European Central Bank - eurosystem
Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Brabúis agus caillteanais an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus na mbanc ceannais náisiúnta: cárb as a dtagann siad?

Nuashonraithe an 23 Feabhra 2023 (foilsithe den chéad uair an 16 Feabhra 2017)

Nuair a smaoiníonn tú ar an mBanc Ceannais Eorpach, an smaoiníonn tú ar bhanc a bhfuil sé mar aidhm aige brabús a dhéanamh agus caillteanais a sheachaint? Is fíor go bhfoilsímid cuntais bhliantúla, mar sin má bhíonn brabúis nó caillteanais ann, is féidir le gach duine iad a fheiceáil. Mar sin féin, níl sé mar aidhm againn brabús a dhéanamh. Tá cuspóir iomlán éagsúil againn: praghsanna a choinneáil cobhsaí sa limistéar euro. D’fhéadfadh brabús nó caillteanas a bheith ann mar thoradh ar ár gcuid oibre chun ár sainchuspóir a bhaint amach, ach is fothorthaí iad sin.

Is amhlaidh an cás maidir leis na bainc cheannais náisiúnta i dtíortha an limistéir euro. Tugtar an tEurochóras ar na bainc cheannais náisiúnta sin agus ar an mBanc Ceannais Eorpach le chéile. Mínímid anseo cén chaoi ar féidir le brabúis nó caillteanais teacht chun cinn sa chóras seo.

Cén chaoi a ndéantar brabúis agus caillteanais mar sin?

Amhail bainc cheannais eile, tuilleann an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta thíortha an limistéir euro ioncam ó roinnt foinsí. Áirítear leis sin ús ar iasachtaí chuig bainc thráchtála, ús ar bhannaí a cheannaítear mar chuid de chláir cheannaithe sócmhainní, agus ioncam ar chúlchistí agus ar infheistíochtaí in airgeadra eachtrach. Is sócmhainní atá i seilbh an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus/nó na mbanc ceannais náisiúnta iad sin go léir.

Ar an lámh eile, is cuid mhór dár ndliteanais iad na nótaí bainc atá i do sparán, nach ngearrtar ús orthu agus atá ina mbonn lenár n‑ioncam tiarnais. Dliteanas mór eile is ea na taiscí a choinníonn bainc thráchtála linn. Faigheann bainc ús orthu agus is costas atá ansin dúinn. Is cuid lárnach dár mbeartas airgeadaíochta é sin. Má ardaímid an ráta úis a thuilleann bainc ar na taiscí atá acu linn, mar shampla, ardóidh rátaí úis sna margaí airgeadais freisin, agus beidh tionchar aige sin dá réir ar choinníollacha maoinithe ar fud an gheilleagair ar fad. Leis sin, cuirtear borradh faoi choigilteas, maolaítear caiteachas agus cuirtear moill ar an ngeilleagar agus laghdaítear boilsciú dá réir.

D’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh ár gcostais úis do bhainc sa ghearrthéarma ag teacht le méadú coibhéiseach ar an ioncam a thuilltear ar na sócmhainní atá againn, go háirithe má bhíonn cúpóin ráta sheasta agus tréimhse fhada ag na sócmhainní sin. Amhail bainc cheannais mhóra eile, cheannaíomar bannaí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí ag a raibh aibíochtaí fadtéarmacha chun rátaí úis a ísliú tráth a raibh ár rátaí beartais ag teacht níos gaire don íosteorainn éifeachtach. Bhí gá leis sin chun tacú le boilsciú, a bhí ró-íseal ar feadh tréimhse ama fhada, a thabhairt ar ais go dtí ár sprioc. Ceann de na bealaí trína ndearnadh rátaí úis a laghdú le ceannacháin sócmhainní ná gur aistríodh cuid den riosca go dtiocfadh athrú ar an ráta úis amach anseo ón margadh go dtí cláir chomhardaithe na mbanc ceannais. Tá an riosca sin ag teacht chun cinn anois ar fud an domhain, toisc go bhfuil rátaí boilscithe fíor‑arda ann mar thoradh ar shraith suaite nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Ní mór dúinn rátaí úis a ardú chun cur i gcoinne na rátaí ardaithe boilscithe sin, rud a fhágann go bhfuil costais níos mó anois leis an ús a íocaimid le bainc. Laghdaítear ár mbrabús ar an gcaoi sin, agus d’fhéadfaimis caillteanais a thabhú fiú.

Le himeacht ama, tiocfaidh laghdú ar na caillteanais sin toisc go dtiocfaidh ardú ar an ioncam a bheidh á thuilleamh ag na bainc cheannais ar na bannaí agus ar na sócmhainní eile atá acu agus ar na hiasachtaí a dhéanfaidh siad freisin. Ina theannta sin, d’fhéadfadh laghdú teacht ar chaillteanais dá laghdóimis ár sócmhainní agus dá dtiocfadh laghdú ar thaiscí na mbanc tráchtála leis na bainc cheannais náisiúnta. I ndeireadh na dála, tacaíonn timpeallacht na rátaí úis dearfacha atá arís ann anois le brabúsacht an Eurochórais sa mheántéarma.

Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaimid brabús?

Nuair a dhéanaimid brabús, is féidir linn roinnt airgid a chur ar leataobh mar fhorálacha ginearálta agus mar chúlchistí chun cosaint a dhéanamh i gcoinne caillteanais fhéideartha amach anseo. Déantar aon bhrabús atá fágtha a roinnt ansin i measc bhainc cheannais náisiúnta thíortha an limistéir euro, arb iadsan scairshealbhóirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh. 

Féadfaidh na bainc cheannais náisiúnta roinnt airgid a chur i leataobh freisin, ach is gnách go dtéann na brabúis atá fágtha acu chuig rialtas na tíre lena mbaineann, rud a chuireann le buiséad na tíre úd. Téann sé sin chun tairbhe do shaoránaigh an limistéir euro.

Agus cad a tharlóidh má bhíonn caillteanas ann?

Is é an rud is tábhachtaí dúinn ná ár sainordú a shaothrú, is é sin, cobhsaíocht praghsanna a chinntiú. Tá tosaíocht aige sin ar chinntí eile. Cuirfimid na beartais chearta i bhfeidhm chun ár sprioc boilscithe a bhaint amach fiú má bhíonn brabúis níos ísle nó caillteanais níos ísle mar thoradh air sin. Má bhíonn caillteanas againn, is féidir linn an t-airgead a cuireadh ar leataobh sna blianta roimhe seo a úsáid ar dtús. Tá brabúis mhóra déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag bainc cheannais eile sa limistéar euro le roinnt blianta — b’ionann brabúis roimh cháin agus forálacha ginearálta agus EUR 300 billiún nó mar sin idir 2012 agus 2021. Príomhchúis leis sin ba ea an beartas airgeadaíochta a bhí á shaothrú le linn na mblianta sin, go háirithe cláir ceannaithe sócmhainní agus ús diúltach íoctha - i.e. ús tuillte - ar thaiscí bainc. Toisc go bhfuilimid airdeallach ar rioscaí airgeadais ar ghlacadh, bhaineamar úsáid as cuid de na brabúis sin chun maoláin airgeadais a thógáil ar nós forálacha ginearálta agus cúlchistí, laistigh dár dteorainneacha reachtúla. Thairis sin, gintear maoláin airgeadais áirithe trí athluacháil a dhéanamh ar chuid de shócmhainní na mbanc ceannais. Tá siad sin mar chuid dár nglanchothromas freisin agus cuireann siad lenár bhfóntacht airgeadais.

I gcás an Bhainc Ceannais Eorpaigh, murar leor ár bhforáil ghinearálta riosca, d’fhéadfadh bainc cheannais náisiúnta thíortha an limistéir euro an caillteanas atá fágtha a chumhdach lena n-ioncam féin arna thuilleadh ar oibríochtaí beartais airgeadaíochta. Is féidir aon suim bhreise a thaifeadadh ar chlár comhardaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a bheidh le fritháireamh in aghaidh aon ghlanioncam a gheofar amach anseo. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi nósanna imeachta comhroinnte brabúis agus caillteanais sa Pháipéar Ócáideach seo.

Tá sé tábhachtacha a choimeád i gcuimhne nach ionann bainc cheannais agus gnáthchuideachtaí: féadfaidh bainc cheannais feidhmiú go héifeachtach fiú má chailleann siad airgead. Mar sin féin, tuigtear ó phrionsabal an neamhspleáchais airgeadais gur cheart dóthain caipitil a bheith ag bainc cheannais.

Mar achoimre, cinntímid lenár maoláin airgeadais, lenár gcreataí bainistíochta riosca agus leis na cosaintí eile atá ar fáil dúinn nach gcuirfeadh aon chaillteanais isteach ar chumas an Eurochórais cobhsaíocht praghsanna a shaothrú agus a choimeád ar bun.

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar