Tuarascáil Bhliantúil 2025
Sracfhéachaint ar an mbliain

In 2025, d’éirigh le BCE an boilsciú a thabhairt ar ais i gcomhréir leis an sprioc mheántéarma 2% a bhí aige, tar éis géarú a bheith déanta air go rátaí nach bhfacthas riamh ag deireadh 2022 i ndiaidh sraith géarchéimeanna – an phaindéim, drochthorthaí eacnamaíocha ionradh na Rúise gan údar ar an Úcráin.
Mar fhreagairt ar an suaitheadh boilscithe is mó le glúin anuas, chuir BCE an teannadh ba ghéire sa bheartas airgeadais riamh i bhfeidhm, agus rátaí beartais á méadú faoi 450 bonnphointe idir Iúil 2022 agus Meán Fómhair 2023, arbh é an méadú is mó riamh é, agus é ag gealladh go gcoinneodh sé na rátaí ag leibhéil sách sriantach chomh fada agus ba ghá.
D’oibrigh an teannadh sin. Thit an boilsciú sa limistéar euro go tobann, agus ó lár 2024, thosaigh BCE ag maolú a shriain ar an mbeartas airgeadaíochta de réir a chéile. Ag tús 2025, bhí an próiseas frithbhoilscithe ar an mbóthar ceart agus de réir réamh-mheastacháin BCE, bhí an boilsciú ag filleadh ar an spriocleibhéal.
Ach tharla suaitheadh mór geopholaitiúil le linn na bliana. Chuir na Stáit Aontaithe, an margadh onnmhairíochta is mó atá ag an Eoraip, balla taraifí mórthimpeall orthu féin – ar bheart é a raibh an baol ag baint leis go mbeadh sé ina bhac ar fhás an limistéir euro agus a d’fhág go raibh an t-ionchas boilscithe i bhfad níos éiginnte ná mar a bhí.
Mar a tharla sé, coimeádadh na héifeachtaí boilscitheacha faoi smacht. Staon an Eoraip ó fhrithbheart mórscála a dhéanamh, agus mar gheall ar luachmhéadú ráta malairte an euro maolaíodh brúnna ar phraghsanna allmhairí.
Agus an boilsciú ag leanúint ar a chonair réamh-mheasta, bhí an Chomhairle Rialaithe in ann leanúint de bheith ag laghdú rátaí beartais, agus ghearr siad 100 bonnphointe san iomlán i gceithre chéim i ndiaidh a chéile chun an príomhráta beartais a thabhairt chun 2.00% faoi mhí an Mheithimh.
Bhí gach cinneadh faoi threoir fheidhm frithghníomhaithe na Comhairle Rialaithe, bunaithe ar thrí ghné: measúnú ar an ionchas boilscithe, dinimic an chroí-bhoilscithe agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Agus a cuid cinntí á ndéanamh aici, lean an Chomhairle Rialaithe cur chuige a bhí ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú, gan aon ghealltanas a thabhairt roimh ré maidir le treo rátaí ar leith.
An tráth céanna, léirigh geilleagar an limistéir euro athléimneacht nach raibh coinne leis i leith timpeallacht domhanda dhúshlánach.
Tús-ualú ba chúis leis sin, go páirteach, de réir mar a bhrostaigh gnólachtaí chun teacht roimh bhacainní nua trádála i míonna luatha na bliana, rud a thug ardú d’earnáil déantúsaíochta na hEorpa. Mhaolaigh an borradh sin de réir mar a tháinig na taraifí i réim agus de réir mar a d’éirigh an déantúsaíocht níos laige agus dúshláin iomaíochais roimpi.
Ach ar bhealach níos bunúsaí, coinníodh geilleagar an limistéir euro ag imeacht le fíorneartú ó thaobh éileamh intíre, lenar fritháiríodh le fuílleach an suaitheadh seachtrach. Éileamh intíre go hiomlán ba chúis le fás in 2025.
Ba san infheistíocht a tharla an fhorbairt is mó a raibh gealladh faoi, b’fhéidir.
Mhéadaigh infheistíocht ghnó ar luas gasta, agus í spreagtha ag réimsí doláimhsithe – an intleacht shaorga, bogearraí agus digitiú – de réir mar a ghlac gnólachtaí na hEorpa le teicneolaíocht dhigiteach le díocas nua. Agus i dtreo dheireadh na bliana, thosaigh caiteachas níos airde na Gearmáine i leith na cosanta ag teacht chun bheith éifeachtach, ar fhreagairt ar an timpeallacht nua gheopholaitiúil é sin.
Shroich fás an limistéir euro 1.4% in 2025 – a bhí beagnach aon trian níos láidre ná mar a tuaradh ag tús na bliana, agus ar léiriú é sin ar athléimneacht an gheilleagair.
San iomlán, chuir sé sin ar chumas na Comhairle Rialaithe rátaí a chur ar athlá ó mhí Iúil ar aghaidh. Leis an mboilsciú thart ar an sprioc meántéarmach a bhí aici, ionchais níos fadtéarmaí maidir le boilsciú ceangailte go maith agus seasamh maidir le beartas airgeadaíochta a bhí neodrach ar an iomlán, bhí an Chomhairle Rialaithe i riocht maith agus in áit mhaith chun freagairt do shuaití amach anseo i gceachtar treo.
In 2025, chuir an Chomhairle Rialaithe bonn foirmiúil faoin gcaoi a ndéanfadh sí suaití amach anseo a léiriú agus freagairt dóibh, trína measúnú ar an straitéis beartais airgeadaíochta – iarracht chomhoibríoch de chuid an Eurochórais a tugadh chun críche i mí an Mheithimh. Sa mheasúnú sin, a raibh raon feidhme níos cúinge i gceist leis ná mar a bhí i gcás athbhreithniú 2021, cuimsíodh ceachtanna ón aistriú sa timpeallacht boilscithe agus ón bhfreagairt beartais a tháinig i ndiaidh sin.
Athdhearbhaíodh sa mheasúnú an sprioc shiméadrach 2% maidir le boilsciú sa mheántéarma mar bhunchloch straitéis beartais airgeadaíochta BCE. Ina theannta sin, leathnaíodh an siméadracht sin chuig an bhfeidhm frithghníomhaithe: rachfaí i ngleic le himeachtaí móra leanúnacha ón sprioc i gceachtar treo le gníomh a bheadh sách láidir nó leanúnach de réir mar ba chuí. Chomh maith leis sin, chuir an Chomhairle Rialaithe i dtreis a thábhachtaí atá sé an bealach is dóchúla a rachadh an boilsciú agus an fás a chur san áireamh, ach anuas air sin chuir sí i dtreis na rioscaí agus an éiginnteacht a bhaineann leo, lena n-áirítear trí úsáid iomchuí a bhaint as hipitéisí agus anailísí íogaireachta.
Taobh amuigh den bheartas airgeadaíochta, rinne BCE dul chun cinn ar fud raon réimsí in 2025.
De réir mar a mhéadaigh an móiminteam san Eoraip a bhain leis an díospóireacht maidir le castacht rialála a laghdú, chruthaigh an Chomhairle Rialaithe an Tascfhórsa Ardleibhéil maidir le Simpliú chun tograí a fhorbairt chun na creataí rialála, maoirseachta agus tuairiscithe a chuíchóiriú. D’fhoilsigh an Tascfhórsa a mholtaí i dtreo dheireadh na bliana, chun feidhmiú mar thoisc ionchuir don Choimisiún Eorpach agus é ag ullmhú tuarascáil ar staid fhoriomlán chóras baincéireachta na hEorpa.
Tharla forbairtí suntasacha i ndáil le bonneagar margaidh agus íocaíochtaí chomh maith.
Seoladh Córas Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais i mí an Mheithimh, lenar cuireadh córas aonair chun comhthaobhacht a bhainistiú in ionad ardáin ilroinnte náisiúnta. Tháinig borradh 132% faoi íocaíochtaí meandracha arna n-ainmniú in euro a socraíodh trí TIPS, mar thoradh ar cheanglais 2025 den Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Meandracha, faoinar ceanglaíodh ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta sa limistéar euro a bheith in ann íocaíochtaí meandracha a ghlacadh agus a sheoladh.
Bhog an Chomhairle Rialaithe ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile de thionscadal an euro dhigitigh chomh maith, ag a bhfuiltear ag díriú ar ullmhacht theicniúil, rannpháirtíocht margaidh agus an próiseas reachtach, agus é mar aidhm aici a bheith réidh do chleachtadh píolótach féideartha in 2027 agus leathadh amach a d’fhéadfadh tarlú in 2029.
Leanadh leis an obair ar athdhearadh na nótaí bainc euro ag an am céanna, a bhí ina léiriú ar thiomantas BCE chun airgead tirim a choinneáil taobh le hairgead digiteach. Roghnaigh an Chomhairle Rialaithe móitífeanna chun léiriú a thabhairt ar dhá théama féideartha don chéad sraith eile de nótaí bainc – ‘Cultúr na hEorpa: spásanna cultúrtha comhroinnte’ agus ‘Aibhneacha agus éin: athléimneacht san éagsúlacht’ – agus sheol sí comórtas deartha do na nótaí bainc nua i mí Iúil.
Lean cáilíocht thaighde BCE d’aitheantas forleathan idirnáisiúnta a thuilleadh, ar léiriú é sin ar shármhaitheas ár dtaighdeoirí. Tá BCE sa chéad áit ar domhan anois i réimse na heacnamaíochta airgeadaíochta dar le Páipéir Taighde san Eacnamaíocht – arb innéacs ar thaighde eacnamaíochta é sin a úsáidtear go forleathan.
Ag deireadh na bliana, bhí an limistéar euro réidh le fáilte a chur roimh an Bhulgáir mar a 21ú ball, rud a athdhearbhaigh tarraingteacht an euro tráth a bhfuil éiginnteacht gheopholaitiúil ag dul i méid. Agus san earrach, baineadh amach an ráta is airde riamh de 83 % ó thaobh tacaíocht don euro i measc shaoránaigh an limistéir euro, agus d’fhan sé láidir i rith na bliana.
Ní bheadh aon chuid den mhéid thuas indéanta gan tiomantas agus saineolas fhoireann BCE. Cuirtear cuntas mionsonraithe ar a gcuid oibre in 2025 ar fáil sa Tuarascáil Bhliantúil seo.
Frankfurt am Main, Bealtaine 2026
Christine Lagarde
Uachtarán
Figiúirí na bliana
|
|
D’éirigh go maith le gníomhaíocht eacnamaíoch d’ainneoin dúshláin dhomhanda | Bhí boilsciú príomha ag gluaiseacht i dtreo na sprice |
Mhéadaigh fíor-OTI an limistéir euro faoi 1.4% in 2025, tar éis 0.9% in 2024. Bhí seirbhísí níos athléimní ná an tionscal, i bhfianaise éiginnteacht mhór sa timpeallacht dhomhanda. | Tháinig laghdú ar bhoilsciú príomha go 2.1% in 2025 ó 2.4% in 2024, ag druidim níos gaire do sprioc 2%. |
|
|
Laghdaigh BCE a eochair-rátaí úis arís | Bhí BCE ar cheann de na hinstitiúidí taighde is fearr ar domhan |
Laghdaigh BCE a eochair-rátaí úis faoi 100 bonnphointe sa chéad leath de 2025 sa chaoi gurbh ionann ráta na saoráide taisce agus 2.00% i mí an Mheithimh, i bhfianaise comharthaí leanúnacha go raibh boilsciú ag druidim i dtreo sprioc 2% ar bhonn inmharthana. | I Research Papers in Economics (RePEc), rangaíodh BCE sa chéad áit i réimsí taighde na heacnamaíochta airgeadaíochta agus na baincéireachta, agus sa dara háit i réimse na maicreacnamaíochta le linn 2025. |
|
|
Méadú ar athléimneacht na mbanc sa limistéar euro | Borradh faoi íocaíochtaí meandracha euro arna socrú trí TIPS |
Sa tríú ráithe de 2025, b’ionann agus 16.1% cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhiomlán. Léiríonn sé sin athléimneacht na hearnála baincéireachta, rud a neartaíodh freisin le brabúsacht láidir agus cóimheas iasachtaí neamhthuillmheacha a bhí gar do na leibhéil ab ísle riamh. | Leis an Rialachán maidir le hÍocaíochtaí Meandracha, bhí méadú suntasach ar ghníomhaíocht arna hainmniú in euro i Socraíocht Íocaíochtaí Meandracha TARGET (TIPS). Tháinig méadú ar mheánlíon laethúil na n-idirbheart ó 1,657,421 íocaíocht i mí na Nollag 2024 go 3,845,376 i mí na Nollag 2025. |
|
|
Bhí tacaíocht don euro ag a leibhéal ab airde riamh | Tháinig méadú ar an sciar de bhannaí glasa i bpunann cistí dílse BCE |
I suirbhé Eorabharaiméadar Caighdeánach 101 an Earraigh 2025 de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, bhí 83% de dhaoine sa limistéar euro i bhfabhar an ráitis “Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta Eorpach a bhfuil airgeadra aonair amháin aige, an euro”. Léiríonn sé seo go bhfuil tacaíocht don airgeadra aonair ag an leibhéal is airde riamh. | Mar chuid dá straitéis chun tacú leis an aistriú glas, lean BCE den sciar d’infheistíochtaí glasa ina chistí dílse a mhéadú, ó 1% in 2019 go 33% ag deireadh 2025. |
1 Srian curtha le brúnna boilscitheacha ag beartas airgeadaíochta BCE
Bhí an ghníomhaíocht eacnamaíoch dhomhanda athléimneach i gcónaí in 2025 d’ainneoin constaicí méadaithe a bhain le trádáil. Rinneadh éifeachtaí an aistrithe shuntasaigh i mbeartas trádála SA ar fhás domhanda a mhaolú le beartais tacaíochta, le hinfheistíocht láidir a bhain leis an Intleacht Shaorga (SI) agus le tús-ualú allmhairí. Tháinig leathnú ar thrádáil dhomhanda de réir mar a rinneadh allmhairí a thabhairt chun tosaigh in oirchill taraifí níos airde, ach tháinig lagú ar an móiminteam níos déanaí sa bhliain de réir mar a scaoileadh na héifeachtaí seo agus de réir mar a tháinig iarmhairt taraifí níos airde chun cinn. Lean boilsciú domhanda de bheith ag maolú, ach ar luas níos moille agus ní raibh an patrún chomh sioncrónaithe céanna leis an gceann a bhí ann sna blianta roimhe sin. Tháinig luachmhéadú ar an euro i dtéarmaí éifeachtacha ainmniúla agus, go háirithe, in aghaidh dhollar SA. Bhí téarnamh measartha ach leathan le feiceáil i ngeilleagar an limistéir euro in 2025, ar lena linn a d’éirigh an fás ar tháirgiúlacht saothair dearfach, fad a lagaigh fás fostaíochta beagán. Bhí beartas airgeadaíochta nach raibh chomh sriantach céanna ag tacú le dinimic fáis, ach bhí dúshláin roimh an ngeilleagar a bhain le héiginnteacht faoi tharaifí trádála agus leis an staid gheopholaitiúil. Cé go raibh roinnt luaineachta i gceist sa tionscal, bhí seirbhísí cobhsaí i gcónaí, rud a choinnigh bonn faoin bhfás. In 2025, lean boilsciú príomha sa limistéar euro de bheith ag druidim i dtreo sprioc mheántéarmach BCE arb ionann í agus 2%, rud a bhí á spreagadh ag an ngéarú roimhe seo ar bheartas airgeadaíochta, ag brúnna maolaitheacha píblíne ó phraghsanna tráchtearraí fuinnimh agus neamhfhuinnimh, mar aon le brúnna ó phraghsanna ísle allmhairí i gcoitinne. Léirigh formhór na dtáscairí ar bhoilsciú foluiteach go raibh maolú breise ann de réir a chéile le linn 2025, rud a thugann le tuiscint go bhfuil boilsciú príomha ag gluaiseacht i dtreo rátaí atá gar don sprioc. Sa timpeallacht eacnamaíoch seo, agus mar gheall ar bheartas airgeadaíochta nach bhfuil chomh sriantach céanna agus ar mhéadú ar fhíor-rátaí fadtéarmacha úis, géaraíodh cuair toraidh sa limistéar euro agus tháinig méadú suntasach ar phraghsanna stoic. Lean dálaí maoiniúcháin do ghnólachtaí agus do theaghlaigh sa limistéar euro de bheith ag maolú go luath sa bhliain sular tháinig cobhsú orthu tríd is tríd. Bhí an téarnamh ar iasachtú bainc lag i gcónaí, áfach, agus bhí fás leathan airgid marbhánta.
2 Cur chuige atá ag brath ar shonraí agus ar bhonn cruinniú ar chruinniú chun rátaí úis a shocrú
Laghdaigh an Chomhairle Rialaithe na trí eochair-ráta úis de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh ceithre huaire sa chéad leath de 2025, ag leanúint le próiseas ar cuireadh tús leis in 2024. Chinn sí ar na giorruithe seo ar rátaí úis de bharr fianaise chomhsheasmhach go raibh boilsciú ag gluaiseacht ar bhonn inmharthana i dtreo sprioc mheántéarmach 2%. Rinneadh na trí eochair-ráta úis de chuid BCE a laghdú faoi 100 bonnphointe san iomlán, sa chaoi gurbh ionann ráta na saoráide taisce agus 2.00% faoi mhí an Mheithimh. Lean an Chomhairle Rialaithe cur chuige a bhí ag brath ar shonraí agus ar bhonn cruinniú ar chruinniú, gan aon ghealltanas a thabhairt maidir le conair rátaí ar leith a leanúint. Le beartas airgeadaíochta nach raibh chomh sriantach céanna, i dteannta margadh saothair láidir, fíorioncaim mhéadaitheacha agus cláir chomhardaithe láidre san earnáil phríobháideach, neartaíodh athléimneacht gheilleagar an limistéir euro i leith teannas trádála domhanda agus éiginnteachtaí geopholaitiúla.
Tháinig cúngú €0.1 trilliún ar chlár comhardaithe an Eurochórais in 2025 go €6.3 trilliún faoi dheireadh na bliana, ag leanúint leis an bpróiseas normalaithe ar cuireadh tús leis in 2022 (féach Cuid 2.2). Bhí an laghdú seo á spreagadh ag laghduithe ar phunanna beartais airgeadaíochta, ó tharla nach raibh athinfheistíochtaí á ndéanamh a thuilleadh ag an Eurochóras faoina chláir ceannaithe sócmhainní. Cé gur tháinig laghdú ar róleachtacht, ba bheag an méid a bhíothas ag dul ar iontaoibh oibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais, rud a léiríonn dálaí maithe leachtachta i gcónaí agus costas sách íseal roghanna malartacha ar mhaoiniú margaidh. Tháinig méadú go €20.3 trilliún ar stór sócmhainní a bhí incháilithe mar chomhthaobhacht in oibríochtaí athmhaoinithe an Eurochórais.
In 2025, chuir an tEurocóras feabhas ar a chreat bainistíochta riosca chun a chinntiú go ndéanfaí beartais airgeadaíochta a chur chun feidhme ar bhonn a bheadh éifeachtúil ó thaobh riosca de. Bhain na hathruithe seo go príomha le beartais comhthaobhachta agus bhí siad dírithe ar a chinntiú go leanfaí cur chuige láidir maidir le measúnú a dhéanamh ar cháilíocht chreidmheasa sócmhainní comhthaobhachta, go ndéanfaí ríomh na gcaolchorrlach le haghaidh aicmí áirithe sócmhainní a bheachtú agus go ndéanfaí an creat comhthaobhachta a oiriúnú chun dul i ngleic le héiginnteachtaí a bhaineann leis an athrú aeráide. Lean roinnt banc ceannais de chuid an Eurochórais, BCE san áireamh, d’ioncam íseal nó d’ioncam diúltach a thabhú in 2025. Déanfar an caillteanas arna thabhú ag BCE a dhíscríobh in aghaidh brabúis amach anseo (féach Cuid 2.3 agus Cuntais Bhliantúla BCE do 2025).
3 An earnáil airgeadais Eorpach: rioscaí ardaithe geopholaitiúla agus margaidh a láimhseáil i bhfianaise dúshláin struchtúracha
In 2025, bhí rioscaí cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro ardaithe i gcónaí i bhfianaise teannas geopholaitiúil méadaithe, ilroinnt trádála agus éiginnteacht mhéadaithe beartais dhomhanda. Bhí suaití taraifí agus éileamh seachtrach níos laige ag cur isteach ar bhrabúsacht chorparáideach agus ag cur le riosca creidmheasa. Bhí roinnt leochaileachtaí ceannasacha á spreagadh ag leibhéil fiachais ní b’airde, ag an bhféidearthacht go mbeadh méadú ar chaiteachtas ar chosaint agus ar riachtanas infheistíochta, mar aon le hiarmhairtí de bharr ábhair imní faoi inbhuanaitheacht fhioscach dhomhanda. Lean caipitliú agus brabúsacht stóinseach na mbanc de bheith mar bhonn taca faoina n-athléimneacht d’ainneoin riosca méadaitheach creidmheasa agus margaidh, agus leochaileachtaí seasmhacha san earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc (NBFI) mar gheall ar ghiaráil, neamhréireachtaí leachtachta agus idirnascthacht. D’ainneoin na leochaileachtaí bunúsacha seo, áfach, tá earnáil NFBI sách athléimneach i gcónaí. Le beartas macrastuamachta, díríodh ar athléimneacht a chothabháil trí mhaoláin caipitil a choimeád agus, i gcásanna áirithe, iad a mhéadú, agus díríodh ar bhearta a bhain le hiasachtaithe. I gcás maoirseacht micreastuamachta, rinneadh dul chun cinn maidir le simpliú, maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil agus maidir le rioscaí aeráide agus dúlra a chur san áireamh sa chlár maoirseachta, fad a deimhníodh stóinseacht na mbanc trí thástálacha struis. Le linn na bliana, bhí BCE ag obair freisin ar thograí a fhorbairt maidir le creataí Eorpacha rialála, maoirseachta agus tuairiscithe a shimpliú. Rinneadh dul chun cinn maidir le tionscnaimh thábhachtacha reachtacha, lena n-áirítear cur chun feidhme athchóirithe deiridh Basel III, athchóiriú ar chreat bainistíochta géarchéime agus árachais taiscí AE agus céimeanna i dtreo an aontais coigiltis agus infheistíochtaí.
4 Feidhmiú rianúil bhonneagar an mhargaidh agus íocaíochtaí
Tá ról lárnach ag an Eurochóras i bhforbairt, in oibriú agus i bhformhaoirsiú bhonneagair an mhargaidh agus íocaíochtaí. Bíonn Seirbhísí TARGET á n-oibriú aige, a raibh rochtain mhéadaithe orthu go léir in 2025. Rinneadh tuilleadh forbartha ar fheidhmiúlachtaí Sheirbhísí TARGET, lena n-áirítear seirbhísí socraíochta ilairgeadra. An 16 Meitheamh, cuireadh tús le Seirbhís nua TARGET, eadhon Córas Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (CBCE), córas aontaithe lena gcomhchuibhítear bainistíocht comhthaobhachta le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais i ndlínsí uile an limistéir euro. Lean an tEurochóras de shábháilteacht agus d’éifeachtúlacht bhonneagar íocaíochtaí agus margaidh na hEorpa a chur chun cinn, agus na trí riachtanas maidir le nuálaíocht, lánpháirtiú agus neamhspleáchas á saothrú aige. Ina theannta sin, thug sé an chéim ullmhúcháin de thionscadal an euro digiteach chun críche, sprioc thábhachtach eile maidir le heisiúint euro digiteach. In 2025, lean an tEurochóras leis an obair ar éiceachóras nuálach, comhtháite, sábháilte Eorpach de shócmhainní digiteacha a fhorbairt le haghaidh idirbhearta mórdhíola ag baint úsáid as teicneolaíocht mórleabhar dáilte, ag tosú le tionscnaimh Pontes agus Appia. I réimse na formhaoirseachta, rinneadh an sainmhíniú ar oibreoir córas íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leis agus forálacha maidir le rialachas, cibear-riosca agus seachfhoinsiú a nuashonrú le hathmhúnlú Rialachán BCE maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo.
5 Oibríochtaí margaidh agus seirbhísí airgeadais eile a chuirtear ar fáil d’institiúidí eile
Is ionann línte babhtála agus athcheannaigh an Eurochórais le bainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro agus ionstraimí beartais airgeadaíochta a úsáidtear mar uirlisí cobhsaíochta le linn tréimhsí anáis i margaí airgeadais domhanda. Leis na línte leachtachta euro, cuireadh cúlstop ar bun arís do mhaoiniú margadhbhunaithe in 2025. Ina theannta sin, lean BCE d’oibríochtaí dhollar SA a thairiscint do chontrapháirtithe incháilithe sa limistéar euro ar bhonn rialta, agus líonra seasta líne babhtála de chuid na mórbhanc ceannais mar thaca leis, lena gcuimsítear BCE, Córas an Chúlchiste Fheidearálaigh, Banc Cheanada, Banc Shasana, Banc na Seapáine agus Banc Náisiúnta na hEilvéise. Ní dhearna BCE aon idirghabháil sa mhargadh malairte eachtraí le linn 2025. Lean BCE de bheith freagrach as oibríochtaí éagsúla airgeadais a riaradh thar ceann AE agus lean sé de chomhordú a dhéanamh ar chreat an Eurochórais um sheirbhísí bainistíochta cúlchistí.
6 Airgead tirim in euro a chur in oiriúint don todhchaí
In 2025, tháinig méadú arís ar leibhéal na nótaí bainc euro a bhí i gcúrsaíocht. I gcomhréir le tiomantas an Eurochórais a chinntiú go mbeidh airgead tirim ar fáil, inrochtana agus inghlactha i gcónaí mar mhodh íocaíochta, agus go mbeidh sé chomh inbhuanaithe agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir, leanadh leis an bpróiseas chun nótaí bainc euro a athdhearadh. Leis an bpróiseas seo, feabhsófar slándáil nótaí bainc euro agus cuirfear deis ar fáil chun nasc níos fearr a chruthú idir iad agus muintir uile na hEorpa.
7 Staidreamh
Déanann BCE - le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) - raon leathan staidrimh agus sonraí riachtanacha a fhorbairt, a bhailiú, a chomhthiomsú agus a scaipeadh chun tacú le cúraimí eile de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach. Bíonn an staidreamh seo á úsáid freisin ag údaráis phoiblí, eagraíochtaí idirnáisiúnta, rannpháirtithe margaidh airgeadais, na meáin agus ag an bpobal i gcoitinne, agus cuidíonn sé le BCE trédhearcacht a chuid oibre a fheabhsú.
In 2025, rinne BCE mionchoigeartú ar staidreamh don limistéar euro chun tacú ar bhealach níos fearr le beartas airgeadaíochta, le cobhsaíocht airgeadais agus le tosaíochtaí AE i gcoitinne. Cuireadh feabhas ar phríomhthacair sonraí maidir le margaí airgid, bainc agus maidir le hairgeadas an rialtais agus, leis sin, feabhsaíodh cumhdach, comhsheasmhacht agus trédhearcacht agus rinneadh sruthlíniú ar thuairisciú BCN. Rinneadh táscairí a bhaineann leis an aeráid a fhorbairt tuilleadh d’fhonn faisnéis níos fearr a chur ar fáil maidir le rioscaí a bhaineann le maoiniú inbhuanaithe agus rioscaí aeráide, rud a chuidíonn le saincheisteanna aeráide a chur san áireamh in anailís beartais. Ar an leibhéal reachtach, mhol BCE go ndéanfaí leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle d’fhonn an creat bailithe staidrimh a nuachóiriú, cáilíocht agus éifeachtúlacht sonraí a fheabhsú, agus ualaí tuairiscithe a choinneáil chomh híseal agus is féidir, agus rúndacht a chosaint ag an am céanna. I gcomhthráth leis sin, rinne an Comhchoiste um Thuairisciú Banc dul chun cinn tábhachtach maidir le tuairisciú sonraí na mbanc a dhéanamh níos éifeachtúla nuair a d’eisigh sé a chéad chomhairle a bhain le cur chun feidhme an aicmithe staidrimh athbhreithnithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha.
8 Gníomhaíochtaí taighde BCE
In 2025, thug foireann BCE faoi thaighde fairsing eacnamaíoch, airgeadaíochta, airgeadais agus dlíthiúil lena gcuirtear ionchur tábhachtach ar fáil maidir le ceapadh beartais, lena n-áirítear maidir le measúnú straitéise 2025. Leis an obair faoi Líonra Taighde ChaMP[1], mar aon le taighde bunaithe ar an Suirbhé ar Ionchais Tomhaltóirí agus ar an Suirbhé um Airgeadas agus Tomhaltas Teaghlaigh, leanadh d’fhianaise luachmhar a chur ar fáil mar bhonn eolais do bheartas airgeadaíochta.
Ag tús na caibidle seo, tugtar aitheantas do cháilíocht thaighde BCE, ansin tugtar cur síos ar na cúig phríomhréimse taighde agus comhairle beartais, mar aon leis an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na réimsí sin le linn na bliana. Sa chuid eile den chaibidil, tugtar forbhreathnú ar bhunú agus ar ghníomhaíochtaí an Tascfhórsa Taighde ar an Intleacht Shaorga (IS) agus ag deireadh na caibidle tá bosca “Samhaltú maicreacnamaíoch in aimsir na héiginnteachta”.
9 Gníomhaíochtaí dlíthiúla agus dualgais dhlíthiúla
Sa chaibidil seo, déileáltar le dlínse na Cúirte Breithiúnais i ndáil le BCE, agus cuirtear faisnéis ar fáil maidir le tuairimí BCE agus maidir le cásanna nach gcomhlíontar an oibleagáid dul i gcomhairle le BCE maidir le dréacht-reachtaíocht a thagann laistigh dá réimsí inniúlachta. Tuairiscítear freisin sa chaibidil seo ar an bhfaireachán a dhéanann BCE ar chomhlíonadh an toirmisc ar mhaoiniú airgeadaíochta agus ar rochtain phribhléideach.
10 BCE i gcomhthéacs AE agus idirnáisiúnta
Lean na trí chomhlacht cinnteoireachta de chuid BCE (an Chomhaire Rialaithe, an Bord Feidhmiúcháin agus an Chomhairle Ghinearálta) den treo beartais a ullmhú agus a shocrú faoi shainordú BCE don Eoraip. Ina theannta sin, lean BCE de phlé oscailte, dearfach a choimeád ar bun le linn na bliana le contrapháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta. Tá teagmháil leanúnach BCE le Parlaimint na hEorpa mar chuid lárnach dá chreat cuntasachta, go háirithe trí éisteachtaí agus trí chomhfhreagras rialta leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON).
Sa réimse idirnáisiúnta níos leithne, thacaigh BCE le hiarrachtaí G20 chun na hearnálacha baincéireachta agus neamhbhainc araon a neartú agus príomhthiomantais maidir le Basel III, cripteashócmhainní, íocaíochtaí trasteorann, agus cobhsaíocht airgeadais a chur chun cinn. Thacaigh BCE le hobair an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) freisin trí pháirt a ghlacadh i bpléití beartais ábhartha.
11 Eitic, dea-rialachas, agus inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn
Mar institiúid phoiblí, tá BCE cuntasach do shaoránaigh AE agus dá n-oifigigh thofa. Cuimsítear leis an bhfreagracht sin cumarsáid agus teagmháil éifeachtach a dhéanamh le pobail éagsúla, na caighdeáin eitice agus an trédhearcacht is airde a chothabháil, measúnú a dhéanamh ar iarmhairtí rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra, agus a fhostaithe a chumhachtú.
12 Ár bhfoireann
Tá cultúr na nuálaíochta á chothú againn in BCE agus tá raon tionscnamh seolta againn arb é is aidhm dóibh éifeachtúlacht a mhéadú agus na tairbhí a chuirimid ar fáil do shaoránaigh a uasmhéadú. In 2025, díríodh iarrachtaí suntasacha ar réitigh nua na hintleachta saorga (SI) a chur chun feidhme chun tacú lenár n-obair laethúil. Sa chaibidil seo, tugann cúigear comhghleacaithe cur síos ar na róil atá acu maidir leis na huirlisí sin a fhorbairt agus a úsáid agus roinneann siad a dtaithí phearsanta maidir leis an gcaoi ina mbíonn ár modhanna oibre á múnlú ag SI.
Cuntais Bhliantúla
https://www.ecb.europa.eu/press/annual-reports-financial-statements/annual/annual-accounts/html/ecb.annualaccounts2025~ba3b593c99.ga.htmlClár comhardaithe comhdhlúite an Eurochóras amhail ar an 31 Nollaig 2025
https://www.ecb.europa.eu/press/annual-reports-financial-statements/annual/balance/html/ecb.eurosystembalancesheet2025~31f7e11ddc.ga.html© An Banc Ceannais Eorpach, 2026
Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Teileafón +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu
Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh chun críocha oideachais agus neamhthráchtála fad is a aithnítear an fhoinse.
Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach ar ghluais BCE (ar fáil i mBéarla amháin).
HTML ISBN 978-92-899-7671-8, ISSN 2600-5107, doi:10.2866/0019185, QB-01-26-070-GA-Q
Is é is aidhm don Líonra Taighde maidir le Dúshláin do Tharchur Beartais Airgeadaíochta i nDomhan atá ag Athrú (ChaMP) feabhas a chur ar ár dtuiscint ar an gcaoi ina gcuirtear beartas airgeadaíochta ar aghaidh chuig an ngeilleagar Eorpach i bhfianaise suaití nach bhfacthas riamh roimhe, athruithe struchtúracha agus dinimic athraitheach an bhoilscithe. Is tionscadal de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) é.







