Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Feabhra 2024
23 Feabhra 2024
Beartas airgeadaíochta
Ceistneoir caighdeánach leasaithe le haghaidh suirbhé ar iasachtú bainc
An 29 Eanáir 2024 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe leasuithe ar an gceistneoir caighdeánach a úsáidtear le haghaidh an tsuirbhé ar iasachtú bainc sa limistéar euro (BLS). Déanann an tEurochóras athbhreithniú rialta ar an gceistneoir seo, a bhfuil a luach léirithe aige maidir le hanailís a dhéanamh ar choinníollacha iasachtaithe bainc sa limistéar euro ó tugadh isteach an suirbhé ar iasachtú bainc in 2003, chun a áirithiú go gcoimeádtar ardchaighdeán, ábharthacht agus úsáideacht an tsuirbhé. Coinníodh líon na leasuithe a rinneadh le déanaí chomh beag agus ab fhéidir chun teorainn a chur le haon mhéadú ar ualach tuairiscithe na mbanc rannpháirteach. Tabharfar isteach na hathruithe le haghaidh eagrán mhí Aibreáin 2024 den suirbhé.
Oibríochtaí margaidh
Fad curtha leis na línte leachtachta go dtí mí Eanáir 2025
An 29 Eanáir 2024 d’fhógair an Banc Ceannais Eorpach gur chinn an Chomhairle Rialaithe fad a chur leis na línte athcheannaigh atá aici le seacht mbanc ceannais náisiúnta nach bhfuil sa limistéar euro (Magyar Nemzeti Bank, Banc na hAlbáine, Údarás Airgeadais Andóra, Banc Náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Banc Ceannais Phoblacht San Mairíne, Banc Ceannais Mhontainéagró agus Banc Ceannais Phoblacht na Cosaive) go dtí 31 Eanáir 2025. Rinneadh an cinneadh de bhun ghlacadh creat nua le haghaidh línte leachtachta euro in 2023, rud a mhínítear ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Leasuithe ar ghníomhartha dlí maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme
An 08 Feabhra 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe leasuithe ar ghníomhartha dlí lena gcuirtear chun feidhme creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais. Is iad na gníomhartha dlí leasaitheacha Treoirlíne BCE/2024/4 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme; Treoirlíne BCE/2024/5 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais; Treoirlíne BCE/2024/6 lena leasaítear Treoirlíne BCE/2014/31 maidir le bearta sealadacha breise a bhaineann le hoibríochtaí athmhaoiniúcháin an Eurochórais agus incháilitheacht comhthaobhachta; agus Cinneadh BCE/2024/7 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/440 maidir le clár ceannaigh sealadach le haghaidh éigeandáil na paindéime.
Rachaidh na leasuithe a tugadh isteach chun feidhme ón 06 Bealtaine 2024 agus áireofar leo forálacha lena gcuirfear deireadh leis an gcleachtas ina n-úsáidtear ionstraimí fiachais gearrthéarmacha mar chomhthaobhacht faoi na creata éileamh creidmheasa breise (ACC), soiléiriú breise maidir leis na rialacha incháilitheachta comhthaobhachta le haghaidh sócmhainní le ráthóir, bunú liosta comhchuibhithe de theagmhais mhainneachtana faoin gcreat ginearálta, agus leasuithe eagarthóireachta chun soiléireacht a shimpliú agus a fheabhsú. Tá gach ceann de na gníomhartha dlí le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim BCE maidir leis an líonra bonneagair airgid thirim
An 06 Feabhra 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/3 ar iarratas ó Magyar Nemzeti Bank.
Tuairim BCE maidir le tobhach speisialta d’institiúidí creidmheasa
An 14 Feabhra 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/4 arna hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh as a stuaim féin.
Rialachas corparáideach
Cinneadh BCE maidir le bailiú sonraí arna thuairisciú ag eintitis faoi mhaoirseacht i dtaobh tagarmharcáil luacha saothair agus saothraithe arda
An 29 Eanáir 2024 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2024/2 maidir le tuairisciú faisnéise ag údaráis inniúla náisiúnta chuig an mBanc Ceannais Eorpach maidir le luach saothair, an bhearna phá idir na hinscní, cóimheasa níos airde agus saothraithe arda chun críocha tagarmharcála.
Moladh BCE maidir le hiniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg
An 29 Eanáir 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2024/3 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Banque centrale du Luxembourg.
Cuntais Bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh 2023
An 21 Feabhra 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráitis airgeadais iniúchta an Bhainc Ceannais Eorpaigh le haghaidh bhliain airgeadais 2023. Tá na cuntais bhliantúla, chomh maith le preaseisiúint, le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Ceapachán Chathaoirligh an Choiste Staidrimh (STC) agus Choiste na nIniúchóirí Inmheánacha (IAC)
An 21 Feabhra 2024 cheap an Chomhairle Rialaithe Claudia Mann, Ard-Stiúrthóir Staidrimh an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus Banafsheh Geretzki, Stiúrthóir Iniúchóireachta Inmheánaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ina gCathaoirligh ar an gCoiste Staidrimh agus ar Choiste na nIniúchóirí Inmheánacha faoi seach, le héifeacht láithreach agus go dtí 31 Nollaig 2025, ionas go dtiocfaidh deireadh lena dtéarmaí ag an am céanna leis na Cathaoirligh coiste ar fad eile de chuid CEBC/an Eurochórais a ceapadh nó a athcheapadh i mí na Nollag 2022. Tagann na hainmniúcháin sin sna sála ar chinntí a rinneadh le déanaí maidir le ceapacháin bhainistíochta sa Bhanc Ceannais Eorpach, a cuireadh in iúl trí mheán phreaseisiúintí atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Staidreamh
Measúnú comhlántach costais is tairbhe agus forléargas ar an gCreat Comhtháite Tuairiscithe (CCT)
An 01 Feabhra 2024 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire tuarascáil ina gcuirtear i láthair measúnú comhlántach costais is tairbhe chun aghaidh a thabhairt ar leathnú Rialachán CCT chun ceanglais thír-shonracha a chumhdach, agus thug sí dá haire freisin nóta ina dtugtar forléargas ar thionscadal CCT an Eurochórais. Tá an tuarascáil agus an nóta araon le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Maoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Treoir athbhreithnithe BCE maidir le samhlacha inmheánacha
An 05 Feabhra 2024 níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun treoir athbhreithnithe BCE maidir le samhlacha inmheánacha a fhoilsiú, tar éis ionchorprú na mbarúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí ghaolmhair, mar aon le ráiteas aiseolais ina dtugtar forléargas agus measúnú ar na barúlacha a fuarthas. Tá an treoir agus an ráiteas aiseolais le fáil ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa