Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Daoine gairmiúla a oibríonn le hairgead tirim

I measc láimhseálaithe gairmiúla airgid thirim, tá bainc thráchtála, oifigí poist agus eagraíochtaí eile a dhéanann airgead tirim a shórtáil agus a eisiúint don phobal. Mar chuid dá ról, déanann siad nótaí bainc agus na boinn airgid a sheiceáil agus lorgaíonn siad boinn agus nótaí góchumtha.

Láimhseáil airgid

Úsáideann na bainc cheannais naisiúnta rogha de na nótaí góchumtha is coitianta i gcúrsaíocht chun tástáil rialta a dhéanamh ar threalamh nótaí bainc. Foilsíonn an Banc Ceannais Eorpach liosta de mheaisíní agus de ghléasanna ar éirigh leo sa tástáil chun cabhrú le láimhseálaithe airgid agus le miondíoltóirí gléas a roghnú chun tacú leo nótaí bainc euro a fhíordheimhniú.

Liosta de na meaisíní láimhseála nótaí bainc ar éirigh leo Liosta de ghléasanna fíordheimhnithe ar éirigh leo

Ábhar oiliúna

Tá roinnt uirlisí forbartha ag an mBanc Ceannais Eorpach chun cabhrú le láimhseálaithe gairmiúla airgid thirim. San ábhar seo, déantar cur síos ar ghnéithe slándála na chéad sraithe agus an dara sraith de nótaí bainc euro agus mínítear conas is féidir barántúlacht na nótaí bainc a sheiceáil.

Cúrsa ríomhfhoghlama “Eolas faoi nótaí bainc”Bileoga eolais do láimhseálaithe airgid thirim Cad atá le déanamh le nóta bainc amhrasta

Gach leathanach sa rannóg seo