Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta

11 Meitheamh 2026

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc 2% don mheántéarma. I gcomhréir leis an ngealltanas sin, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tá brúnna boilscithe ann mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear, agus tá an cinneadh maidir le rátaí a ardú stóinsithe do raon cásanna ina leagtar amach an fhorbairt agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an suaitheadh ar ionchas an limistéir euro sa mheántéarma.

De réir na bonnlíne i réamh-mheastacháin foirne nua an Eurochórais, meastar go mbeidh an meánbhoilsciú foriomlán ag 3.0% in 2026, ag 2.3% in 2027 agus ag 2.0% in 2028. Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia a chur san áireamh, meastar leis an mbonnlíne gur 2.5% ar an meán a bheidh ann in 2026 agus in 2027 agus 2.2% ar an meán a bheidh ann in 2028. I gcomparáid le mí an Mhárta, tá coigeartú suas déanta ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar a réamh-mheastachán bonnlíne don bhoilsciú in 2026 agus 2027, mar gheall ar chosán níos airde do phraghsanna fuinnimh agus meastar, go méid áirithe, go gcuirfidh sin leis an mboilsciú bia, earraí agus seirbhísí. Leis an mbonnlíne, síltear go mbeidh fás eacnamaíoch 0.8% ar an meán ann in 2026, 1.2% in 2027 agus 1.5% in 2028. Is athbhreithniú anuas é seo do 2026 agus 2027, rud a léiríonn tionchar níos suntasaí ag an gcogadh ar mhargaí tráchtearraí, fíorioncaim agus muinín.

Tá an t-ionchas éiginnte fós, le rioscaí ar an taobh thuas don bhoilsciú agus rioscaí ar an taobh thíos don fhás eacnamaíoch. Beidh impleachtaí an chogaidh ar an mboilsciú meántéarmach ag brath ar dhéine agus ar fhad an tsuaite i bpraghsanna fuinnimh, mar aon le méid na n-éifeachtaí indíreacha agus dara babhta a bhaineann leis. Léirítear an éiginnteacht sin i raon leathan torthaí don bhoilsciú agus don fhás sa chásanna léiritheacha nuashonraithe atá curtha le chéile ag foireann an Eurochórais. Foilseofar na cásanna sin i dteannta na réamh-mheastachán foirne ar shuíomh gréasáin BCE.

Leis an gcinneadh seo inniu, tá an Chomhairle Rialaithe in áit mhaith le dul i ngleic leis an éiginnteacht atá ann mar gheall ar an gcogadh. Déanfaidh sí dlúthfhaireachán ar chúrsaí agus leanfaidh sí cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle Rialaithe i dtaobh rátaí úis le bunú ar a measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt ag an gComhairle Rialaithe fós maidir le treo rátaí ar leith.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Dá réir sin, méadófar na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus ar an tsaoráid iasachta imeallach go 2.25%, 2.40% agus 2.65% faoi seach, le héifeacht ón 17 Meitheamh 2026.

An clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Tá punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena cuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ag an sprioc 2% atá aici sa mheántéarma agus chun dea-fheidhmiú tharchur an bheartais airgeadaíochta a choinneáil. Thairis sin, tá an Ionstraim um Chosaint Tarchuir ar fáil chun cur i gcoinne cúinsí mí-ordúla sa mhargadh nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír sa limistéar euro. Ar an gcaoi sin, is féidir leis an gComhairle Rialaithe a sainordú i dtaobh cobhsaíocht praghsanna a chur i gcrích ar bhealach níos éifeachtúla.

Tabharfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ráiteas faoi na cinntí seo ag preasócáid ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa