachtar le héifeachtúlacht próiseas gaolmhar a mhéadú agus a fhágann substaint an chomhaontaithe gan athrú den chuid is mó. Is féidir an comhaontú athbhreithnithe a fháil ar EUR-Lex.

Incháilitheacht ionstraimí fiachais a eisíodh ar bhonn an DG Bank-Umwandlungsgesetz

Ar an 29 Nollaig 2022, chinn an Chomhairle Rialaithe na hionstraimí fiachais a eisíodh ar bhonn an DG Bank-Umwandlungsgesetz a bhaint ón liosta de shócmhainní incháilithe le héifeacht ón 28 Feabhra 2023. Níl na hionstraimí seo cáilithe ina mbannaí faoi chumhdach reachtach an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch mar a sainmhínítear sa Dhoiciméadacht Ghinearálta (Airteagal 2 (24a)) agus, ní bheifear ábalta iad a úsáid ina gcomhthaobhacht níos faide ón 1 Márta 2023. Cuireadh an deireadh atá á chur leo in iúl le nuashonrú ar an gcuid a bhaineann le sócmhainní Comhthaobhachta/Indíolta ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh i ndiaidh chinneadh na Comhairle Rialaithe, chun am leordhóthanach a chur ar fáil do chontrapháirtithe a bhí ag úsáid na n-ionstraimí sin mar chomhthaobhacht d’oibríocht chreidmheasa an Eurochórais iad a athsholáthair.

Coigeartuithe ar íocaíocht taiscí beartais neamh-airgeadaíochta áirithe

An 6 Feabhra 2023, chinn an Chomhairle Rialaithe an uasteorainn a choigeartú maidir le taiscí rialtais atá coinnithe san Eurochóras a íoc chun dreasachtaí a chur ar fáil chun laghdú de réir a chéile agus ordúil a dhéanamh ar na sealúchais sin, ag íoslaghdú an riosca dá réir a bheadh ag éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú margaidh agus tarchur rianúil beartais airgeadaíochta a áirithiú. Athraíonn an cinneadh seo chomh maith, a chuirfear chun feidhme ón 1 Bealtaine 2023, íocaíocht taiscí atá coinnithe faoi chreat seirbhísí bainistíochta Chúlchiste an Eurochórais. Is féidir an preasráiteas lena mbaineann a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Ráiteas ar mhodheolaíocht íosráta athbhreithnithe chun caipiteal maolánach na n-institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéimeach leo (O-SIIanna) a mheas

An 21 Nollaig 2022, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an mhodheolaíocht íosráta athbhreithnithe chun caipiteal maolánach O-SIIana arna moladh ag údaráis náisiúnta a mheas, agus d’fhormheas sí an ráiteas poiblí ábhartha ar bheartais mhacrastuamachta.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le cur i bhfeidhm mholtaí thuarascáil maidir le cóineasú an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le neamhspleáchas an bhainc cheannais

An 21 Nollaig 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2022/45 ar iarratas ó Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), ag gníomhú thar ceann Aire Airgeadais na Bulgáire.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le rannpháirtíocht na hIodáile in Iontaobhas Athléimneachta agus Inbhuanaitheachta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

An 30 Nollaig 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2022/46 ar iarratas ó Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach ar chórais íocaíochta agus socraíochta

An 6 Eanáir 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2023/1 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hEastóine.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le togra le haghaidh treoir maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

An 16 Eanáir 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2023/2 arna ullmhú ar thionscnamh an Bhainc Ceannais Eorpaigh féin.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le deireadh a chur de réir a chéile le cumainn choigiltis agus iasachtaí

An 2 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2023/3 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hEastóine.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 260/2012 agus (AE) 2021/1230 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa láithreacha in euro

An 1 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2023/4 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa.

Tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le Banc Ceannais na Cipire a ainmniú mar údarás inniúil chun gníomhartha dlí an Aontais a chur chun feidhme

An 20 Feabhra 2023 ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2023/5 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais Phoblacht na Cipire.

Rialachas corparáideach

Leasuithe ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann le hiontráil Hrvatska narodna banka san Eurochóras

I mí na Nollag 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe na gníomhartha dlí seo a leanas chun an t-athrú ar cháil Hrvatska narodna banka ó bheith ina bhanc ceannais i limistéar nach limistéar euro é go dtí banc ceannais sa limistéar euro a léiriú, mar iarmhairt ar aisghairm mhaolú Phoblacht na Cróite ón 1 Eanáir 2023:

  • Cinneadh BCE/2022/46 lena leasaítear Cinneadh BCE/2010/29 maidir le nótaí bainc euro a eisiúint;
  • Cinneadh BCE/2022/51 maidir le caipiteal a íoc, aistriú cúlsócmhainní eachtracha agus ranníocaíochtaí ó Hrvatska narodna banka chuig cúlchistí agus soláthairtí an Bhainc Cheannais Eorpaigh;
  • an Comhaontú an 30 Nollaig 2022 idir Hrvatska narodna banka agus an Banc Ceannais Eorpach maidir leis an éileamh a thug an Banc Ceannais Eorpach do Hrvatska narodna banka faoi Airteagal 30.3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus An Banc Ceannais Eorpach.

I mí na Nollag 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an Comhaontú lena leasaítear Comhaontú Banc Ceannais ERM II i bhfianaise aisghairm mhaolú na Cróite amhail an 1 Eanáir 2023.

Córas rothlaithe ceart vótála sa Chomhairle Rialaithe a chur chun feidhme i bhfianaise Hrvatska narodna banka a bheith ag dul isteach san Eurochóras

I mí na Nollag 2022, thug an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú ar an gcóras rothlaithe ceart vótála sa Chomhairle Rialaithe dá haire i bhfianaise Hrvatska narodna banka a bheith ag dul isteach san Eurochóras agus a bheith páirteach ina cuid cinnteoireachta. Tá an féilire de na cearta rothlaithe vótála do 2023 agus 2024 le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Cathaoirleach nua ar Choiste Eitice an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 10 Eanáir 2023, cuireadh in iúl don Chomhairle Rialaithe go Erkki Liikanen roghnaithe le bheith ina chathaoirleach nua ar an gCoiste Eitice. Tháinig an tUasal Liikanen i gcomharba ar Patrick Honohan, ar tháinig deireadh lena théarma oifige féin ar an 31 Nollaig 2022.

Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hiniúchóirí seachtracha Bhanc Ceannais na hÉireann

An 15 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Moladh ECB/2023/1 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Bhanc Ceannais na hÉireann.

Ceapadh comhalta den Bhord Riaracháin Athbhreithnithe (BRA)

An 22 Feabhra 2023, cheap an Chomhairle Rialaithe Christiane Campill ina comhalta ar BRA ó Mhárta 2023.

Cuntais Bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2022

An 22 Feabhra 2023, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráitis airgeadais iniúchta an Bhainc Ceannais Eorpaigh le haghaidh bhliain airgeadais 2022. Foilsíodh na cuntais bhliantúla, chomh maith le preasráiteas, ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 23 Feabhra 2023.

Staitisticí

Táscairí Staidrimh nua a bhaineann leis an aeráid foilsithe

An 24 Eanáir 2023, d’fhógair an Banc Ceannais Eorpach go raibh an chéad tacar de tháscairí staidrimh a bhaineann leis an aeráid foilsithe, d’fhonn measúnú níos fearr a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag rioscaí a bhaineann leis an aeráid ar an earnáil airgeadais agus monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt airgeadais inbhuanaithe agus ghlais. Comhlíonann scaoileadh na dtascáirí seo céim eile i dtreo na ngealltanas a rinne an Banc Ceannais Eorpaigh ina phlean um athrú aeráide a shásamh. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Nótaí bainc agus boinn

Cinneadh maidir le leasú a dhéanamh ar an líon eisiúintí bonn in 2022

An 13 Nollaig 2022 ghlac an Chomhairle Rialaithe le Cinneadh BCE/2022/45 ag leasú Chinneadh (AE) 2021/2255 maidir leis an líon eisiúintí bonn atá le formheas in 2022. B’éigean leasú a dhéanamh ar an líon eisiúintí bonn in 2022 mar fhreagairt ar iarraidh a fháil ar líon breise a fhormheas ar bhonn ad hoc.

Maoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Meabhrán Comhthuisceana (MoU) idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach

An 29 Nollaig 2022, thug an Banc Ceannais Eorpach MoU i gcrích maidir le comhoibriú maoirseachta idir an Banc Ceannais Eorpach agus údaráis inniúla shé Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach i maoirseacht baincéireachta Eorpach. Tá sé d’fheidhm leis an MoU tuilleadh feabhais a chur ar chomhoibriú maoirseachta ag an leibhéal AE trí chreat a chur ar fáil do Phoblacht na Seice, don Danmhairg, don Ungáir, don Pholainn, don Rómáin agus don tSualainn chun faisnéis a mhalartú go rialta ar chúrsaí maoirseachta agus ar shaincheisteanna a bhaineann le hinstitiúidí maoirsithe trasteorann, chomh maith le modheolaíochtaí, cuir chuige agus tosaíochtaí. Tá preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhlíonadh threoirlínte leasaitheacha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) maidir le sonrú agus nochtadh tascáirí tábhachtacha sistéamacha

An 10 Eanáir 2023, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt do ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach Treoirlínte ÚBE maidir le sonrú agus nochtadh táscairí tábhachtacha sistéamacha (ÚBE/GL/2022/12).

Torthaí an Phróisis Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) do 2022

An 12 Eanáir 2023, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta torthaí a SREP do 2022 a fhoilsiú. Tá an Tuarascáil agus an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhlíonadh threoirlínte leasaitheacha ÚBE maidir le nochtadh risíochtaí neamhthuillmheacha agus staonta

An 13 Eanáir 2023, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt do ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach treoirlínte leasaitheacha ÚBE maidir le nochtadh risíochtaí neamhthuillmheacha agus staonta (ÚBE/GL/2022/13).

Tástáil struis 2023 an Eurochórais

An 31 Eanáir 2023 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach eolas faoi thástáil struis 2023 a thabharfaidh sé faoi i gcomhar leis an Údarás Baincéireacht Eorpach. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa