- RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
PREASÓCÁID
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Boris Vujčić, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main, 11 Meitheamh 2026
Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid seo.
Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá againn don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad. I gcomhréir leis an ngealltanas sin, chinneamar inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tá brúnna boilscithe ann mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear, agus tá an cinneadh maidir le rátaí a ardú stóinsithe le haghaidh cásanna hipitéiseacha éagsúla ina leagtar amach an fhorbairt agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an suaitheadh ar ionchas an limistéir euro sa mheántéarma.
De réir na bonnlíne i réamh-mheastacháin foirne nua an Eurochórais, meastar go mbeidh an meánbhoilsciú foriomlán ag 3.0 faoin gcéad in 2026, ag 2.3 faoin gcéad in 2027 agus ag 2.0 faoin gcéad in 2028. Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh, meastar leis an mbonnlíne gur 2.5 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2026 agus 2027 agus gur 2.2 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2028. I gcomparáid le mí an Mhárta, tá coigeartú suas déanta ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar a réamh-mheastachán bonnlíne don bhoilsciú in 2026 agus 2027, mar gheall ar chosán níos airde do phraghsanna fuinnimh agus meastar, go méid áirithe, go gcuirfidh sin leis an mboilsciú bia, earraí agus seirbhísí. Leis an mbonnlíne, síltear go mbeidh fás eacnamaíoch 0.8 faoin gcéad ar an meán ann in 2026, 1.2 faoin gcéad in 2027 agus 1.5 faoin gcéad in 2028. Is athbhreithniú anuas é seo do 2026 agus 2027, rud a léiríonn tionchar níos suntasaí ag an gcogadh ar mhargaí tráchtearraí, fíorioncaim agus muinín.
Tá an t-ionchas éiginnte fós, agus rioscaí ar an taobh thuas ann don bhoilsciú agus rioscaí ar an taobh thíos don fhás eacnamaíoch. Beidh impleachtaí an chogaidh ar an mboilsciú meántéarmach ag brath ar dhéine agus ar fhad an tsuaite i bpraghsanna fuinnimh, mar aon le méid na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta a bhaineann leis. Léirítear an éiginnteacht sin i raon leathan torthaí don bhoilsciú agus don fhás sna cásanna hipitéiseacha léiritheacha nuashonraithe atá curtha le chéile ag foireann an Eurochórais. Foilseofar na cásanna hipitéiseacha sin i dteannta na réamh-mheastachán foirne ar ár suíomh gréasáin.
Leis an gcinneadh seo inniu, táimid in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann mar gheall ar an gcogadh. Déanfaimid dlúthfhaireachán ar chúrsaí agus leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.
Gníomhaíocht eacnamaíoch
Agus coigeartú á dhéanamh le haghaidh fachtóir sealadach in Éirinn, tháinig fás ar gheilleagar an limistéir euro sa chéad ráithe, agus éileamh intíre agus onnmhairí ag tacú leis. Mar sin féin, tá an cogadh sa Mheánoirthear ag cur isteach ar ghníomhaíochtaí, agus léirítear i suirbhéanna go bhfuil moilliú ann, san earnáil seirbhísí go háirithe. D’éirigh go maith le hearnáil na déantúsaíochta go dtí seo. Is amhlaidh atá, i bpáirt, toisc go raibh gnólachtaí ag cur lena bhfardail chun déileáil le brúnna ar an slabhra soláthair. Is léiriú freisin é ar chaiteachas breise ar chosaint.
Tá an margadh saothair athléimneach i gcónaí. Tá an dífhostaíocht, a bhí ag 6.3 faoin gcéad i mí Aibreáin, gar don leibhéal is ísle dá raibh ann riamh. Cruthaíodh poist bhreise sa chéad ráithe, ach ag ráta níos moille ná mar a bhí sa ráithe dheireanach de 2025. Tháinig laghdú breise ar an éileamh ar shaothar, agus measann gnólachtaí agus teaghlaigh go dtiocfaidh lagú ar an margadh saothair.
Ag breathnú chun cinn, measann an fhoireann anois go mbeidh an t-éileamh intíre níos laige ná mar a réamh-mheasadh i mí an Mhárta, agus an cogadh ag cur isteach ar mhuinín agus costais fuinnimh níos airde ag déanamh creimeadh ar fhíorioncaim. Ag an am céanna, tá cláir chomhardaithe na dteaghlach láidir san iomlán, agus ba cheart go mbeadh an tomhaltas ina phríomhspreagadh don fhás. Cuirfidh costais fuinnimh níos airde agus muinín níos ísle isteach ar infheistíocht phríobháideach sa ghearrthréimhse, ach ba cheart go mbeadh gnólachtaí ag infheistiú i dteicneolaíochtaí digiteacha nua mar bhonn taca leis an infheistíocht sin. Ba cheart go dtacódh caiteachas breise na rialtas ar chosaint agus ar bhonneagar leis an infheistíocht phoiblí. Meastar go mbeidh de thoradh ar na tosca seo go maolófar iarmhairtí an chogaidh.
Tugann an Chomhairle Rialaithe chun suntais an géarghá le geilleagar an limistéir euro a neartú agus airgeadas poiblí fónta á choinneáil ar bun an tráth céanna. Is ancaire ríthábhachtach don chobhsaíocht eacnamaíoch trí chéile í an inbhuanaitheacht fhioscach. Ba cheart go mbeadh freagairtí fioscacha ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh sealadach, spriocdhírithe agus in oiriúint, mar a chuirtear i dtábhacht i bPacáiste Earraigh Sheimeastar Eorpach 2026 ón gCoimisiúin Eorpach. Tá athchóirithe chun acmhainneacht fáis an limistéir euro a fheabhsú agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí an t-aontas coigiltis agus infheistíochta chun críche chun an nuálaíocht a chistiú, chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus an táirgiúlacht a fheabhsú. Leis an euro digiteach agus le hairgead bainc cheannais mórdíola téacschomharthaithe, cuirfear le neamhspleáchas straitéiseach, iomaíochas agus comhtháthú airgeadais na hEorpa, agus cuirfear borradh faoin nuálaíocht in íocaíochtaí. Tá sé ríthábhachtach mar sin go nglacfar go pras leis an Rialachán maidir le bunú an euro dhigitigh. Trí rialacha a shimpliú agus a chomhchuibhiú ar fud Mhargadh Aonair an Aontais, cuideofar le gnólachtaí Eorpacha fás a dhéanamh níos tapúla.
Boilsciú
Tháinig ardú ar bhoilsciú go 3.2 faoin gcéad i mí Bealtaine, ó 3.0 faoin gcéad i mí Aibreáin. Tháinig ardú ar an mboilsciú praghsanna fuinnimh go 10.9 faoin gcéad, tar éis ráta 10.8 faoin gcéad i mí Aibreáin, agus tháinig laghdú ar an mboilsciú praghsanna bia go 2.4 faoin gcéad ó 2.0 faoin gcéad. Tháinig ardú ar an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh go dtí 2.5 faoin gcéad, ó 2.2 faoin gcéad i mí Aibreáin, agus tháinig ardú ar an mboilsciú earraí go 0.9 faoin gcéad agus ardú ar an mboilsciú seirbhísí ó 3.0 faoin gcéad go dtí 3.5 faoin gcéad.
Tháinig maolú ar bhrúnna costais intíre sa chéad ráithe, le fás níos moille ar an bpá agus ar bhrabúis ag tacú leis. Tugann rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá le fios go dtiocfaidh maolú ar an bhfás pá i gcaitheamh na bliana. Mar sin féin, tá sé ag éirí níos costasaí do ghnólachtaí ionchuir eile a fháil agus measann siad go mbeidh orthu a bpraghsanna díola a ardú mar sin. Thairis sin, tháinig ardú cheana féin ar roinnt táscairí de bhoilsciú bunúsach mar gheall ar an suaitheadh fuinnimh. Go fóill féin tá ionchais maidir leis an mboilsciú sa ghearrthéarma i bhfad os cionn na leibhéal a bhí ann roimh thús an chogaidh sa Mheánoirthear. Ag an am céanna, de réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc sa mheántéarma.
Tiocfaidh ardú ar an mboilsciú le linn an tsamhraidh mar gheall ar an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus beidh sé fós i bhfad os cionn na sprice sa chéad leath de 2027. Beidh tionchar ag an ardú seo ar an mboilsciú bia, earraí agus seirbhísí freisin. Ba cheart ansin go mbeadh an boilsciú ar ais ag an sprioc sa dara leath de 2027, agus cuideoidh praghsanna fuinnimh ag titim agus méaduithe níos moille ar phraghsanna eile leis sin. Mar sin féin, is foinse mhór éiginnteachta fós é an cogadh sa Mheánoirthear. Dá fhaide a leanann na praghsanna fuinnimh de bheith ard, is ea is dóchúla go gcuirfeadh siad leis an mboilsciú ina iomláine trí éifeachtaí indíreacha agus dara babhta. Déanfaimid dlúthfhaireachán mar sin ar mhéid agus ar sheasmhacht an mhéadaithe ar phraghsanna fuinnimh, agus an tionchar a bheidh aige ar shocrú praghsanna agus pá, ionchais bhoilscithe, agus dinimic fhoriomlán eacnamaíoch.
Measúnú riosca
Tá na rioscaí a bhaineann leis an ionchas fáis ar an taobh thíos, go príomha mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear, rud atá ag cur leis an timpeallacht bheartais dhomhanda luaineach. D’fhéadfadh suaitheadh fadtéarmach ar sholáthairtí fuinnimh na praghsanna fuinnimh a ardú tuilleadh agus ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis. Chreimfeadh na tosca sin fíorioncaim tuilleadh agus bheadh drogall ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh infheistíocht a dhéanamh agus airgead a chaitheamh. Bheadh an bac ar an bhfás níos géire dá mbeadh géarghanntanas eochair-ionchur ann, ganntanas a chuirfeadh iallach ar ghnólachtaí an limistéir euro a n-aschur a chíorrú, mar thoradh ar phríomhbhealaí loingseoireachta a bheith dúnta. D’fhéadfadh meathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais dhomhanda nó soláthar creidmheasa níos géire éileamh a mhaolú tuilleadh. D’fhéadfadh tuilleadh easaontas sa trádáil idirnáisiúnta cur isteach a thuilleadh ar shlabhraí soláthair, onnmhairí a laghdú agus tomhaltas agus infheistíocht a lagú. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí iad teannais gheopholaitiúla, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Os a choinne sin, d’fhéadfadh go mbeadh fás níos airde i gceist sa chás ina gcuirfeadh an geilleagar agus na margaí fuinnimh iad féin in oiriúint níos tapúla ná mar a bhíothas ag dréim leis don chur isteach mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear nó dá réiteofaí an choinbhleacht go pras agus go hinbhuanaithe. Anuas air sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí fás a ardú níos mó ná mar atá coinne leis mar gheall ar chaiteachas cosanta agus bonneagair beartaithe, athchóirithe chun táirgiúlacht a fheabhsú agus gnólachtaí sa limistéar euro a bheith ag glacadh le teicneolaíochtaí nua. D’fhéadfadh comhtháthú níos doimhne an Mhargaidh Aonair borradh a chur faoin bhfás de bhreis ar na hionchais reatha chomh maith.
Is ar an taobh thuas atá na rioscaí a bhaineann leis an ionchas boilscithe. D’fhéadfadh boilsciú sa limistéar euro méadú tuilleadh má thagann méadú breise ar phraghsanna fuinnimh agus ar feadh tréimhse níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis. D’fhéadfaí seo a threisiú tuilleadh dá mbeadh tionchar níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis ag costais fuinnimh níos airde ar phraghsanna eile agus ar phá, dá mbeadh ardú ar ionchais níos fadtéarmaí maidir leis an mboilsciú mar fhreagairt air sin, nó dá mbeadh cur isteach níos leithne ar shlabhraí soláthair domhanda. D’fhéadfadh teannas leanúnach trádála a bheith ina chúis le slabhraí soláthair domhanda níos ilroinnte, soláthar amhábhar criticiúil a chiorrú agus srianta acmhainneachta i ngeilleagar an limistéir euro a lagú. D’fhéadfadh eachtraí adhaimsire, agus ar bhonn níos leithne na géarchéimeanna aeráide agus dúlra atá ag teacht chun cinn, praghsanna bia a ardú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith beagán níos ísle dá mbeadh éifeachtaí eacnamaíocha an chogaidh sa Mheánoirthear níos gearrthéarmaí ná mar atáthar ag dréim leis faoi láthair nó sa chás nach mbeadh na héifeachtaí indíreacha agus dara babhta chomh suntasach céanna. D’fhéadfadh margaí airgeadais níos luainí a bhfuil col riosca níos mó acu cur isteach ar an éileamh agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin.
Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta
Is beag athrú atá tagtha ar dhálaí airgeadais ó bhí an cruinniú deireanach againn ach tá siad níos doichte ná mar a bhí roimh an gcogadh. Tháinig ardú ar an gcostas a bhaineann le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint go 4.0 faoin gcéad i mí Aibreáin, ó 3.9 faoin gcéad i mí an Mhárta. D’fhan rátaí iasachtaithe na mbanc do ghnólachtaí ag 3.6 faoin gcéad agus rátaí morgáiste ag 3.4 faoin gcéad i mí Aibreáin.
Tháinig ardú ar an ráta fáis bliantúil ar iasachtú bainc do ghnólachtaí go 3.4 faoin gcéad i mí Aibreáin, ó 3.2 faoin gcéad i mí an Mhárta, agus tháinig ardú go 4.6 faoin gcéad ar ráta fáis na n-eisiúint bannaí corparáideacha. Tháinig méadú 3.0 faoin gcéad arís ar an t-iasachtú morgáiste i mí Aibreáin.
I gcomhréir lenár straitéis beartais airgeadaíochta, rinne an Chomhairle Rialaithe measúnú cuimsitheach ar an idirghaol idir an beartas airgeadaíochta agus an chobhsaíocht airgeadais. Tá bainc an limistéir euro athléimneach – tá cóimheasa láidre caipitil agus leachtachta, cáilíocht láidir sócmhainní agus brabúsacht láidir ina gcrann taca acu. Mar sin féin, d’fhéadfadh rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bheith ann dá mbeadh laghdú tobann suntasach ar phraghsanna sócmhainní agus d’fhéadfadh an earnáil airgeadais neamhbhainc agus an meathlú ar cháilíocht sócmhainní, go háirithe in earnáil an fhuinnimh agus earnálacha atá íogair ó thaobh trádála de, cur leis sin. Is ea is mó na rioscaí sin, dá fhad a mhaireann na coinbhleachtaí geopholaitiúla atá ann faoi láthair. Is é an beartas macrastuamachta an phríomhchosaint atá againn i gcónaí ar charnadh leochaileachtaí airgeadais. Cuireann sé feabhas ar an athléimneacht agus caomhnaíonn sé an spás macrastuamachta.
Focal scoir
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Táimid meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá againn don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.
Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa
