Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Athbhreithniú straitéise

Is bonn láidir í an straitéis nua a bheidh ina treoir dúinn i dtaca le riar an bheartais airgeadaíochta sna blianta atá le teacht

Ba é aidhm athbhreithniú straitéise an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chinntiú go bhfuil ár straitéis beartais airgeadaíochta oiriúnach don fheidhm atá aici, inniu agus sa todhchaí.

San athbhreithniú straitéise, cumhdaíodh gach gné dár mbeartas airgeadaíochta laistigh de chreat ár sainordaithe, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choimeád.

D’éisteamar le tuairimí ó gach cearn den Eoraip, lena n-áirítear iad siúd ó shaoránaigh, an lucht acadúil, Feisirí Pharlaimint na hEorpa agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta.

Toradh ár n-athbhreithnithe straitéise

Ráiteas straitéise beartais airgeadaíochta

Léigh ár ráiteas nua straitéise beartais airgeadaíochta.

Ráiteas straitéise beartais airgeadaíochta
Forbhreathnú ar an straitéis beartais airgeadaíochta

Faigh tuilleadh sonraí faoi straitéis nua beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Nóta forléargais
Ráiteas tosaigh agus ceisteanna agus freagraí

Chuir an tUachtarán, Christine Lagarde, agus an Leas-Uachtarán, Luis de Guindos, toradh an athbhreithnithe straitéise i láthair.

Ráiteas tosaigh agus ceisteanna agus freagraí
Faomhann an Banc Ceannais Eorpach a straitéis nua beartais airgeadaíochta

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoina straitéis nua beartais airgeadaíochta.

Preaseisiúint
Cuireann an Banc Ceannais Eorpach plean gníomhaíochta um athrú aeráide i láthair

Chinneamar ar phlean gníomhaíochta chun ceisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide a chuimsiú inár gcreat beartais.

Preaseisiúint

Ábhar cúlra

D’fhoilsíomar roinnt páipéir ócáideacha a raibh ionchur iontu le haghaidh ár n-athbhreithniú straitéise a cuireadh i gcrích le déanaí. Cuimsíonn ár bpáipéir ócáideacha obair ar ábhair a bhaineann lenár bpríomhchúraimí agus lenár bpríomhfheidhmeanna agus dírítear iad ar lucht léitheoireachta leathan.

Léigh na páipéir ócáideacha

Conas a rinneamar an t‑athbhreithniú?

Cad iad na gnéithe ar bhreathnaíomar orthu inár n-athbhreithniú straitéise agus cén fáth? Féach ár gcartúin a léiríonn na srutha éagsúla oibre agus léigh tuilleadh faoi gcúis go bhfuil na gnéithe seo tábhachtach don bheartas airgeadaíochta.

Príomhthopaicí san athbhreithniú straitéise

Athrú aeráide inár straitéis nua

Tá muidne sa Bhanc Ceannais Eorpach ag déanamh ár gcoda chun dul i ngleic le hathrú aeráide laistigh dár sainordú. Chinneamar ar phlean gníomhaíochta ina bhfuil treochlár uaillmhianach chun ceisteanna a bhaineann leis an athrú aeráide a chuimsiú inár gcreat beartais airgeadaíochta.

An t-athrú aeráide agus an Banc Ceannais Eorpach

Preasócáid ar thoradh an athbhreithnithe straitéise

Chuir an tUachtarán Christine Lagarde agus an Leas-Uachtarán Luis de Guindos toradh an athbhreithnithe straitéise i láthair agus d’fhreagair ceisteanna ó iriseoirí.

Preasócáid: breathnaigh arís agus léigh tuilleadh

Gníomhaíochtaí éisteachta ar fud na hEorpa

D’óstáil an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta ar fud an limistéir euro gníomhaíochtaí éisteachta éagsúla leis an bpobal i gcoitinne, le heagraíochtaí ón tsochaí sibhialta agus leis an lucht acadúil. Tá smaointe agus dearcthaí a cuireadh in iúl ag na himeachtaí seo le sonrú san athbhreithniú straitéise.

Forbhreathnú ar gach imeacht éisteachta

D’iarramar do thuairimí – agus chualamar thú!

Thiomsaíomar do thuairimí, do mholtaí agus do chuid ábhar imní ar raon ábhar tríd an tairseach ECB Listens (Éisteann an Banc Ceannais Eorpach) chun tuiscint níos fearr a fháil ar do dhearcthaí ar an ngeilleagar agus ar an méid a bhfuil tú ag súil leis ó do bhanc ceannais.

Éisteann an Banc Ceannais Eorpach

An bhfuil tuilleadh eolais uait?

Cén fáth a ndearnamar athbhreithniú ar ár straitéis? Cad air a mbreathnaíodh san athbhreithniú? Conas a bhí saoránaigh ábalta a dtuairimí a chur in iúl? Léigh na freagraí ar na ceisteanna seo agus tuilleadh.

Ceisteanna agus freagraí